Cáineadh déanta ar mholadh ‘gan chiall’ Pháirtí an Lucht Oibre fáil réidh le riachtanas Gaeilge do mhúinteoirí

Dúirt urlabhraí oideachais Pháirtí an Lucht Oibre, Aodhán Ó Ríordáin, gur chóir athbhreithniú a dhéanamh ar an riachtanas go mbeadh marc H4 nó níos airde i scrúdú ardleibhéil Gaeilge na hArdteiste ag duine atá ag iarraidh dul leis an mbunmhúinteoireacht

Cáineadh déanta ar mholadh ‘gan chiall’ Pháirtí an Lucht Oibre fáil réidh le riachtanas Gaeilge do mhúinteoirí

Tá cáineadh láidir déanta ag eagraíochtaí a bhíonn ag plé leis an ngaeloideachas ar mholadh de chuid Pháirtí an Lucht Oibre go bhfaighfí réidh leis an riachtanas Gaeilge atá ann d’ábhar oidí.

Dúirt urlabhraí oideachais an pháirtí, an Teachta Dála Aodhán Ó Ríordáin, gur chóir athbhreithniú a dhéanamh ar an riachtanas go mbeadh marc H4 nó níos airde i scrúdú ardleibhéil Gaeilge na hArdteiste ag duine atá ag iarraidh dul leis an mbunmhúinteoireacht.

Mhaígh Ó Ríordáin go gcabhródh a leithéid de ghníomh le dul i ngleic leis an ngéarchéim atá ann faoi láthair maidir le heaspa múinteoirí.

Tá diancháineadh déanta ag leithéidí Chonradh na Gaeilge agus Gaeloideachas ar mholadh Uí Ríordáin.

Deir Bláthnaid Ní Ghréacháin, Príomhfheidhmeannach Gaeloideachas, gur moladh “gan bhunús, gan fhianaise, gan chiall” atá sa mhéid a bhí le rá ag Ó Ríordáin.

“Tá gach páiste sa tír seo i dteideal an caighdeán is airde agus is féidir ó thaobh theagasc agus foghlaim na Gaeilge. Téann moladh an Teachta Dála i gcoinne an dualgais agus na físe sin agus is moladh gan bhunús, gan fhianaise, gan chiall atá ann,” arsa Ní Ghréacháin le Tuairisc.

“Dá mbeadh ísliú ar an gcaighdeán a bheadh á éileamh ó mhúinteoirí, bheadh ísliú ar na deiseanna foghlama agus sealbhaithe teanga do gach páiste. Bheadh ísliú gan amhras ar chumas agus ar fhéinmhuinín an mhúinteora i leith na teanga agus is fáinne fí é sin uile.”

Deir Ní Ghréacháin go bhfuil córas na ndíolúintí ag déanamh “an-dochar” d’fhoghlaim na Gaeilge sa chóras oideachais cheana féin agus go bhfuil “ag teip ar an Stát a chinntiú go bhfuil deiseanna agus spreagadh ann do gach páiste i leith na Gaeilge, de réir a riachtanais foghlama.”

Deir Ní Ghréacháin gurb í “an iomaíocht idirnáisiúnta” seachas an Ghaeilge is mó is cúis leis an bhfadhb atá ann faoi láthair i dtaobh múinteoirí a earcú agus a choinneáil.

“Is í sin an fhadhb is mó atá ann faoi láthair – tá an ghairm in Éirinn in iomaíocht le gairm na múinteoireachta i dtíortha eile, áit a bhfuil dreasachtaí, liúntais agus pacáistí tacaíochta á gcur ar fáil.”

Dúirt Aodhán Ó Ríordáin nach léir cén fáth go bhfuil riachtanas ar leith ann don Ghaeilge chun áit a bhaint amach ar na cúrsaí bunmhúinteoireachta nuair nach bhfuil riachtanais ann do na hábhair éigeantacha eile, Béarla agus Matamaitic.

