Mórscannán Gaeilge faoin ngorta le taispeáint sna pictiúrlanna

Ón Aoine seo chugainn, beidh ‘Arracht’, scéinséir atá lonnaithe in iarthar na hÉireann le linn an Ghorta Mhóir, le feiceáil ar fud na tíre

Mórscannán Gaeilge faoin ngorta le taispeáint sna pictiúrlanna

Beidh deis ag mórphobal na tíre an scannán Arracht a fheiceáil den chéad uair an tseachtain seo chugainn agus an scannán le taispeáint i bpictiúrlanna.

Ón Aoine, an 15 Deireadh Fómhair, beidh an scannán, scéinséir atá lonnaithe in iarthar na hÉireann le linn an Ghorta Mhóir, le feiceáil ar fud na tíre. Go dtí seo, níor taispeánadh Arracht ach ag féilte scannáin.

Beidh léiriú speisialta den scannán ann Dé Céadaoin i nGaillimh. Beidh réamhthaispeántas chomh maith le seisiún Ceisteanna agus Freagraí le stiúrthóir Arracht, Tom O’Sullivan, ar siúl i bpictiúrlann an Pháláis. Tá ticéid ar fáil anois.

Tá ardmholadh agus gradaim idirnáisiúnta faighte ag an scannán a léiríodh faoi Cine4, scéim atá á maoiniú ag TG4, an BAI agus Fís Éireann chun fadscannáin Ghaeilge a fhorbairt.

Rinne Arracht ionadaíocht ar son na hÉireann ag gradaim Oscar 2020 agus tá céadrogha glactha ag comhlacht léiriúcháin mór le rá i Meiriceá ar an scannán chun leagan ‘Hollywood’ a dhéanamh de.

Ar an láthair i gConamara a rinneadh an scannánaíocht ar fad. Is é Dónall Ó Héalaí as Conamara atá sa phríomhpháirt agus thuill a thaispeántas ainmniúchán do ghradam ‘Star of Tomorrow Screen Daily’. Is é Cúán Mac Conghail ó Macalla Teoranta a stiúir Arracht.

Fág freagra ar 'Mórscannán Gaeilge faoin ngorta le taispeáint sna pictiúrlanna'