Moladh gach dalta sa tír a chur chuig Coláiste Samhraidh á fhiosrú ag an Rialtas

Rinne an Seanadóir de chuid an Chomhaontais Ghlais, Róisín Garvey, an moladh sa Seanad agus deir sí go bhfuil treoir faighte aici ó Aire na Gaeltachta dul i mbun tuilleadh fiosraithe

Moladh gach dalta sa tír a chur chuig Coláiste Samhraidh á fhiosrú ag an Rialtas

Tá an Rialtas ag fiosrú moladh go gcuirfí maoiniú ar fáil chun deis a thabhairt do gach dalta scoile sa tír seal a chaitheamh ag freastal ar Choláiste Samhraidh Gaeltachta.

Rinne an Seanadóir de chuid an Chomhaontais Ghlais, Róisín Garvey, an moladh sa Seanad le linn Sheachtain na Gaeilge agus deir sí go bhfuil treoir faighte aici ó Aire na Gaeltachta Catherine Martin dul i mbun tuilleadh fiosraithe.

Measann an Seanadóir Garvey go bhfuil gníomh ag teastáil chun úsáid agus caighdeán na Gaeilge i measc daltaí scoile a fheabhsú.

“Tá muid ag caitheamh a lán airgid ar an nGaeilge ach níl sé ag obair. Mura dtéann tú chuig meánscoil lán-Ghaeilge nó mura mbíonn tú ag freastal ar choláistí Samhraidh, ní bhíonn Gaeilge ag na daltaí ag teacht amach ón meánscoil,” a deir Garvey.

“Caithfear rud éigin a dhéanamh chun caighdeán na Gaeilge a fheabhsú sna scoileanna. Tá sé iontach go bhfuil na Gaelscoileanna fós ag dul i bhfeabhas ach ina lán scoileanna eile tá Gaeilge níos fearr ag naíonáin ná mar atá ag daltaí atá ag fágáil Rang a 6.”

Agus í ag labhairt sa Seanad, mhol Garvey gur cheart deontas a chur ar fáil do gach dalta i Rang a 6 ar fud na tíre chun freastal saor in aisce ar chúrsa Gaeltachta. Luaigh sí samplaí na Breatnaise agus na hEabhraise mar léiriú ar an dul chun cinn is féidir a dhéanamh ach gasúir a thumadh sa teanga ar feadh roinnt seachtainí.

Creideann Garvey go bhfuil an-obair á déanamh ag na Coláistí Samhraidh i láthair na huaire ach go bhfágann an costas ar chúrsa nach mbíonn go leor gasúr in ann freastal orthu.

Deir sí go raibh Aire na Gaeltachta dearfach faoi dheontas a chur ar fáil nuair a chuir sí an moladh faoina bráid agus go ndúirt sí léi tuilleadh taighde a dhéanamh faoin smaoineamh.

“Bhí mé ag caint leis an Aire faoi agus dúirt sí liom fáil amach cé mhéad a chosnódh sé. Tá mé ag déanamh taighde faoi sin i láthair na huaire,” a deir Garvey. “Cheap sí [an tAire Martin] gur smaoineamh maith a bhí ann ach theastaigh tuilleadh eolais uaithi.”

Tá tugtha le fios ag Aire na Gaeltachta gur mhaith léi níos mó deiseanna a thabhairt do pháistí freastal ar choláistí Samhraidh, is cuma cén cúlra atá acu.

Deir an tAire Martin go bhfuil sí ag obair chun cur le scéim a chuireann scoláireachtaí a chur ar fáil do dhaltaí iar-bhunscoileanna DEIS freastal ar Choláiste Samhraidh. Tá ciste €50,000 ann faoi láthair chun 50 scoláireacht a bhronnadh ach tá ráite ag an Aire Martin go bhfuil sí ag iarraidh tuilleadh maoinithe a chur ar fáil do in 2022.

Maidir leis an smaoineamh deontas a chur ar fáil do gach dalta sa tír, admhaíonn an Seanadóir Garvey gurb é an costas an bac is mó a bheadh roimh chur i bhfeidhm an phlean. 

