Móramh aontachtach nó náisiúnach? Vótáil amárach i ndiaidh feachtas leamh

Olltoghchán cinniúnach é an vótáil amárach, i ngeall ar an mBreatimeacht go háirithe, ach ba bheag a shílfeá é

Móramh aontachtach nó náisiúnach? Vótáil amárach i ndiaidh feachtas leamh

Ba dheacair feachtas níos leimhe a shamhlú. Shílfeá go raibh an feachtas i dTuaisceart Éireann plúchta ag easpa anamúlachta Theresa May, mar a dúirt tráchtaire searbhasach abhus. É sin ráite, is cosúil go bhfuil tosaíocht tugtha ag na páirtithe do chlárú vótóirí seachas don bhuaileam sciath, agus do shlógaidh seachas sluaite de lucht canbhásála ar na sráideanna.

Tá béim as cuimse curtha ar an iomaíocht idir dhá bhloc –agus an cheist mhór atá á cur ag na páirtithe ná an ag aontachtaithe trí chéile a bheidh an móramh nó ag náisiúnaithe.

Olltoghchán cinniúnach é an vótáil amárach i ngeall ar an mBreatimeacht, go háirithe, ach ba bheag a shílfeá é.

Cé is moite de chorrbhabhta díospóireachta faoi cheisteanna a bhaineann le Stormont, seachas Westminster, a d’éirigh teasaí, ba iad na póstaeir amháin a mheabhraigh an toghchán dúinn. Bhí tagairtí do na ceisteanna móra sna bileoga a tháinig sa phost ach ní raibh an stocaireacht feiceálach mar is dual dó.

Is é an toghchán seo an ceathrú dreas vótála i dTuaisceart Éireann le bliain agus mí; toghchán an Tionóil sa Bhealtaine anuraidh, an reifreann faoin Aontas Eorpach a fhágáil sa Mheitheamh, toghchán Tionóil eile sa Mhárta i mbliana agus anois é seo.

Bhí méadú mór ar an tinreamh vótála sa Mhárta i measc lucht tacaíochta Shinn Féin go háirithe agus iad spreagtha an athuair mar go raibh poblachtánaithe ag filleadh ar agóidíocht. Bhí faobhar lena bhfeachtas don toghchán sin agus is dócha gur deacair a bheith chomh bríomhar, fuinniúil sin arís.

An mbeidh tinreamh mór ann an t-am seo? Tá os cionn 1.24 milliún ar chlár na vótóirí, 12,000 níos lú ná mar a bhí ar an gclár sa Mhárta.

Baineann an laghdú le heachtrannaigh atá i dteideal vótáil do Stormont ach nach bhfuil cead vótála acu do Westminster.

Rinne na páirtithe obair mhór chun a chinntiú go mbeadh a lucht tacaíochta cláraithe le vótáil; timpeall 6,000 níos mó atá ar an gclár ná mar a bhí don olltoghchán dhá bhliain ó shin. Tá os cionn 35,500 cláraithe le haghaidh vótaí poist nó seachvótáil – tugadh an t-eiteachas do 2,500 iarratas ar na cearta sin.

Measann roinnt saineolaithe gur dhírigh na páirtithe níos mó ar chlárú ná ar an gnáthstocaireacht an t-am seo.

D’fhágfadh sé sin go raibh an fheachtasaíocht déanta seachtainí ó shin. Níl aon amhras ach go raibh oibrithe Shinn Féin ag dul ó dhoras go doras ag gríosadh daoine le clárú agus go raibh cruinnithe ag aontachtaithe i hallaí oráisteacha chun daoine a thabhairt le chéile le clárú.

B’údar conspóide é roimh an vótáil sa Mhárta go bhfuarthas amach go raibh na mílte bainte de chlár na vótóirí mar nár fhreagair siad litreacha ag iarraidh orthu athchlárú.

