Deir an eagraíocht stocaireachta POBAL go léiríonn an t-eolas a sceitheadh leis na meáin faoin idirbheartaíocht idir Sinn Féin agus an DUP maidir le hathbhunú fheidhmeannas Stormont naimhdeas an DUP don Ghaeilge.
Dúirt Janet Muller, Stiúrthóir POBAL, go bhfuil na moltaí sa dréachtmhargadh i dtaobh na reachtaíochta Gaeilge “rólag”.
“Tá sé soiléir gur cuireadh cuid mhaith oibre isteach sa doiciméad agus is léir go bhfuil easaontas ann go fóill faoi cad é go díreach a bhí aontaithe. Sa rannóg a bhaineann le [cúrsaí] teanga, áfach, níl ann ach moltaí atá rólag leis an Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn i gcomhthéacs na sé chontae, mar gheall ar an dubhfhuath atá ag roinnt aontachtaithe don teanga féin.
“Ní mholtar cearta ráthaithe a chruthú do phobal na Gaeilge, agus is ceist fhíorbhunúsach í seo. Chomh maith, in áit feidhmeanna, dualgais agus cumhachtaí soiléire a mholadh do Choimisinéir na Gaeilge, bheadh ar an Oifig an dá thrá a fhreastal. Bheadh uirthi teacht ar chomhaontú le ranna rialtais faoi cad é a bhí le déanamh acu, agus ansin, bheadh uirthi ról póilíneachta a imirt maidir leis an gcomhaontú céanna,” a dúirt Stiúrthóir POBAL.
Dúirt Janet Muller freisin go bhfágfadh na moltaí go mbeadh “bealach chun tosaigh an achta” ag brath ar chur chuige a bheadh comhaontaithe ag an gCéad-Aire agus an LeasChéad-Aire.
“I bhfianaise na n-ionsaithe leanúnacha ar aon soláthar do phobal na Gaeilge, ar an teanga féin agus go deimhin ar an phrácás sna cainteanna le seachtain anuas, tá a leithéid de mholadh díchéillí ar fad. Ón tús, dúirt POBAL nach ndéanfadh reachtaíocht lag ach teannas agus frustrachas a chruthú agus is oth linn gurbh amhlaidh a bheadh sé dá gcuirfí na moltaí seo i bhfeidhm.’
D’fhoilsigh an t-iriseoir Eamonn Mallie tuilleadh sonraí tráthnóna inné faoin dréachtmhargadh a deir sé a chuir an DUP faoi bhráid Shinn Féin Dé hAoine an 9 Feabhra, cúig lá sular fhógair ceannaire an DUP Arlene Foster go raibh teipthe ar an mbabhta cainteanna is déanaí faoi athbhunú Stormont toisc easaontas a bheith ann faoi cheist an achta Ghaeilge.
De réir eolais a d’fhoilsigh an t-iriseoir agus staraí Eamonn Mallie, ní raibh aon rud fágtha le haontú sa dréachtmhargadh maidir le hathbhunú an fheidhmeannais ach roinnt ceisteanna faoi chúrsaí friotail agus faoin gcineál teanga a d’úsáidfí leis an margadh a chur i láthair an phobail.
Sa tuairisc is déanaí aige faoin dréachtmhargadh, áfach, deir Mallie go bhfuil lúibíní cearnógacha timpeall ar an gcuid den cháipéis a bhaineann le ceist an achta Ghaeilge, rud a chiallaíonn go raibh tuilleadh plé fós le déanamh faoin ábhar sin.
Mar a tuairiscíodh cheana, bhí trí phíosa reachtaíochta i gceist leis an socrú mar gheall ar chúrsaí teanga – acht Gaeilge, acht Ultaise agus acht dar teideal an Respecting Language and Diversity Act.
Maíonn Mallie go raibh aontú sa dréachtmhargadh faoi na struchtúir nua agus an dréachtreachtaíocht ar fad a theastódh chun na hachtanna éagsúla a thabhairt isteach in éineacht. Cé go mbeadh na hachtanna ag tagairt dá chéile, achtanna neamhspleácha a bheadh iontu.
Maítear go raibh láraonad aistriúcháin don státseirbhís agus seirbhís aistriúcháin comhuaineach do thionól Stormont i measc na rudaí a aontaíodh sa dréachtmhargadh.
De réir eolais atá curtha ar fáil cheana féin ag Sinn Féin faoin dréachtmhargadh, aontaíodh chomh maith go mbeadh stádas oifigiúil ag an nGaeilge, go gceapfaí coimisinéir teanga agus go gcuirfí deireadh le hAcht 1737 a chuireann cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna.
D’fhógair Arlene Foster Dé Céadaoin seo caite go raibh teipthe ar na cainteanna maidir le hathbhunú fheidhmeannas Stormont mar gheall ar an easaontas idir an DUP agus Sinn Féin faoi cheist an achta Ghaeilge.
Deir Sinn Féin gur éirigh leo dréachtmhargadh maidir le hathbhunú Stormont a aontú leis an DUP sular theip ar na cainteanna agus go raibh acht teanga don Ghaeilge amháin san áireamh sa mhargadh sin, rud atá séanta ag Arlene Foster agus an DUP.
Maítear go raibh cruinniú beartaithe ag an DUP agus Sinn Féin don lá céanna, an 12 Feabhra, chun roinnt ceisteanna faoin dréachtmhargadh a phlé ach nár tharla an cruinniú sin.
Sna laethanta roimhe sin, neartaigh ar an tuairimíocht go dtiocfaí ar réiteach i Stormont a mbeadh acht don Ghaeilge amháin mar chuid de agus b’amhlaidh gur threisigh ar an míshuaimhneas i measc aontachtaithe faoin margadh.
Mhúscail scéalta sna meáin faoi shonraí an dréachtmhargaidh freagairt bhorb ó aontachtaithe agus polaiteoirí aontachtacha agus meastar gur tháinig athrú intinne dá bharr ar cheannairí agus ar lucht idirbheartaíochta an DUP maidir leis an margadh a chur i láthair bhaill agus chosmhuintir an pháirtí.
Éamonn Ó Gribím
Acht Béarla anois!