‘Monopoly’ dátheangach do Chontae na Gaillimhe seolta i gConamara

Seoladh leagan réigiúnach den chluiche clúiteach Monopoly i Mainistir na Coille Móire i gConamara inniu. Tá an clár, na cártaí agus rialacha an chluiche i nGaeilge agus i mBéarla araon, a bhuíochas do Ghaillimh le Gaeilge agus Glór na nGael

Monopoly

Tá an Ghaeilge le feiceáil ar an leagan is deireanaí den chluiche iomráiteach boird Monopoly a seoladh i Mainistir na Coille Móire i gConamara ar maidin.

Ní ach leathbhliain imithe tharainn ó chuir Glór na nGael an leagan lán-Ghaeilge den ‘chluiche réadmhaoine trádála gasta’ amach agus seo chugainn anois cluiche na Gaillimhe, atá dátheangach, agus é ar fáil i siopaí bréagán timpeall an chontae agus in áiteanna eile timpeall na tíre chomh maith le Amazon.com.

Is í Mainistir na Coille Móire féin an láthair is costasaí ar an gclár agus luach €400 uirthi. Tá Ionad Eachtraíochta Delphi agus Tigh Standúin an Spidéil i measc na láithreacha eile ar féidir iad a cheannach sa chluiche.

Reáchtáladh suirbhé poiblí an bhliain seo caite nuair a fógraíodh ar dtús go mbeadh Contae na Gaillimhe le cur ar chlár Monopoly den chéad uair agus ba le vóta poiblí a socraíodh cé na háiteanna a bheadh san áireamh sa chluiche nua.

“Tá an-ríméad go deo orainn gur anseo i Mainistir na Coille Móire atá Monopoly Chontae na Gaillimhe á sheoladh go hoifigiúil. Tá an-ghean ar an gcluiche clúiteach seo ag teaghlaigh ar fud na hÉireann agus is iontach an rud é go bhfuil leagn réigiúnach anois ann.

“Agus is é an sméar mhullaigh dúinne gur ainmníodh an Mhainistir anseo mar ‘Mayfair Chontae na Gaillimhe’,” a dúirt Pat Lavelle, Príomhfheidhmeannach na mainistreach.

Ba é an t-eagras Gaillimh le Gaeilge, a chuireann an teanga chun cinn sa chathair, a chinntigh go mbeadh an Ghaeilge san áireamh ar leagan an chontae Gaeltachta. D’oibrigh an t-eagras i gcomhpháirt le Glór na nGael, a chuir Gaeilge ar rialacha agus clár Monopoly níos túisce i mbliana, ar aistriú an chluiche.

“Tá an-áthas ar Ghaillimh le Gaeilge a bheith páirteach i gcluiche Monopoly na Gaillimhe. Ó tharla go bhfuil an leagan seo den chluiche dátheangach tá cuma níos Gaillimhí fós air, agus níos tábhachtaí ná sin, is breá le custaiméirí na hÉireann é nuair a fheiceann siad a dteanga féin in úsáid!

“Comhghairdeachas le lucht déanta Monopoly agus go n-éirí go geal leis an gcluiche dátheangach seo,” a dúirt an Dr Iognáid Ó Muircheartaigh, cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge.

Tá an Ghaeilge le léamh ar chuid de na cearnóga ar an gclár imeartha – ‘sa phríosún’, ‘bailigh tuarastal €200 nuair a théann tú thar bráid’ agus ‘páirceáil saor in aisce’ ina measc – agus ar na cártaí ‘Deis’ agus ‘Ciste an Phobail’ freisin.

Tá téama Gaillimheach ag gabháil leis na cártaí imeartha sin freisin – tugtar ticéid chuid Rásaí na Gaillimhe mar shampla.

Is iad Winning Moves a rinne eagrán na Gaillimhe faoi cheadúnas Hasbro, úinéirí an chluiche Monopoly.

Fág freagra ar '‘Monopoly’ dátheangach do Chontae na Gaillimhe seolta i gConamara'

  • maire

    ca bfuil monopoly chondae na gaillimhe le ceannacht. muid ag tnua go mor leis !!