I dtoghchán an Tionóil sa Mhárta ní raibh an DUP ach 1,168 vóta chun tosaigh ar Shinn Féin. Cor cinniúnach é sin chomh maith leis an móramh i Stormont a bheith caillte ag aontachtaithe. Tá an uimhríocht sin ag croí an olltoghcháin seo agus an dá thaobh ag díriú uirthi go seasta agus le fonn, in ainneoin leimhe an fheachtais.

Tá aontachtaithe an-chorraithe agus an-bhuartha agus iad ag tathant ar a lucht leanúna vótáil d’aontachtaithe amháin agus gan vótáil theaicticiúil a dhéanamh in aon áit.

Údar imní ag a lán is ea é an eagraíocht pharaimíleatach dhílseach an UDA a bheith ag cur a ladar sa toghchán – tráth a bhfuil fíoch marfach ar siúl ag faicsin as an eagraíocht agus beirt fhear dúnmharaithe le cúpla mí anuas.

D’iarr nó d’éiligh an DUP go dtabharfadh gach aontachtach a vóta d’aontachtach chun an móramh a chosaint. Mhol Jackie McDonnell ceannaire an UDA i ndeisceart Bhéal Feirste do dhaoine vótáil d’iarrthóir an DUP, Emma Little Pengelly.

Ar an láimh, eile tá Sinn Féin ag rá lena lucht leanúna ‘go bhfuil a fhios acu anois go bhfuil éifeacht lena vóta’.

Amhail is nach raibh a fhios acu é cheana.

Tá siad ar a ndícheall is cosúil ag iarraidh an bhearna idir iad agus an DUP a shárú. Ina gcraoladh bolscaireachta don toghchán leag siad béim ar an gcaithréim a bhí acu sa Mhárta, iad ag maíomh gur athraigh siad an tírdhreach polaitiúil agus ag tathant ar vótóirí tacú leo chun a thuilleadh athruithe a dhéanamh.

Beidh le feiceáil an éisteoidh na vótóirí leis an teachtaireacht gurb iad an dá dhream mhóra atá tábhachtach.

D’fhágfadh sin an SDLP, an UUP agus Alliance ar an trá fholamh. I bhfianaise neamhfhreastal Shinn Féin ar Westminster d’fhágfadh sé gurb í Sylvia Hermon, an t-aontachtach neamhspleách an t-aon fheisire frith-Bhreatimeachta a bheadh i láthair sa Pharlaimint chun dearcadh an mhóraimh i dTuaisceart Éireann a chosaint.

Ar go leor bealaí ba cheart go mbeadh daoine an-chorraithe faoin gcoimhlint seo; ní léir an imní sin ón bhfeachtas ach b’fhéidir go léireoidh an tinreamh gurb ann dó.

Beidh a fhios againn faoi mhaidin Dé hAoine.

Dá mbeadh lá an-mhaith ag Sinn Féin d’fhéadfaidís Béal Feirste Thuaidh a bhaint den DUP, Fear Manach agus Tír Eoghain Theas a bhaint den UUP agus Feabhal agus An Dún Theas a bhaint den SDLP. D’fhágfadh sin Sinn Féin le hocht suíochán.

Dá mbeadh drochlá, acu choinneoidís na ceithre shuíochán a bhí acu cheana féin.

I gcás an DUP dá mbeadh lá an-mhaith acu bhainfidís Béal Feirste Theas den SDLP, choinneoidís Béal Feirste Thoir agus Béal Feirste Thuaidh agus bhainfidís Aontroim Theas den UUP. D’fhágfadh sin deich suíochán acu.

Dá mbeadh drochlá acu chaillfidís Béal Feirste Thuaidh agus Thoir agus ní bhainfeadh siad aon suíochán breise, rud a d’fhágfadh i dtaobh le sé shuíochán iad agus bheadh ceannaireacht Arlene Foster faoi bhrú.

Fág freagra ar 'Móramh aontachtach nó náisiúnach? Vótáil amárach i ndiaidh feachtas leamh'