“Tá 73,000 dalta i Rang a 6 faoi láthair. Má tá tú chun €1,000 nó mar sin a íoc ar gach ceann acu, sin €73 milliún. Sin a lán airgid.”

Deir Garvey go gcaithfidh sí dul i mbun comhairle leis na Coláistí Samhraidh agus le mná tí féachaint an bhféadfaí praghas níos isle a shocrú ach deir sí go rachadh an smaoineamh chun leas na gcoláistí agus na Gaeltachta.

“Tá tacaíocht agus fuinneamh ag teastáil ó na ceantair Ghaeltachta agus chabhródh sé seo leis sin chomh maith. B’fhéidir go mbeadh níos mó mná tí ann má bhíonn an t-éileamh ann,” arsa Garvey.

Agus staidéar déanta aici ar an scéal, deir Garvey go mb’fhéidir go mbeadh sé níos fearr an deontas a chur ar fáil do dhaltaí na céad bhliana nó dóibh siúd atá sa dara bliain seachas do dhaltaí bunscoile agus gur cheart rogha a thabhairt dóibh freastal bliain amháin nó bliain eile.

Deir an Seanadóir go dtuigeann sí nach mbeadh sé éasca a moladh a chur i bhfeidhm ach gur fiú an obair a dhéanamh chun é a fhiosrú.

“Tá sé éasca na smaointe uaillmhianacha seo faoin nGaeilge a chur amach ach caithfear taighde a dhéanamh má tá tú chun iad a dhéanamh i gceart.” 

Idir an dá linn, tá na coláistí Samhraidh fós ag fanacht ar threoirlínte ó Roinn na Gaeltachta maidir le reáchtáil na gcúrsaí an samhradh seo.

Deir an Roinn go bhfuil “go leor oibre” déanta ar na treoirlínte seo le roinnt seachtainí anuas agus go bhfuil súil acu go dtiocfaidh an próiseas go ceann scríbe “go han-luath” chun cinnteacht a thabhairt do na coláistí agus iad ag pleanáil don bhliain seo romhainn.

“Aithníonn an Roinn go bhfuil sé thar a bheith dúshlánach ag coláistí Gaeltachta agus iad ag iarraidh a bheith ag pleanáil chun cinn don bhliain seo amach romhainn, go háirithe agus cúrsaí COVID-19 ag athrú go síoraí, ach go háirithe le roinnt seachtainí anuas,” a dúirt urlabhraí de chuid na Roinne.

Dúradh go gcinnteodh na treoirlínte atá á n-ullmhú go mbeidh an cur chuige ag teacht go hiomlán le Plean Leibhéal 5 sláinte phoiblí an Rialtais.

Cuirfidh na treoirlínte san áireamh na srianta éagsúla agus an chomhairle sláinte phoiblí atá i bhfeidhm i dtaobh cúrsaí oideachais, taistil, imeachtaí, lóistín agus cuairteoirí.

Tá na Coláistí Samhraidh ag éileamh le fada go dtabharfaí cinnteacht dóibh go mbeidh cúrsaí na bliana seo ag dul ar aghaidh, go háirithe n cúrsaí mhí an Mheithimh.

Lár mí Aibreáin anuraidh a fógraíodh nach mbeadh na cúrsaí Gaeltachta ag dul ar aghaidh de bharr na paindéime.

Meastar gur fiú suas le €50 milliún sa bhliain do gheilleagar na Gaeltachta earnáil na gcoláistí samhraidh.

Fág freagra ar 'Moladh gach dalta sa tír a chur chuig Coláiste Samhraidh á fhiosrú ag an Rialtas'

  • Éilís Ní Anluain

    Moladh maith eile ar Tuairisc inniu (maraon le pacáistiú dhá theangach)

  • S. Mac Muirí

    Bheadh toradh céadach ar an mbeart so dá ndéanfaí é. Bhuaileas le han-chuid oibrithe óga siopa a spalpfas Gaeilge ar fad liom i mBréifne Uí Ruairc. A mbunáite, bhíodar i gCol. Chamais. Imríonn siad an-tionchar ar a gcomhoibrithe.