Tá daoine le Gaeilge á lorg chun a bheith ina moltóirí ar taispeántas eolaíochta agus teicneolaíochta do ghasúir bhunscoile.
Tá na moltóirí á lorg do ‘Bleaist Eolaíochta ESB’, a bheidh á reáchtáil san RDS i mBaile Átha Cliath an bhliain seo chugainn.
Cláir oideachais eolaíochta atá i gceist leis an Bleaist Eolaíochta, an clár is mó dá leithéid sa tír agus é mar sprioc aige daoine óga a chur i mbun na n-ábhar Eolaíochta, Teicneolaíochta, Innealtóireachta agus Matamaitice (ETIM)
Bíonn an rang iomlán páirteach i bhfiosrú na heolaíochta atá taobh thiar de cheist shimplí agus ansin iarrtar orthu taispeántas a dhéanamh dá gcuid oibre ar cheann de thrí imeacht bhliantúla.
Tá lá speisialta eagraithe mar chuid den chlár chun freastal ar scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge agus tá moltóirí á lorg chun páirt a ghlacadh.
“Creidim go bhfuil an Ghaeilge agus an teicneolaíocht araon ana-thábhachtach do todhchaí an Stáit, agus go bhfuil tionchar ag an dá rud ar a chéile,” a dúirt Aonghus Ó hAlmhain, duine de mholtóirí na bliana seo caite.
“Le roinnt blianta anois tá lá ar leith á eagrú acu do na scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna. Bhí breis agus céad ochtó seastán ann nuair a bhí mé ann mar mholtóir i Márta 2024.”
Na daltaí féin a roghnaíonn an t-ábhar ba mhaith leo a fhiosrú agus a thaispeáint agus deir Ó hAlmhain go mbíonn gach rud “ón gcré fúinn go dtí an spás os ár gcionn” á bplé.
“Ní breith atá i gceist leis an moltóireacht – ní comórtas atá i gceist. Feidhm an mholtóra ná na daltaí a spreagadh, a bhfiosracht a chothú agus iad a neartú i gcur i gcrích an mhodh eolaíochta,” a deir sé.
“Spreagtar iad nuair a thugann duine fásta, nach múinteoir ná tuiste iad, aird ar a gcuid oibre, ag cuir ceisteanna agus á phlé leo. De bharr mo chúlra féin, is tograí a bhain leis an spás a ndearna mé moltóireacht orthu, ach bhí réimse leathan ann.”
Beidh ócáid na bliana seo á reáchtáil ar an 6 Márta 2025 ach tá go dtí an Aoine beag seo, an 15 Samhain, ag daoine le spéis a léiriú moltóireacht a dhéanamh ag an Bleaist Eolaíochta.
Fág freagra ar 'Moltóirí le Gaeilge á lorg do thaispeántas eolaíochta do leanaí bunscoile'