Moladh faoi ‘Bhliain na Gaeltachta’ diúltaithe ag Údarás na Gaeltachta

Tá sé i gceist ag Údarás na Gaeltachta ceiliúradh  a dhéanamh ar 40 bliain a bhunaithe i mbliana

Moladh faoi ‘Bhliain na Gaeltachta’ diúltaithe ag Údarás na Gaeltachta

Shocraigh Údarás na Gaeltachta gan glacadh le moladh go ndéanfaí ‘Bliain na Gaeltachta’ a cheiliúradh in 2020.

Moladh ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta anuraidh go ndéanfaí ‘Bliain na Gaeltachta’ de 2020, daichead bliain ó bunaíodh Údarás na Gaeltachta.

Socraíodh, áfach, gan dul ar aghaidh leis an bplean go mbeadh 2020 ina ‘Bliain na Gaeltachta’ ar an gcaoi chéanna a ndearna Conradh na Gaeilge agus an Rialtas iarracht 2018 a bhrandáil ina ‘Bliain na Gaeilge’.

Tá sé i gceist ag Údarás na Gaeltachta ceiliúradh  a dhéanamh ar 40 bliain a bhunaithe i mbliana.

De réir miontuairiscí ó chruinnithe Bhord Údarás na Gaeltachta atá faighte ag Tuairisc.ie faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, bhí plé ar siúl ag an eagraíocht ag deireadh na bliana seo caite le ceolfhoireann RTÉ faoi cheolchoirm speisialta a eagrú chun ceiliúradh a dhéanamh ar bhunú an Údaráis i 1980.

Pléadh chomh maith le RTÉ Raidió na Gaeltachta sraith sé chlár faoi stair an Údaráis.

Dúradh ag an gcruinniú céanna i mí na Samhna seo caite nach raibh aon mhaoiniú breise ar fáil ó Roinn na Gaeltachta don cheiliúradh agus go mbeifí ag brath ar chomhpháirtíocht le heagraíochtaí eile dá bharr.

Ag cruinniú an Bhoird i mí na Nollag scaipeadh dréachtchlár do cheiliúradh bhunú an Údaráis ar bhaill an bhoird agus tugadh le fios dóibh go raibh cuireadh tugtha d’Uachtarán na hÉireann chuig ócáid cheiliúrtha.

D’aontaigh baill Bhord an Údaráis gur “deis straitéiseach a bhí sa chomóradh chun ról fiontraíochta, pobail agus teanga an Údaráis a chur ar shúile an phobail náisiúnta agus idirnáisiúnta”.

Fág freagra ar 'Moladh faoi ‘Bhliain na Gaeltachta’ diúltaithe ag Údarás na Gaeltachta'