Moltar an t-éileamh ar Acht Teanga a dhíriú ar Westminster i bhfianaise ráiteas Gregory Campbell

Deir gur cheart brú a chur Westminster faoi Acht Teanga i ndiaidh do Gregory Campbell a mhaíomh nach dtacóidh le reachtaíocht don Ghaeilge

Moltar an t-éileamh ar Acht Teanga a dhíriú ar Westminster i bhfianaise ráiteas Gregory Campbell

Fágann ráiteas a rinne Feisire Parlaiminte de chuid an DUP faoi Acht Gaeilge, gur chóir an t-éileamh ar reachtaíocht teanga don tuaisceart a dhíriú ar Westminster.

B’in a bhí le rá ag Stiúrthóir an ghrúpa stocaireachta POBAL, Janet Muller, faoi mhaíomh Gregory Campbell nach dtacódh an DUP le hAcht Teanga.

Dúirt Campbell gur thacaigh sé le cur chuige cheannaire an DUP Arlene Foster i leith na Gaeilge ach nárbh ionann an cur chuige sin agus tacú le hAcht Gaeilge.

An tseachtain seo caite, bhuail Arlene Foster le Conradh na Gaeilge agus le POBAL agus iarracht ar bun aici teacht ar thuiscint níos fearr ar ar chás na Gaeilge agus ar chultúr na teanga.

Dúirt Campbell, áfach, nach raibh aon “mhaolú” tagtha ar pholasaí an DUP i leith cheist an Achta Teanga.

Mhaígh sé go dtacaíonn an DUP leis an nGaeilge ach ní le hAcht Gaeilge.

“Má tá an dream atá ag éileamh Acht Teanga ag brath ar thacaíocht an DUP, is féidir liom a rá go cinnte leo nach bhfaighidh siad an tacaíocht sin. Tabharfar tacaíocht dóibh ar mhaithe leis an teanga ach ní don Acht. Bhí plé go minic agam féin, ag Arlene agus ag daoine eile le daoine a labhraíonn an Ghaeilge agus ní theastaíonn Acht Teanga,” a dúirt Campbell.

Dúirt Janet Muller gur tháinig ráiteas Campbell “salach ar fad” ar an “ceol atmaisféir’ ag Arlene Foster an tseachtain seo caite. 

“Más fíor dó [Greogory Campbell] go bhfuil cinneadh glactha ag an DUP bac a chur le hAcht Gaeilge arís, caithfear brú a chur ar Westminster,” a dúirt Muller.

Dúirt sí go gcaithfeadh pobal na Gaeilge “samhail reachtaíochta a éileamh” a bheadh oiriúnach do “chomhthéacs achrannach na sé chontae”, a thabharfadh cosaint don teanga agus a chinnteodh go gcuirfí seirbhísí i nGaeilge ar fáil.

Níos luaithe an mhí seo, thug Arlene Foster le fios go raibh sí sásta casadh le cainteoirí Gaeilge in iarracht teacht ar ‘thuiscint níos fearr’ ar an teanga agus an ‘cultúr’ a bhaineann léi.

Ba mar chuid den iarracht sin a chas Foster an tseachtain seo caite le Conradh na Gaeilge agus Pobal.

Thug ceannaire an DUP cuairt chomh maith ar Our Lady’s Grammar School ar an Iúr agus ghabh sí buíochas as Gaeilge le foireann na scoile as an bhfáilte a cuireadh roimpi. Dúirt sí gur bhain ‘tógáil chroí’ leis an ócáid sin.

Le linn an fheachtais toghchánaíochta ó thuaidh, chuir Arlene Foster Sinn Féin i gcomparáid le crogaill a bhíonn de shíor ag iarraidh.

Bhain conspóid mhór lena ráiteas faoi Shinn Féin agus a n-éileamh ar Acht Teanga don Tuaisceart.

Dúirt sí an uair sin nach mbeadh aon ghlacadh go deo ag an DUP le hAcht Gaeilge.

B’údar dóchais do Chonradh na Gaeilge, áfach, gur phléigh Foster agus ionadaithe an DUP  leo an tseachtain seo caite “le hábhar an Achta Teanga”.

“Bhí siad sásta labhairt faoi ábhar an Achta agus bhí go leor ceisteanna acu faoi cad a bheadh san Acht dá dtabharfaí isteach é. Is céim an-dearfach chun cinn an méid sin,” a dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn.

Fág freagra ar 'Moltar an t-éileamh ar Acht Teanga a dhíriú ar Westminster i bhfianaise ráiteas Gregory Campbell'