Moltaí nua ar an mbealach ó NPHET agus ceannas Omicron roimh Nollaig á thuar

Deir an Tánaiste Leo Varadkar ‘gur údar frustrachais, gruaime agus díomá é’ go gcaithfidh an Rialtas ‘cúrsa a athrú’ toisc an Omicron a bheith ag scaipeadh go tréan sa bpobal le laethanta beaga anuas

Moltaí nua ar an mbealach ó NPHET agus ceannas Omicron roimh Nollaig á thuar

Gach seans go n-iarrfar ar a thuilleadh daoine a bhíonn i ngartheagmháil le duine ag a bhfuil an Covid-19 tolgtha fanacht sa mbaile agus srian a chur lena gcuid gluaiseachtaí sna moltaí nua atá le déanamh ag an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (Nphet).

Tá na hathruithe seo ar a gcomhairle le déanamh ag NPHET agus é ina imní faoi scaipeadh rábach an Omicron.

Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar gur dóigh leis gurb é an cineál Omicron den choróinvíreas a bheidh ceannasach roimh Lá Nollag.

Dúirt an Tánaiste “gur údar frustrachais, gruaime agus díomá é” go gcaithfidh an Rialtas “cúrsa a athrú”  toisc an Omicron a bheith ag scaipeadh go tréan sa bpobal le laethanta beaga anuas.

Níltear ag súil go molfaidh NPHET na rialacha ar an taisteal idirnáisiúnta a ghéarú, ach tá an líon teaghlach a gceadaítear dóibh cruinniú le chéile san aon teach amháin á scrúdú ag NPHET. Faoi láthair moltar nár chóir a bheith le chéile sa teach ach muintir an tí agus trí líon tí eile.

Meastar go n-iarrfar ar aon duine a bhíonn i dteagmháil le duine taobh amuigh den teaghlach ag a bhfuil an Covid-19 tolgtha fanacht sa mbaile fiú mura bhfuil aon chomharthaí sóirt den víreas air agus an vacsaín iomlán faighte aige. D’fhéadfadh na mílte a bheith sa gcás sin i rith na Nollag agus na hathbhliana agus iad cuibhrithe sa mbaile ar feadh chúig lá.

Faoi na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair, an duine a bhfuil na vacsaíní ar fad faighte aige agus nach bhfuil in aon tíos leis an té a bhfuil an víreas air, ní gá dó fanacht sa mbaile mura bhfuil aon chomharthaí sóirt air.

Ina ionad sin is amhlaidh a sheolann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte trí thástáil antaigine chuige agus déanann sé na trí thástáil air féin agus dhá lá idir gach ceann acu.

Amárach a bheidh NPHET ag teacht le chéile agus chuir an Tánaiste in iúl go bhféadfadh go mbeadh cruinniú ag an Rialtas roimh an deireadh seachtaine leis na moltaí nua a phlé.

Dúirt Leo Varadkar chomh maith go mbeadh tionchar ag an gcineál nua den choróinvíreas ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte fiú más fíor na tuairiscí a deir nach mbíonn daoine chomh tinn céanna leis an Omicron.

Mura bhfuil sé leath chomh dona leis an Delta ach é i bhfad níos tógálaí, cuirfidh sé as don tseirbhís sláinte, a deir sé.

Tugann na sonraí is deireanaí atá ar fáil le tuiscint gur omicron atá i gceist i 14% de na cásanna coróinvíris in Éirinn ag an tráth seo.

Fág freagra ar 'Moltaí nua ar an mbealach ó NPHET agus ceannas Omicron roimh Nollaig á thuar'