Molfar Fóram Pleanála Teanga Chois Fharraige a scor ag deireadh na bliana mura bhfógrófar maoiniú breise

Thug Coiste Stiúrtha Fhóram Chois Fharraige Um Pleanáil Teanga le fios aréir go mbeadh siad ag moladh do na heagraíochtaí atá páirteach ann go ndéanfaí an Fóram a scor ag deireadh na bliana sa chás nach ndéanfaí 'tairiscint shásúil' maidir le maoiniú breise roimh Nollaig

Molfar Fóram Pleanála Teanga Chois Fharraige a scor ag deireadh na bliana mura bhfógrófar maoiniú breise

Thug lucht pleanála teanga i gCois Fharraige le fios aréir go mbeifí ag moladh an eagráiocht a bunaíodh chun plean teanga a ullmhú don cheantar a scor ag deireadh na bliana sa chás nach bhfógróidh an Roinn tuilleadh maoinithe dóibh roimh an Nollaig.

Aontaíodh ag cruinniú a d’eagraigh Fóram Chois Fharraige Um Pleanáil Teanga in Indreabhán aréir go leagfaí síos “teora ama” do na cainteanna atá ar bun ag lucht pleanála teanga an cheantair le Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta maidir le maoiniú breise.

Tá ag géarú ar an mbrú atá á chur ar Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta maoiniú breise a chur ar fáil do chúrsaí pleanála teanga sa Ghaeltacht ó dhiúltaigh Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga don mhaoiniú a tairgeadh dóibh chun a bplean teanga a chur i bhfeidhm.

Is é Fóram Chois Fharraige an chéad dream a dhiúltaigh go hoifigiúil don mhaoiniú €100,000 atá á thairiscint chun gach plean teanga a chur i bhfeidhm.

€250,000 in aghaidh na bliana agus cead triúr a fhostú leis an bplean a chur i gcrích as seo go ceann seacht mbliana atá á lorg ag Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga.

Ag cruinniú a reáchtáldh coicís ó shin idir an Fóram, Údarás na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta, dúirt oifigigh Roinn na Gaeltachta gur theastaigh níos mó ama uathu chun machnamh a dhéanamh ar an gcás a cuireadh ina láthair maidir le maoiniú breise.

Ach i ráiteas a d’eisigh an Fóram i ndiaidh chruinniú na hoíche aréir, dúradh gur “cúis imní” é “go bhfuil an t-am ag sleamhnú thart agus géarghá le plean a bheas in ann dul i ngleic le riachtanais teanga an cheantair, ó Na Forbacha go Ros an Mhíl”.

Ag cruinniú na hoíche aréir, glacadh d’aon ghuth le rún “go dtabharfaí go dtí an Nollaig do Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta tairiscint nua a chur ar an mbord, tairiscint ina mbeadh ardú substaintiúl ar an maoiniú bliantúil chomh maith le leathnú ar na hacmhainní daonna a cheadófar don Fhóram”.

Thug Coiste Stiúrtha an Fhóraim le fios go mbeadh siad ag moladh do na heagraíochtaí atá páirteach ann, go ndéanfaí an Fóram a scor ag deireadh na bliana sa chás nach dtiocfadh “tairiscint shásúil” ó lucht maoinithe an chórais pleanála teanga.

Bhí 22 ionadaí ó 17 eagraíocht atá ag saothrú i measc an phobail i gCois Fharraige ag an gcruinniú a bhí ar siúl sa Chrann Taca in Indreabhán aréir.

Cuireadh tuairisc faoi bhráid na n-ionadaithe maidir leis an gcruinniú a bhí ag Coiste Stiúrtha an Fhóraim coicís ó shin le hoifigigh de chuid Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta.

“Léiríodh díomá mór leis an tuairisc ón gCoiste Stiúrtha faoin gcruinniú le hoifigigh ó Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta, sa mhéid is nach raibh aon acmhainní breise á dtairiscint ag Roinn na Gaeltachta don Fhóram leis an bplean teanga atá ceadaithe agus faofa ag Aire na Gaeltachta de réir fhorálacha na reachtaíochta, a chur i bhfeidhm ina iomláine,” a dúradh sa ráiteas a chuir an Fóram amach aréir.

