Móramh mór ar son na Gaeilge ‘éigeantaí’ – pobalbhreith nua

De réir pobalbhreith nua a foilsíodh ar maidin tá breis is dhá thrian den phobal ar son na Gaeilge ‘éigeantaí’

Móramh mór ar son na Gaeilge ‘éigeantaí’ – pobalbhreith nua

Tá 64% den phobal ar son stádas na Gaeilge mar chroí-ábhar sa chóras oideachais a fhágáil mar atá, de réir pobalbhreith nua.

De réir na pobalbhreithe a rinne Kantar Millward Brown do Chonradh na Gaeilge, tá breis is dhá thrian den phobal ar son na Gaeilge ‘éigeantaí’.

Léirigh pobalbhreith faoin ábhar céanna a rinne an comhlacht céanna do Tuairisc.ie cúig bliana ó shin gur 55% den phobal a chreid nár cheart aon athrú a dhéanamh ar stádas na Gaeilge mar ábhar ‘éigeantach’ don Ardteist.

Mar chuid den phobalbhreith nua a rinneadh do Chonradh na Gaeilge cuireadh ceist ar os cionn 1,000 duine cé acu ar aontaigh nó nár aontaigh siad leis an áiteamh gur cheart don Ghaeilge a bheith ina croí-ábhar do gach dalta scoile, daltaí Ardteiste san áireamh.

D’aontaigh 33% de na daoine a ceistíodh gur chóir stádas na Gaeilge sa chóras oideachais a fhágáil mar atá agus d’aontaigh 31% go pointe.

Níor easaontaigh go láidir leis an áiteamh ach 6% agus 8% a d’easaontaigh go pointe. Bhí 15% ann nár aontaigh nó nár easaontaigh leis an ráiteas agus ní raibh aon tuairim faoin scéal ag 8%.

60% de dhaoine idir 15-24 bliain d’aois a dúirt gur chóir stádas na Gaeilge sa chóras oideachais a fhágáil mar atá.

Tá ceist stádas na Gaeilge sa chóras oideachais go mór i mbéal an phobail arís le tamall anuas.

Tarraingíodh an cheist isteach sa phlé faoin athbhreithniú a rinneadh ar chóras dhíolúíne na Gaeilge le déanaí agus tá an cheist á plé chomh maith i bhfianaise an athbhreithnithe atá á dhéanamh ag an NCCA ar leagan amach na hArdteiste.

Deirtear sa tuarascáil eatramhach atá curtha amach ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta faoin athbhreithniú sin go bhfuil “mixed views” faighte go dtí seo faoi ar cheart an Ghaeilge a bheith ina hábhar éigeantach don Ardteist.

Deirtear sa tuarascáil nua go bhfuil “go leor” daltaí den tuairim gur chóir ábhar roghnach a dhéanamh den Ghaeilge agus gur luaigh “roinnt” daltaí a thábhachtaí is atá sé “some exposure to the language for students” a choinneáil.

Is í an Ghaeilge an t-aon ábhar atá ‘éigeantach’don Ardteist sa mhéid is go gcaitear staidéar a dhéanamh uirthi mura bhfuil díolúine agat. Níl sé éigeantach scrúdú sa Ghaeilge a dhéanamh.

Tá sé tugtha le fios ag an Aire Oideachais Joe McHugh go gcoinneofar an Ghaeilge mar ábhar éigeantach don Ardteist.

De réir na pobalbhreithe nuafhoilsithe is i mBaile Átha Cliath (71%) agus i gCúige Chonnacht agus Cúige Uladh (73%) is mó a léiríodh tacaíocht do stádas na Gaeilge sa chóras oideachais.

 

Ba sa chuid eile de Chúige Laighean is lú a bhí tacaíocht don Ghaeilge éigeantach. 53% de dhaoine ansin a chreid nár cheart aon athrú a dhéanamh ar stádas na Gaeilge sa chóras. 61% a bhí i gceist i gCúige Mumhan.

Fág freagra ar 'Móramh mór ar son na Gaeilge ‘éigeantaí’ – pobalbhreith nua'

  • Céard le déanamh sa seomra leis an 15% nach naontaíonn

    Cuir ceist ar aon mhúinteoir Gaeilge agus tá triúr nó ceathair i chuile rang a bhfuil ag suí sa rang Gaeilge in aghaidh a dtola agus a mhileann an rang Gaeilge ar na daltaí eile.
    Cén fáth go bhfuil sé comh deacair múinteoirí Gaeilge a fháil? Tá baint ag an doicheall sin atá ag 10-15% des na daltaí roimh na Gaeilge leis an laghad daoine óg a roghnaíonn an Ghaeilge mar ábhar le múineadh. Feiceann siad na deacrachtaí a bhíonn ag múinteoirí Gaeilge agus iad ar scoil.
    Tá sé go brea go bfuil 60% den aoisghrúpa 16-24 ach tá 15% a easaíontaíonn leis an Ghaeilge a bheith éigeantach. Sin le rá go bhfuil ceathrar nó cúigear i rang de 30 daltaí atá ina suí sa rang Gaeilge in aghaidh a dtola. I scoileanna áirithe d’fhéadfadh an triú cuid den rang a bheith in aghaidh na Gaeilge. Smaoinigh ar comh deacair atá sé a bheith id múinteoir Gaeilge má atá deichniúr ina suí ansin ar chúl an ranga iad iaghaidh na Gaeilge agus iad ag cur isteach ar an rang.

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Is fadhb smachta é seo.
    Bíonn daltaí meánscoile i ngach rang nach suim leo an scoil lánstad.
    Ní bhaineann na fadhbanna smachta seo leis an nGaeilge.
    Arís eile cuirtear an locht ar an nGaeilge as teipeanna eile sa chóras agus sa scoil.
    Caithfidh bainistíocht na scoile sin a jab a dhéanamh agus tabhairt faoin bhfadhb seo.

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Tá an phíchairt thuas go hainnis.
    Ní chlúdaíonn an dáth a bhfuil 64% luaite leis 64% den chiorcal!