Moltaí faoi riachtanas Gaeilge cáinte

Tá Conradh na Gaeilge míshásta faoin moladh go gcuirfí deireadh leis an riachtanas Gaeilge le haghaidh iontráil ollscoile.

An tOllamh Philip Nolan, Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, cathaoirleach an tascghrúpa.

“Drochbhuille” don Ghaeilge atá i moladh tascghrúpa na nOllscoileanna go gcuirfí deireadh leis an riachtanas teanga d’iontráil ollscoile, a dúirt Donncha Ó hAodha, urlabhraí Chonradh na Gaeilge, le Tuairisc.ie.

Dheimhnigh an tUasal Ó hAodha go rachaidh an Conradh i mbun feachtais agus go gcuirfidh siad in aghaidh an mholadh.

Dúirt sé, áfach, gur cheart don fheachtas sin díriú ar a thuilleadh cúrsaí Ollscoile a chur ar fáil i nGaeilge seachas aon ní eile.

Dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh, Sinn Féin: “Ní chuireann sé iontas orm, faraor, go mbeadh a leithéid de mholadh ag teacht chun cinn agus, i ndáiríre, seo cur chuige an rialtais i leith na Gaeilge agus is tairne eile sa gcónra é má scaoileann muid leo.” Tá sé i gceist ag an Seanadóir Ó Clochartaigh an t-ábhar a tharraingt anuas i Seanad Éireann.

Tá deireadh leis an riachtanas teanga molta i bplécháipéis agus tuarascáil atá ullmhaithe ag tascghrúpa Chumann na nOllscoileanna Éireannacha.

Bunaíodh an tascghrúpa le moltaí a ullmhú maidir leis an gcóras roghnaithe agus iontrála do mhic léinn chuig na hOllscoileanna a leasú.

Is é an tOllamh Philip Nolan, Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, atá ina chathaoirleach ar an tascghrúpa ar a dtugtar ‘Task Group on Reform of University Selection and Entry’.

Molann an tascghrúpa deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge le haghaidh iontráil ollscoile ach amháin i gcomhair na gcúrsaí a mhúintear trí mheán na Gaeilge.

Ní bheadh, mar sin, riachtanas Gaeilge i gceist ach do chúrsaí ar nós na gceann a mhúintear in Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, agus in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

Tá an riachtanas Gaeilge i bhfeidhm ó thús an chéid seo caite de bharr feachtais a chuir Dubhghlas de hÍde agus Conradh na Gaeilge ar bun ag an am.

Ag an tráth sin, dúirt an Craoibhín Aoibhinn agus é ag tagairt don riachtanas Gaeilge ollscoile, “nothing short of this will bring home to the Gaelic Irishman that after three or four hundred years he is at least ceasing to be the underdog in Ireland.”

Dúirt sé freisin gurbh ionann an socrú a rinneadh in Acht na nOllscoileanna agus “the biggest piece of Home Rule ever conceded.”

Fág freagra ar 'Moltaí faoi riachtanas Gaeilge cáinte'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Ní leor don Chonradh agus do Shinn Féin agus na daoine eile atá ag ceapadh gur ‘drochbhuile’ don Ghaeilge atá á mholadh ag na hOllscoileanna. Caithfear argóintí níos fearr ná sin a chur chun cinn. Theastaigh ó de híde agus Mac Néill, an bheirt cheannródaí ar éirigh leo an rún a chur tríd Seanad an NUI sa bhlian 1910 le Gaeilge a dhéanamh ‘riachtanach’ le fáil isteach sna i gColáistí an NUI, mar gur chreid siad go raibh athréimniú in ann don Ghaeilge mar theanga náisiúnta. Níor tharla sin agus ní tharlóidh. Go praicticiúl, níl sa Ghaeilge anois ach teanga siombalach náisiúnta, le mionlach an bheag á usáid mar ghnáth theanga cumsarsáide.

    Feictear domsa go bhfuil sé deacair tíocht aníos le aon argóint réasúnach, a chuirfeadh ina luí ar an bpobal go mba cheart go mbeadh pas i nGaeilge riachtanach le fáil isteach i roinnt coláistí ollscoile agus nach mbeadh i TCD, DIT, UL, DCU.

    B’fhearr a bheith ag cuartú rud éicint a dhéanfadh difir do usáid na Gaeilge agus a dhéanfadh an Ghaeilge mealltach do mhicléinn. Seo é mo mholadh: go mbeadh sé mar bhunphrionsabal in earcaíocht amach anseo san earnáil poiblí go mbeadh sé ina bhuntáiste ag an duine a bheadh in ann a gcuid oibre a dhéanamh sa dá theanga, seachas teanga amháin. Dá nglacfaí leis an bprionsabal sin, bheadh fonn ar dhaoine Gaeilge mhaith a fhoghlaim ar scoil, seachas a beith ag iarraidh grád D san Ardteist le fáil isteach i roinnt coláistí ollscoile.

    Níl aon mhaith don Chonradh ná do Ghluaiseacht na Gaeilge a bheith ag cosaint éigeantas gan chiall. Droch stáitéis a bheith de shíoraí ‘defending the indefensible’.