Tá plean teanga Chois Fharraige ar cheann de na trí cinn de phleananna teanga atá seolta go hoifigiúil ag Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh go dtí seo, agus cé go bhfuil a míshástacht faoi chúrsaí maoinithe curtha in iúl ag lucht pleanála teanga i gceantair eile , is é Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga an chéad dream atá ag bagairt tarraingt siar ar fad ón bpróiseas pleanála teanga.

Cuireadh tús leis an obair ar an bplean teanga do Chois Fharraige beagnach trí bliana ó shin nuair a d’fhógair an tAire Stáit Gaeltachta go mbeadh coistí pobail ag plé leis an bpleanáil teanga sa Ghaeltacht. Cuireadh bailchríoch ar an bplean sin anuraidh agus aontaíodh le hÚdarás na Gaeltachta é. Seoladh ar aghaidh chuig Roinn na Gaeltachta é mí Mhárta na bliana seo agus sheol Aire Stáit na Gaeltachta go hoifigiúil i mí Mheán Fómhair é.

An mhí seo caite, seoladh litir chuig Coiste Stiúrtha an Fhóraim inar tugadh cuireadh dóibh “gluaiseacht ar aghaidh chuig an chéad chéim eile agus tús a chur le feidhmiú an phlean”. Dúradh go mbeadh “allúntas de suas le €100,000” ar fáil don chéad 12 mhí den phlean agus go bhféadfaí Oifigeach Pleanála Teanga amháin a fhostú leis an airgead sin.

Tá ráite ag iarcheannasaí RTÉ Raidió na Gaeltachta Tomás Mac Con Iomaire, duine de na daoine a d’ullmhaigh plean teanga na Ceathrún Rua, gur cheart do na coistí uilig a bhí ag plé leis an bpleanáil teanga ar fud na Gaeltachta “teacht le chéile agus seasamh a thógáil” faoina “laghad maoinithe” atá le cur ar fáil do chur i bhfeidhm na bpleananna teanga sna limistéir éagsúla pleanála teanga.

Dúirt an tOllamh Dónall Ó Baoill, a d’oibrigh ar an bplean teanga do Ghaoth Dobhair agus Íochtar na Rosann, go dteipfeadh ar na pleananna teanga cheal maoinithe agus ceannaireachta.

Thug Páidí Ó Sé, bainisteoir Chomharchumann Chorca Dhuibhne, le fios ag deireadh na míosa seo caite go mbeadh meitheal pleanála teanga na dúiche sin ag tacú le seasamh Fhóram Chois Fharraige.

Fág freagra ar 'Molfar Fóram Pleanála Teanga Chois Fharraige a scor ag deireadh na bliana mura bhfógrófar maoiniú breise'

  • Ruairí

    Is beag difir a dhéanfaidh sé mura mbeidh feidhm leis na pleananna teanga. An creideann éinne go bhféadfadh triúr atá fostaithe ag coiste deonach an rabharta Bhéarla a stopadh i gceantair comh mór le Cois Fharraige? Níor chóir todhchaí na Gaeilge sa nGaeltacht do bheith ag braith ar coistí deonacha ar aon chaoi. Mhínigh Seosamh Mac Donnacha in alt i dTuairisc le deireanas go bhfuil an próiséas pleanála teanga “ar leathchois” toisc nach bhfuil ról ag an Státchóras ina iomlán sa bplesnáil teanga. Teastaíonn idirghabháil thar a bheith eiseachtüil ón Státchóras chun an Ghaeltacht a shábháil. Is léir anois nach bhfuil an toil Polaitiúil ann chun teacht i gcabhair ar phobal na Gaeltachta in am seo na héigeandála teanga.

  • cráite

    É ráite go beacht agat a Ruairi. Is seisear a theastaíonn ó dheas do phlean teanga Chiarraí Thiar, ach roinnt de na feidhmeannaigh sin comhfhostaithe idir an phleanáil teanga agus eagraíochtaí stáit eile i réimsí na hÓige, an Oideachais, agus na fiontraíochta. Ní hamháin go bhfuil easpa tuisceana ollmhór ó thaobh scála an mhaoinithe de laistiar de seo ach tá an chomhtháiteacht chun an ” joint up thinking” a theastaíonn fágtha ar lár sa chur chuige…..rud a fhágann an próiseas ar leathchois agus tá an leathchois fhéin briste bruite!!!