Moonlight in Mayo – muintir Mhaigh Eo ag súil le hathrú poirt eile

Níl a fhios agam an bhfuil mórán i Maigh Eo inniu a bheadh in ann a insint duit cé a bhí ina gcoinne nuair thugadar Corn Mhig Uidhir abhaile leo den dara huair

Moonlight in Mayo – muintir Mhaigh Eo ag súil le hathrú poirt eile

Imreoirí Mhaigh Eo, Seán Flanagan (ar chlé) agus Pádraig Carney (ar dheis) le Corn Mhig Uidhir

Thagair mé an lá faoi dheireadh don chaoi a raibh ar phobal na nDéise a bheith ina suí leis an lá sa gcás go mba í an traein an córas taistil a bhí acu an Domhnach ar imríodh Cluiche Ceannais Iomána na hÉireann 1959. Bhuel ní raibh bodhránacht an lae féin tagtha nuair a d’fhág bunáite mhuintir Mhaigh Eo an contae sin le dhul chuig an gcluiche ceannais peile trí scór go leith bliain ó shin – ba ag 5.40am a d’fhág an traein ba thúisce stáisiún Bhéal an Átha ar an 24 Meán Fómhair 1950.

Níl a fhios agam an bhfuil mórán i Mhaigh Eo inniu a bheadh in ann a inseacht duit cé a bhí ina gcoinne an lá údaí ar thugadar Corn Mhig Uidhir abhaile leo den dara huair – ba i 1936 a rinneadar an gaisce don chéad uair nuair a bhuadar ar Laois. Contae Lú a bhí ina gcoinne agus leath an chéid seo caite sroichte.

Cé nach raibh baol ar an oiread céanna fulaingthe déanta ag lucht a leanta an uair sin agus atá ag a leathbhádóirí faoi láthair, bhíodarsan freisin ag éirí bréan den aistear abhaile ar phócaí folmha. Bhí Craobh Chonnacht buaite acu trí huaire as a chéile, ach iad sáraithe ag contae na Mí i gCluiche Leathcheannais 1949 agus ag an gCabhán i mbabhta ceannais 1948.

Ar chúis éicint fuair Maigh Eo áit gan choimhlint i gCluiche Ceannais Chonnacht i 1950, rud a d’fhág nuair a bhuaigh siad ar chraobhairí Uladh, Ard Mhacha , go raibh siad ag tabhairt aghaidh ar an lá mór agus gan imeartha acu ach dhá uair an chloig peile.

Deich gcinn de chúilíní, b’in eile a raibh géillte acu san achar sin, rud a d’fhág fíoriontas ar an gcontae fré chéile nuair a fógraíodh seachtain na himeartha go raibh athrú le déanamh ar an té a bheadh idir na postaí sa gcluiche ceannais – Billy Ó Duarcáin as Béal Átha na Muice le bheith istigh in áit Seán Wynne.

Ar imeall na cearnóige taobh amuigh dó bhí Paddy Prendergast, an t-aon duine d’fhoireann Mhaigh Eo 1950 atá fós ina bheatha. Ba as Baile an Tobair, paróiste dúchais Chillín agus Dhiarmuid Uí Chonchubhair, Prendergast ach siocair é a bheith lonnaithe mar bhall den Gharda Síochána ar an gClochán Liath, ba don chlub sin a bhí sé ag imirt. Go deimhin d’imir sé dó Dhún na nGall i gCraobh Uladh 1946, sular chaith sé geansaí an chontae inar saolaíodh é.


Ba thráth an ama sin freisin a bhuaigh foireann cháiliúil Ghaoth Dobhair na ceithre Chraobh Contae as a chéile (1944-1947) agus tá cuimhne ghléineach ag Paddy ar a chuairteanna go Machaire Gathláin. D’fhreastail sé ar aifreann i nGaoth Dobhair maidin Dhomhnaigh amháin sular tosaíodh ar an imirt – an t-aon uair ina shaol a bhfaca sé liathróid pheile leagtha ar an altóir, a deir sé!

Bhí lucht leanta Mhaigh Eo thar a bheith díomuach faoina laghad ticéad seastáin a tháinig chuig an gcontae – gearán ag an nuachtán an Western People nach dtáinig ar fad ach 250 ticéad d’Ardán an Chíosógaigh agus 50 d’Ardán an Ógánaigh cé go raibh 6,000 suíochán iontu eatarthu. Fós bhí beagán os cionn 76,000 duine i láthair nuair a scóráil an bheirt ab óige ar an bpáirc cúil an bhua do Mhaigh Eo (2-5, 1-6) , Peter Solan (21) as Oileán Éadaí agus Mick Flanagan (22) as Caisleán an Bharraigh.

Ní móide ach go mba Maigh Eoch freisin a bhí i ngarda na traenach agus an fhoireann ag fágáil stáisiún Rae an Iarthair ag am lóin lá arna mhárach – bhí an bhratach uaine agus an ceann dearg crochta i leathlámh dá chuid agus é ag baint ceoil as an bhfeadóg.

Ní raibh moill ar bith ag baint leis an gcuid ba thúisce den turas abhaile, ach níorbh é sin don dara leath. Ar shroichint bhaile Ros Comáin don traein tháinig roinnt d’imreoirí Ros Comáin a d’imir in aghaidh Mhaigh Eo i gcluiche ceannais Chonnacht ar bord lena gcomhghairdeas a chur in iúl agus nach mba dheas uathu sin a dhéanamh.

Bhí sé a hocht a chlog tráthnóna agus an dorchadas tite nuair a thrasnaigh siad teorainn a gcontae féin. I mBéal Átha hAmhnais ba thúisce a stop siad, as sin go Clár Chlainne Mhuiris, go Balla agus Maigh Nulla gur bhaineadar Caisleán an Bharraigh amach faoi dheireadh.

Casadh Amhrán na bhFiann, fógraíodh sláinte a raibh i láthair agus a sláinte siúd nach raibh agus bhí fonn eile faoi réir ag an mbanna ceoil a bhí thar a bheith feiliúnach – Moonlight in Mayo.

Bhí fanacht scór bliain eile ann sula dtiocfadh na Sawdoctors ar an saol!

Fág freagra ar 'Moonlight in Mayo – muintir Mhaigh Eo ag súil le hathrú poirt eile'