Tá Rialtas na Breataine ag súil le margadh a dhéanamh leis an AE a d’fhágfadh nach mbeadh aon teorainn chrua in Éirinn i ndiaidh an Bhreatimeachta.
Moltar i gcáipéis nua de chuid Rialtas Theresa May go mbeadh cead i gcónaí ag feirmeoirí agus lucht miontrádála dul thar an teorainn gan dearbhú ar theacht nó imeacht a dhéanamh agus gan aon bhac custam orthu.
Deir Rialtas na Breataine sa cháipéis a foilsíodh inniu nach bhfuil “aon dul siar go dtí ré na dteorainneacha crua” agus súil acu go n-éireoidh leo teacht ar réiteach leis an AE faoin mBreatimeacht a chinnteodh nach mbeidh aon ghá “le hinfreastruchtúr fisiciúil” ná seicphointí ar theorainn na hÉireann.
Bheadh a leithéid riachtanach, a deirtear, chun Comhaontú Aoine an Chéasta a chosaint.
Leagtar amach sa cháipéis moltaí agus mianta Rialtas na Breataine maidir leis an dteorainn i ndiaidh an Bhreatimeachta.
Dhá phríomhmholadh atá inti: “comhpháirtíocht nua faoi chúrsaí custam” nó socrú nua faoi chúrsaí custam a bheadh “highly streamlined”.
Deir an Roinn atá ag plé le himeacht na Breataine ón AE go bhféadfaí, faoina gcéad mholadh, teacht ar réiteach a d’fhágfadh nach dtiocfadh mórán d’athrú in aon chor ar na socruithe custam atá i réim faoi láthair ar theorainn na hÉireann.
Maidir leis an dara moladh, deirtear go bhféadfaí teacht ar réiteach ar leith leis an AE go leanfaí leis an gcóras a fhágann nach gá dearbhú ar theacht nó imeacht a dhéanamh chun dul thar an teorainn. Thabharfaí “trusted trader agreements” nua isteach sa chás sin do thrádálaithe móra ach ní thiocfadh aon athrú ar chás na miontrádálaithe a bheadh ag dul thar an teorainn. Bheadh an Bhreatain fós ina ball den Chomhchoinbhinsiún Idirthurais.
Diúltaítear sa cháipéis don mholadh go mbeadh “teorainn ar mhuir” ann i ndiaidh an Bhreatimeachta toisc, dar le Rialtas na Breataine, nach ndéanfadh a leithéid ciall ó thaobh na heacnamaíochta ná an bhunreachta.
Chuir an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney fáilte roimh fhoilsiú na cáipéise, ach dúirt sé go raibh go leor ceisteanna le freagairt fós faoi na moltaí inti.
Fág freagra ar 'Moltaí agus mianta i dtaobh na teorann foilsithe ag Rialtas na Breataine i gcáipéis nua'