Moladh le plé sa Seanad go mbeadh sé in aghaidh an dlí ‘mímhisneach’ a chur ar dhuine faoin nGaeilge

Tá an Bille Teanga le filleadh ar an Seanad tráthnóna agus dóchas ann go mbeidh sé réidh le síniú ag Uachtarán na hÉireann roimh dheireadh na bliana seo

Moladh le plé sa Seanad go mbeadh sé in aghaidh an dlí ‘mímhisneach’ a chur ar dhuine faoin nGaeilge

Tá moladh déanta ag Sinn Féin go mbeadh sé in aghaidh an dlí “mímhisneach” a chur ar dhuine faoin nGaeilge.

Tá an moladh sin i measc 37 leasú reachtaíochta atá le plé sa Seanad tráthnóna agus a cheann scríbe nach mór sroichte ag an mbille teanga nua.

Cúig leasú eile atá molta ag an Rialtas ar an mbille, ar leasuithe teicniúla iad, agus ní dócha go nglacfar le haon cheann den 32 leasú eile atá á moladh.

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil sé i gceist ag na Rialtas leasú nó dhó níos substaintiúla a mholadh ag an gcéim dheireanach den Bhille sa Seanad an mhí seo chugainn.

Breis is deich mbliana ó fógraíodh go raibh tús le cur le hathbhreithniú ar Acht na dTeangacha, tá dóchas ann anois go mbeidh an bille réidh le síniú ag Uachtarán na hÉireann roimh dheireadh na bliana seo.

De réir an leasaithe atá molta ag Sinn Féin faoin teideal ‘Dualgas gan mímhisneach a chur ar dhuine maidir leis an teanga náisiúnta’ bheadh sé in aghaidh an dlí ag duine atá ag obair ag comhlacht poiblí a mholadh do dhuine “gan an teanga náisiúnta a fhoghlaim”.

Bheadh sé in aghaidh an dlí chomh maith ag comhlacht poiblí a rá le duine nach mbainfeadh sé nó sí “tairbhe” as an nGaeilge a fhoghlaim nó nach mbeadh sé ar a chumas í a fhoghlaim.

Tá Seanadóirí Shinn Féin ag moladh chomh maith go dtabharfaí treoirlínte isteach sa reachtaíocht nua a chuirfeadh “cosc iomlán” ar fhorbairtí nach dtugann aird ar “riachtanais shochtheangeolaíochta” na Gaeltachta.

I measc na leasuithe eile atá molta ag Sinn Féin tá leasú a thabharfadh cumhachtaí breise don Choimisinéir Teanga. Faoin leasú sin ó na Seanadóirí Niall Ó Donnghaile, Fintan Warfield, Lynn Boylan agus Paul Gavin is é an Coimisinéir Teanga a dhéanfadh cinneadh faoi cad iad na dualgais teanga áirithe a bheadh ar chomhlachtaí poiblí áirithe ag brath ar an rangú a dhéanfadh sé orthu.

De réir leasuithe atá molta ag Seán Kyne, an t-iar-aire stáit Gaeltachta agus Seanadóir de chuid Fhine Gael, Aire na Gaeltachta agus an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe a bheadh freagrach as obair an choiste chomhairligh atá le bunú faoin mbille.

An tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe a bhíonn freagrach as polasaí earcaíochta na státseirbhíse.

Faoin mbille nua tá coiste nua le bunú chun plean náisiúnta earcaíochta a ullmhú i leith phríomhsprioc na dréachtreachtaíochta – gur Gaeilgeoirí a bheidh i 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoi dheireadh 2030.

Tá roinnt leasuithe á moladh a bhfuil tacaíocht acu ó Sheanadóirí Shinn Féin, Seán Kyne agus Lorraine Clifford-Lee, Seanadóir de chuid Fhianna Fáil. Ina measc tá leasú a d’fhágfadh go gcuirfí spriocdháta – an 31 Nollaig 2030 – leis an gcuspóir sa bhille go mbeadh gach seirbhís phoiblí ar fáil i nGaeilge sa Ghaeltacht.

D’fhágfadh leasú atá á mholadh ag an Seanadóir Alice Mary Higgins go mbeadh buntáiste áirithe i gcomórtais stáit ag comhlachtaí a bheadh in ann an tseirbhís atá á lorg a chur ar fáil i nGaeilge chomh maith le Béarla.

Ritheadh sa Dáil an Bille Teanga an mhí seo caite, áit ar aontaigh an freasúra agus an Rialtas go raibh an dréachtreachtaíocht “i bhfad níos láidre ná mar a bhí”.

Táthar ag súil go gcríochnófar Céim an Choiste sa Seanad anocht agus ceithre uair an chloig curtha ar leataobh chun an 37 leasú atá molta a phlé.

Beidh Céim na Tuarascála ar siúl sa Seanad an mhí seo chugainn. Luafar sa Dáil ina dhiaidh sin aon leasú ar an mbille a nglacfar leis sa Seanad agus rachaidh an reachtaíocht as sin go dtí Áras an Uachtaráin.

Fág freagra ar 'Moladh le plé sa Seanad go mbeadh sé in aghaidh an dlí ‘mímhisneach’ a chur ar dhuine faoin nGaeilge'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Tá an leasú sin contúirteach, im thuairims. Is cosúil é le dlí a bheadh sa tSín leis an gcóras a chosaint ó dhaoine ag labhairt amach ina éadan. Ba cheart go mbeadh cead ag daoine a dtuairimí a thabhairt faoin nGaeilge, fiú má chureann sé ‘mimhisneach’ ar dhuine.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Nach bhfuil sé in am an earnáil phríobháideach a chuir san áireamh sna dlíthe seo fosta? Ní leor an dualgas Gaeilge a chuir ar ranna stáit amháin nuair atá earnáil an ghnó agus eagraíochtaí príobháideach ag diúltiú aitheantas agus tacaíocht a thabhairt do chainteoirí Gaeilge agus don teanga.

  • Colin Ryan

    Cinnte. Ba cheart do Ghaeilgeoirí luach na teanga a fhógairt seachas dídean a iarraidh ar an dlí le heagla roimh mhasla. Cead cainte!