Moltaí fiúntacha déanta chun aghaidh a thabhairt ar ‘siamsaíocht chúirte’ agus ‘miotais faoin éigniú’

Tríd is tríd aithnítear i dtuarascáil nua an tábhacht atá le dínit an íobartaigh i gcás éignithe a chosaint agus muinín i riar na córa a chothú

Moltaí fiúntacha déanta chun aghaidh a thabhairt ar ‘siamsaíocht chúirte’ agus ‘miotais faoin éigniú’

Pictiúr: Laura Hutton/RollingNews.ie

‘Turasóireacht chúirte’ a tugadh air. Nuair a bhí cás cúirte conspóideach na n-imreoirí rugbaí a fuarthas neamhchiontach as bean óg a éigniú ar siúl bhí daoine ag taisteal chun na cúirte i mBéal Feirste ina sluaite. Ba gheall le sorcas é amanna; ní hamháin gur chruatan uafásach é don ghearánaí agus na cosantóirí ach tharraing sé droch-chlú ar riar na córa i dtaca le coireanna gnéis.

Ordaíodh athbhreithniú faoi cheannas an iarbhreithimh, an Tiarna John Gillen. Tá suas le 200 moladh i réamhthuarascáil an bhreithimh a foilsíodh inné mar thús le próiseas comhairliúcháin phoiblí a mhairfidh dhá mhí.

Chuaigh an Breitheamh Gillen i gcomhairle le híobartaigh agus eagraíochtaí, 200 acu ar fad ach tá súil aige lena thuilleadh tuairimí a bhailiú le linn an chomhairliúcháin.

I measc na bpríomhmholtaí atá déanta aige, tá bac a chur ar an bpobal sa gcúirt. Cheadófaí isteach gaolta an ghearánaí agus an chosantóra chomh maith leis na foirne dlí agus iriseoirí. Cé go bhfuil sé fíorthábhachtach go mbeadh riar na córa oscailte, a deir an Breitheamh Gillen ní féidir gurb é an leas poiblí é gur ‘siamsaíocht ghliúcaíochta’ a bheadh sa chúirt.

Murab ionann agus an cleachtas sa deisceart ní mholann an t-athbhreithniú nach n-ainmneofaí an cúisí. Ba léir gurb é cáil na gcosantóirí Paddy Jackson agus Stuart Olding ba chúis leis an tóir as cuimse a bhí ag strainséirí ar an gcúirt agus is léir go ndearna an phoiblíocht dochar dóibh. Mar sin féin chinn an Breitheamh Gillen agus móramh ar a phainéal gur cheart an duine a ndéantar gearán ina aghaidh a ainmniú ón uair a chuirtear cúis ina leith.

Ba í sin an cheist ab achrannaí a bhí roimh an bpainéal, a dúirt an breitheamh, ó theastaigh ó roinnt díobh nach n-ainmneofaí cosantóir mura gciontófaí é.

Chinn siad nár cheart an duine a ainmniú sula gcúiseofaí é – rud a tharla i gcás na n-imreoirí rugbaí.

Tá moltaí tábhachtacha sa tuarascáil ar mhaithe leis an ngearánaí. I ndiaidh a chomhráite le gearánaithe tuigeann sé, a deir an breitheamh, chomh dúshlánach is atá an próiseas dóibhsean. Is geall le míreanna mearaí an obair atá riachtanach, a dúirt sé, agus go leor píosaí éagsúla fianaise le cur i gceann a chéile chun tóir an chirt a éascú.

Cuireadh fáilte go forleathan roimh an gcur chuige sin.

Ba cheart dlíodóir, ar chostas an stáit, a bheith ag an ngearánaí. Go dtí seo is mar fhinné thar ceann an ionchúisimh a bhíonn an gearánaí sa chúirt agus é/í á chroscheistiú agus gan aon chomhairle ar fáil aige/aici. Bhí alltacht ar an bpobal nuair a chaith an gearánaí sa chás a tharraing an t-athbhreithniú ocht lá agus í á ceistiú ag scata abhcóidí.

Ina theannta sin tógann sé suas le trí bliana cás a thabhairt chun cúirte, teastaíonn athruithe chun an próiseas a bhrostú. Moltar dlí nua chun a dhul i ngleic leis an gcontúirt a bhaineann leis na meáin shóisialta. Cé go bhfuil cosc dlíthiúil ann an gearánaí a ainmniú go poiblí, cuireadh ainm na mná i gcás na n-imreoirí rugbaí ar mheán sóisialta; tá fear cúisithe as an dlí a shárú sa chás sin.

Bhí ceist freisin faoi bhall den ghiúiré a chuir ábhar ar mheáin shóisialta i ndiaidh na trialach. Moltar go mbeadh sé ina choir, a thuillfeadh téarma príosúin, dá ndéanfadh ball de ghiúiré iarracht eolas a fháil faoi chás taobh amuigh den chúirt. Teastaíonn ón bpainéal freisin go mbeadh freagracht dhlíthiúil ar úinéirí na meán sóisialta as ábhar coiriúil a chuirtear ar fáil orthu.

I bhfianaise na conspóide ó dheas faoi bhrístín mná a chur ar taispeáint sa chúirt, tá moltaí suimiúla sa tuarascáil chun dul i ngleic le ‘miotais an éignithe’. Caithfear stop a chur le milleánú an íobartaigh.

Caithfear stop a chur leis an maíomh gur tharraing daoine ionsaí orthu féin mar go raibh siad ar meisce, nó gur chaith siad éadaí de chineál áirithe. Tá sé as ord freisin, a deir an Breitheamh Gillen, a rá gur thoiligh íobartach mar nár scread sí/sé.

Bíonn oiread faitís ar dhaoine áirithe nach mbíonn siad in ann screadach, a dúirt sé.

Gnó don chóras oideachais, chomh maith leis na cúirteanna agus an pobal trí chéile, is ea a dhul i ngleic leis na tuairimí gan bhunús sin atá forleathan. Ba cheart oiliúint a chur ar dhlíodóirí agus ar abhcóidí agus treoir a thabhairt don ghiúiré sula dtosódh cás, a deirtear an tuarascáil. Seans go bhféadfaí é sin a dhéanamh le físeán a thaispeánfaí nuair a bheadh an giúiré roghnaithe.

Is féidir leis an bpobal a dtuairimí a chur in iúl sa phróiseas comhairliúcháin as seo go dtí an 15 Eanáir. Tús maith is ea an réamhthuarascáil seo.

Bhí géarghá le hathbhreithniú. Tá méadú mór ar líon na gcoireanna gnéis a líomhnaítear ach tá an ráta ciontaithe an-íseal (2%). Ní shásóidh moltaí Gillen gach éinne, go háirithe daoine a éilíonn cosaint do chúisithe neamhchiontacha. Ach tríd is tríd aithnítear sa tuarascáil seo an tábhacht atá le dínit an íobartaigh a chosaint agus muinín i riar na córa a chothú.

Más mall is mithid.

Fág freagra ar 'Moltaí fiúntacha déanta chun aghaidh a thabhairt ar ‘siamsaíocht chúirte’ agus ‘miotais faoin éigniú’'