Moltaí le déanamh faoi dheireadh maidir le leasú ‘díolúine na Gaeilge’ sa chóras oideachais

Tá dréachtchiorclán á réiteach faoi láthair ag an Roinn Oideachais maidir le ceist dhíolúine na Gaeilge agus leasú le déanamh ar an gcóras conspóideach

Moltaí le déanamh faoi dheireadh maidir le leasú ‘díolúine na Gaeilge’ sa chóras oideachais

Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

15 bliain i ndiaidh don Roinn Oideachais a thabhairt le fios go rabhthas chun tús a chur le hathbhreithniú ar dhíolúine na Gaeilge mar ábhar scrúdaithe, beidh moltaí á gcur chun cinn go luath acu maidir le leasú a dhéanamh ar na cúiseanna a gceadaítear díolúine do dhaltaí ó scrúdú Gaeilge na hArdteiste.

Dúirt an Roinn Oideachais le Nuacht TG4 go raibh dréachtchiorclán á réiteach faoi láthair acu maidir le ceist dhíolúine na Gaeilge agus go raibh sé i gceist acu é a fhoilsiú “a luaithe agus ab fhéidir” in 2018.

Tá sé i gceist chomh maith ag an Roinn próiseas comhairliúcháin phoiblí a chur ar bun maidir leis na hathruithe atá beartaithe sa dréachtchiorclán a bhaineann leis an díolúine. Thug an Roinn le fios chomh maith go bhfoilseofar gan mhoill an tuarascáil ar tosaíodh an plé ina taobh ag deireadh na nóchaidí den chéad seo caite. ‘Athbhreithniú ar Pholasaí agus ar Chleachtais na Díolúine ón Ghaeilge’ is teideal don tuarascáil sin agus tá sé i gceist í a fhoilsiú go luath in éineacht leis an dréachtchiorclán faoin díolúine. Cuirfear tús ansin, a deir an Roinn, leis an bpróiseas comhairliúchán.

Cé gur ag deireadh na nóchaidí den chéad seo caite a thosaigh an chaint faoi athbhreithniú a dhéanamh ar an díolúine, is cosúil gur beag dul chun cinn a deineadh le blianta fada. Nuair a rinne Tuairisc.ie iarratas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise in 2014 ar aon taifid a bhain leis an athbhreithniú sin, cuireadh in iúl nárbh ann do cháipéisí ar bith a bhain le hábhar agus go gcaithfí diúltú don iarratas dá réir.

Tá líon na ndaoine a fhaigheann díolúine ón nGaeilge don Ardteist de bharr deacrachtaí foghlama ina ábhar conspóide le fada agus conspóid go háirithe faoi líon na ndaoine a fhaigheann díolúine ar an mbonn sin ach a dhéanann staidéar ar theangacha eile.

Rinne 41% de dhaltaí Ardteiste na bliana seo caite a raibh díolúine ón scrúdú Gaeilge acu de bharr deacrachtaí foghlama scrúdú i dteanga Eorpach eile.

De réir eolas a fuair Tuairisc.ie ón Roinn Oideachais bhí díolúine ó scrúdú Ardteistiméireachta na Gaeilge in 2017 ag 5,954 dalta, agus chláraigh 2,408 dalta acu sin chun teanga Eorpach eile a dhéanamh san Ardteist.

Méadú beagnach 100% é sin le deich mbliana anuas ar líon na ndaltaí nach ndearna scrúdú Ardteiste i nGaeilge ach a rinne scrúdú i nuatheanga Eorpach eile, chomh maith leis an mBéarla.

Ní dhearna beagnach duine as gach cúigear an Ghaeilge in aon chor d’Ardteist na bliana seo agus bhí díolúine ag formhór acu sin.

Bunaithe ar líon na ndaoine ar theip orthu i scrúduithe Gaeilge na hArdteiste anuraidh agus líon na ndíolúintí, níor chruthaigh 20% d’iarrthóirí Ardteiste 2017 go raibh bunchumas sa Ghaeilge acu agus iad ag fágáil an chórais iarbhunscoile, is é sin 12,600 dalta.

Fág freagra ar 'Moltaí le déanamh faoi dheireadh maidir le leasú ‘díolúine na Gaeilge’ sa chóras oideachais'