Moltaí nua curtha faoi bhráid na Comhairle Contae ag Island Ferries Teo

Moltar gur €0.40 an paisinéir a íocfaidh an comhlacht leis an gComhairle don tréimhse 2012-2016 agus gur €0.55 in aghaidh an phaisinéara a íocfar feasta

Moltaí nua curtha faoi bhráid na Comhairle Contae ag Island Ferries Teo

Tá moltaí nua curtha faoi bhráid Chomhairle Chontae na Gaillimhe ag Island Ferries Teo maidir leis an aighneas faoin tseirbhís farantóireachta ó Ros an Mhíl go Cill Rónáin.

Moltar gur €0.40 an paisinéir a íocfaidh an comhlacht sna haisíocaíochtaí atá dlite ag an gComhairle Contae don tréimhse 2012-2016 agus gur €0.55 in aghaidh an phaisinéara a íocfar feasta.

Maíonn Island Ferries Teo go bhfágfadh an socrú seo go mbeadh an comhlacht in ann €300,000 i dtáillí a aisíoc leis an gComhairle chomh maith le costais dlíodóirí €500,000, a bhain le cásanna cúirte faoin aighneas, a ghlanadh.

Tá sé ráite ag Príomhfheidhmeannach na Comhairle Contae, Kevin Kelly, cheana féin nach bhféadfadh an Chomhairle an táille a athrú faoi théarmaí na bhfodhlíthe atá i réim. Dá nglacfadh an Chomhairle Contae le laghdú ar an táille, chaithfí fodhlíthe nua a dhréachtú agus a chur faoi bhráid na gComhairleoirí Contae.

€0.80 an paisinéir an táille atá á lorg ag an gComhairle, i gcás na n-aisíocaíochtaí agus na dtáillí a bheidh le híoc amach anseo.

Chuir Island Ferries Teo a seirbhís farantóireachta go hInis Mór, Árainn, ar ceal ar feadh aon lae amháin ag tús na míosa, agus iad ag éileamh go laghdófaí an táille in aghaidh an phaisinéara ó 80 cent go 40 cent.

Meastar gur beag fonn a bheadh ar chuid mhaith Comhairleoirí tacú le haon athrú ar na fodhlíthe. Bhí an Comhairleoir Jim Cuddy ar dhuine de na Comhairleoirí ba láidre a labhair amach faoi cheist na dtáillí níos luaithe an mhí seo.

“Thug Island Ferries an Chomhairle Contae go dtí na cúirteanna is cumhachtaí sa tír agus chuireadar costas trom ar an gComhairle.   Bhí Island Ferries caillteach sna cúirteanna agus tá siad ar ais anois chugainn ag iarraidh go gcuirfí laghdú ar an dleacht,” a dúirt an Comhairleoir Cuddy.

Dúirt an Comhairleoir James Charity – ar abhcóide é féin – go raibh breithiúnas na gcúirteanna “soiléir agus daingean”.

Cuireadh cás na dtáillí faoi bhráid na hArd-Chúirte agus na Cúirte Uachtaraí agus rialaíodh go raibh sé de cheart ag an gComhairle iad a ghearradh.

“Bhí an chúirt ab airde ó thaobh stádais sa Stát sásta go raibh sé d’údarás ag an gComhairle Contae fodhlíthe maidir le dleachtanna a chur i bhfeidhm i gcás mar seo.

“Dúradh freisin go raibh an Chomhairle Contae tar éis dul de réir na rúibricí i gceart agus go raibh an táille a bhí á ghearradh réasúnach,” arsa an Comhairleoir Charity.

Fág freagra ar 'Moltaí nua curtha faoi bhráid na Comhairle Contae ag Island Ferries Teo'