‘Mór an náire é’ – de réir na comhairle is déanaí ón Rialtas i nGaeilge níl ‘aon fhianaise ann’ go dtugann masc cosaint duit

Deir an Seanadóir de chuid Fhianna Fáil Lorraine Clifford-Lee go bhfuil sé scannalach bhfuil eolas tábhachtach faoin bpaindéim á chur ar fáil ag an rialtas don phobal i gcéad teanga an stáit

‘Mór an náire é’ – de réir na comhairle is déanaí ón Rialtas i nGaeilge níl ‘aon fhianaise ann’ go dtugann masc cosaint duit

De réir na comhairle sláinte is déanaí i nGaeilge atá á cur ag an rialtas ar an phobal maidir le Covid-19 ní fiú do dhaoine nach bhfuil tinn masc a chaiteamh.

Deir an Seanadóir de chuid Fhianna Fáil Lorraine Clifford-Lee, ball de Choiste Gaeilge agus Gaeltachta an Oireachtais, gur “mór an náire é” go bhfuil comhairle sláinte phoiblí mhíchruinn dá leithéid á cur amach ag an rialtas i nGaeilge.

Faoin chomhairle is déanaí i nGaeilge ar an suíomh gov.ie, maidir le caitheamh mascanna aghaidhe deirtear nach bhfuil “aon fhianaise ann” go mbaineann daoine nach bhfuil tinn tairbhe as masc a chaitheamh.

“Daoine a oibríonn leis an bpobal i gcoitinne, a bhfuil an tsláinte acu agus nach bhfuil aon siomptóim riospráide orthu (mar shampla casacht, fiabhras, giorra anála), ní mholtar dóibh maisc aghaidhe a chaitheamh. Níl aon fhianaise ann go mbaineann daoine nach bhfuil tinn aon tairbhe as maisc a úsáid i suíomh den sórt sin.”

Cé go bhfuil an rialtas ag moladh don phobal mascanna a chaitheamh in áiteanna poiblí agus i gcásanna nach bhféadfaí an scaradh sóisialta a chleachtadh ó mhí na Bealtaine seo caite, níor deineadh aon uasdátú fós ar an chomhairle i nGaeilge faoin cheist.

Dúirt an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee le Tuairisc.ie, go bhfuil cearta teanga a chur ar leataobh ag an Rialtas ó thús na paindéime.

“Is comhairle sláinte phoiblí thábhachtach atá sa chomhairle atá i gceist agus tá sé dochreidte go bhfuil an chomhairle á cur amach go míchruinn i nGaeilge.

“Tá sé scannalach nach bhfuil an rialtas ag comhlíonadh a chuid dualgas maidir le cumarsáid a dhéanamh le muintir na tíre i gcéad teanga an stáit, ” a dúirt an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee.

Dúirt an Seanadóir de chuid Fhianna Fáil gur léir nach raibh “aon suim ag an rialtas freastal ar lucht labhartha na Gaeilge” agus go raibh cearta teanga á gcur “ar leataobh le linn na paindéime”.

Dúirt an Seanadóir Clifford-Lee go mbeadh an scéal á phlé aici le hAire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers, agus leis an Aire Sláinte, Stephen Donnelly.

Dé réir scagadh atá déanta ag Tuairisc.ie, níl ach beagán den ábhar faoin ghéarchéim sa tsláinte phoiblí atá á chur amach ag an Roinn Sláinte agus an Rialtas ar fáil i nGaeilge agus moill mhór leis an ábhar sin.

Ar an phríomhleathanach faoin mhír ‘Comhairle Sláinte’ i mBéarla, tá treoir ann do dhaoine sa chás go mbíonn aon siomptóim Covid-19 orthu, lena n-áirítear ceisteanna amhail an difear idir ‘féinleithlisiú’ agus ‘ná téigh rófhada ón bhaile’.

Ar an leagan Gaeilge den leathanach céanna, tá liosta fós ann d’ocht dtír atá “thíos le leathadh Covid-19” agus iarrtar ar dhaoine iad féin a leithlisiú sa chás go raibh siad ar cuairt ar aon cheann de na hocht dtír sin le gairid.

Ar ndóigh, ní raibh feidhm ar bith leis an chomhairle sin le beagnach sé mhí anuas.

Cé go raibh moill mhór le foilsiú an leagan Gaeilge den ‘Plean maidir le Maireachtáil le COVID-19’, tá sé ar fáil ar shuíomh an rialtais i nGaeilge anois.

Fág freagra ar '‘Mór an náire é’ – de réir na comhairle is déanaí ón Rialtas i nGaeilge níl ‘aon fhianaise ann’ go dtugann masc cosaint duit'