Mórán ceachtanna foghlamtha agus cuid eile le foghlaim

Agus an chraobh ag tosú go luath tá cuid mhór foghlamtha ag na bainisteoirí ó shraith iománaíochta na bliana seo

Mórán ceachtanna foghlamtha agus cuid eile le foghlaim

A Iománaithe Aontroma, tréaslaímid libh bhur gcomhscór an Satharn seo caite i gcoinne Loch Garman. Bhí mórán a mbeifeá bródúil as ag baint leis an dtaispeántas seo agus ní hé an chéad uair é i gcluichí sraithe na bliana seo. Agus iad sé chúilín chun deiridh sa chéad leath bhí seans ann go bhfaighidís greadadh ach, mar atá déanta acu ina gcluichí go léir i mbliana, thaispeáin siad mórán féinmhuiníne agus comhimirt den scoth. Ag an deireadh Keelan Molloy a fuair an scór cinniúnach a cinntigh an comhscór, ach bhí laochra acu ar fud na páirce, go háirithe James Mcnaughton agus Conal Cunning. Mar bhónas don chontae bronnadh imreoir PwC GAA/GPA na Bealtaine ar Chiarán Clarke i lár na seachtaine.

Cad a bhí le foghlaim ó chluichí an deireadh seachtaine seo? Bhuel, tá tuilleadh fianaise againn go bhfuil Luimneach ag teacht chucu féin arís agus go mbeidh sé thar a bheith deacair iad a bhualadh i mbliana. Bhíodar beagnach dochloíte sa chéad leath i gcoinne Chorcaí agus gach cuma ar an scéal go bhfuil an dúil chéanna sa bhua i measc na buíne speisialta imreoirí seo agus a bhí riamh. Chruthaíodar níos mó ná 50 deis scórála agus thógadar 33 ceann acu. Dar ndóigh theip orthu cúl a scóráil, ach thugadar teachtaireacht láidir do chách go mbeidh siad i lár an aonaigh arís i mbliana nuair a bheidh an duais mhór á bronnadh

Tá éilitheoirí eile ar an gcoróin ann gan dabht, agus ar bharr an liosta sin tá an Ghaillimh. In aghaidh Phort Láirge thugadar taispeántas a bhí lán de spiorad agus díocas oibre. Chomh maith leis sin, bhí Joe Canning ar ais ar a sheanléim. Bhí tionchar ollmhór aige ar an imirt agus ar thoradh an chluiche. Bhí páirt lárnach aige i dtrí cinn de na ceithre chúl a fuair Gaillimh agus thaispeáin sé go bhfuil sé go maith os cionn a bhuille arís. Agus Brian Concannon, Conor Whelan, Evan Niland agus Cathal Mannion i measc na dtosaithe, tá dóchas san iarthar go mbeidh an Ghaillimh ag an aonach iomána céanna le Luimneach níos déanaí sa samhradh.

Agus céard faoi thaispeántas Phort Láirge sa chéad fiche a cúig nóiméad i gcoinne na Gaillimhe agus preabchúl Shane Bennett? An rud is annamh… Níor mhaith liom féin a bheith ag imirt in aghaidh na nDéise. Tá tallann, luas, spiorad, plean agus féinmhuinín acu.

Sea, tá neart foirne maithe ann agus sula dtiocfaidh imní ar aon duine níl mé ag déanamh dearmad ar Chill Chainnigh ná ar Thiobraid Árann.

Táimid tagtha chuig ceann scríbe ó thaobh cúrsaí sraithe de agus na cluichí deireanacha á n-imirt an deireadh seachtaine seo. Tá mórán foghlamtha ag na bainisteoirí faoi dhéantús a bhfoirne agus an chraobh ar tí tosnú. Caithfidh, mar shampla, go raibh Brian Lohan agus foireann an Chláir sásta lena mbua slachtmhar i gcoinne Átha Cliath seachtain ó shin. Is dócha go bhfeicfimid an fhoireann is fearr atá ag Lohan ag dul chun páirce um thráthnóna i gcoinne sheaimpíní na sraithe 1 B, Cill Chainnigh. Beidh an Clár sa bhfáinne craoibhe i gcoinne Phort Láirge i gceann coicíse.

I Roinn A tá fiúntas sna cluichí go léir a bheidh ar siúl amárach. Ar pháipéar tá seans fós ag  Tiobraid Árann, an Ghaillimh agus Corcaigh críochnú ar bharr na roinne. Beidh na Tiobraid Árannaigh ag taisteal chuig na Déise amárach agus leathshúil ag an bhfoireann baile ar a gcluiche mór i gcoinne an Chláir.

Beidh an Ghaillimh ag dul go dtí Páirc Uí Chaoimh, rud a thugann seans do Chorcaigh a léiriú go bhfuil plean acu a chuirfidh feabhas ar a straitéis pocanna amach, a bhí go hainnis i gcoinne Luimnigh.

Sin é, mórán ceachtanna foghlamtha agus cuid eile le foghlaim an deireadh seachtaine seo.

Fág freagra ar 'Mórán ceachtanna foghlamtha agus cuid eile le foghlaim'