Dúirt an Teachta Dála go gcinnteodh an oiliúint a chuirfí ar fáil do mhic léinn sna coláistí oiliúna go mbeadh an caighdeán Gaeilge acu a theastaíonn ó mhúinteoirí chun an teanga a mhúineadh.

Tá na deacrachtaí a bhíonn ag múinteoirí leis an nGaeilge pléite ag cigirí sa Roinn Oideachais agus ag léachtóirí sna coláistí oiliúna féin le blianta beaga anuas.

I dtaighde a rinne Gael Linn in 2017, dúirt lucht na gcoláistí oiliúna nach raibh cuid mhór múinteoirí “cumasach ná muiníneach go leor leis an Ghaeilge a mhúineadh”.

Dúirt Ó Ríordáin freisin go gcuireann an riachtanas Gaeilge srian ar an éagsúlacht i ngairm na múinteoireachta.

Deir Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, gur cheart níos mó daoine ó chúlraí éagsúla a mhealladh i dtreo na múinteoireachta ach go bhfuil an cur chuige atá molta ag Ó Ríordáin “go hiomlán mícheart”.

“An toradh a bheadh air seo ná go mbeadh an caighdeán níos ísle ná mar atá anois,” a deir de Spáinn.

Deir sé go bhfuil ceist na héagsúlachta i bhfad níos leithne agus níos casta ná cúrsaí Gaeilge agus nach bhfuil aon fhianaise ann a thacaíonn leis an tuairim gur ar an teanga atá an milleán.

“Glacann an argóint seo leis nach bhfuil Gaeilge ar a dtoil ag iarrthóirí mionlaithe cheana féin, nó nach bhfuil sé ar a gcumas í a fhoghlaim – barúil atá dímheasúil ar na hiarrthóirí céanna.”

Deir Conradh na Gaeilge go mbíonn go leor cúiseanna le daoine a bheith coinnithe amach ó na cúrsaí oiliúna agus luadh córas na bpointí, an costas maireachtála agus easpa lóistín ar na constaicí a bhíonn roimh dhaltaí atá faoi mhíbhuntáiste.

Deir Conradh na Gaeilge gur cheart scoláireachtaí a chur ar fáil do dhaltaí i scoileanna DEIS agus do pháistí eile atá faoi mhíbhuntáiste chun freastal ar an nGaeltacht agus gur chóir tacú leo dul leis an múinteoireacht.

Deir Julian de Spáinn go dteastaíonn an riachtanas don Ghaeilge ardleibhéil toisc gurb í sin an dara teanga atá ag formhór na n-ábhar oidí. “Caithfear a chinntiú go bhfuil a ndóthain Gaeilge acu, mar sin, le dul chun cinn a dhéanamh sna coláistí oideachais.”

Deir sé gur léiriú eile é seo ar an ngá atá le polasaí cuimsitheach don Ghaeilge sa chóras oideachais, mar atá geallta sa Chlár Rialtais.

Fág freagra ar 'Cáineadh déanta ar mholadh ‘gan chiall’ Pháirtí an Lucht Oibre fáil réidh le riachtanas Gaeilge do mhúinteoirí'

  • Seán Mag Leannáin

    Páirtí an Lucht Oibre ag scríobadh thóin an bhairille leis an moladh seo. Ní nach ionadh go bhfuil siad in umar na haimléise.

  • Carraig53@protonmail.com

    Tagaim le Seán thuas. Tá an córas oideachais ina chocstí sa tír seo le fada an lá agus méar an mhilleáin á díriú ag Ó Ríordáin anois ar an mball is éislinní ar fad .i. an Ghaeilge. Níl an Ghaeilge ina dris chosáin ar aon ábhar múinteora, cathain a bhí? Rás go tóin poill is ea polasaí na Roinne Oideachais maidir le Gaeilge de agus P. an L. Oibre chun tosaigh sa rás sin. Go mbeire siad leo an bua!

  • Antóin

    Agus fós, níl aon duine ag tabhairt aird ar an urlabhraí ‘oideachais’. B’fhéidir go bhfuil sé in am dó a ainm féin a ghalldú, díreach ar son na héagsúlachta.