Táthar ag moladh do dhaoine lán na súl a bhaint as an spéir anocht mar a mbeidh gealach ghorm ann.
Beidh an mhórghealach seo ina gealach ghorm mar gurb í an dara mórghealach in aon mhí amháin a bheidh ann.
2009 an uair dheireanach ar tharla a leithéid agus ní tharlóidh sé arís go dtí 2037.
Beidh an mhórghealach ghorm le feiceáil anocht, oíche amárach, Dé Céadaoin, agus oíche Déardaoin.
Bíonn cuma níos mó agus níos gile ar an mórghealach agus bíonn mórghealach ann nuair a bhíonn lánghealach ag an bpointe is giorra dá fithis timpeall an domhain.
Ón bhfeiniméan sin a thagann an nath Béarla ‘once in a blue moon’, a chiallaíonn nach dtarlaíonn rud ach uair sna naoi n-aird nó go fíorannamh.
De ghnáth bíonn an ghealach timpeall 384,400 ciliméadar ón domhan ach 357,264 ciliméadar uainn a bhíonn an mhórghealach.
An t-am is fearr le lán na súl a bhaint as an ngealach ghorm anocht ná le héirí na gealaí, sin ó 8.15pm.
Oíche amárach, Dé Céadaoin, beidh an ghealach ina buaic ó 8.35pm agus ó 8.50pm amach an t-am is fearr an ghealach ghorm a fheiceáil Déardaoin.
D’fhéadfadh gur timpeall 20 nóiméad níos déanaí a fheicfidh daoine san iarthar an ghealach ghorm ag éirí.
D’fhéadfadh radharc an-suaithinseach ar fad a bheith sa spéir oíche Dé Céadaoin mar meastar go mbeidh Satarn le feiceáil os cionn na gealaí goirme.
Tá Astronomy Ireland ag moladh do chách lán na súl a bhaint as iontais na spéire sna hoícheanta amach romhainn.
Deirtear gur radharc glan ar fhíor na spéire thoir is fearr chun an ghealach ghorm a fheiceáil.
Beidh an mhórghealach dheireanach den bhliain againn ar an 29 Meán Fómhair – gealach na gcoinleach.
Lillis Ó Laoire
Dá mbeadh an spéir le feiceáil….