Moladh do ‘iarracht mhacánta’ Foster agus tuilleadh cruinnithe ag an DUP le grúpaí Gaeilge

Chas ionadaithe ó Fhóram na nÓg agus ó Chroí Éanna le Arlene Foster agus Christopher Stalford ón DUP inné lena n-éileamh ar Acht Teanga agus rudaí eile a phlé

Moladh do ‘iarracht mhacánta’ Foster agus tuilleadh cruinnithe ag an DUP le grúpaí Gaeilge

Chas toscaireacht ón DUP le tuilleadh ionadaithe ó ghrúpaí Gaeilge inné mar chuid den tsraith cruinnithe le cainteoirí Gaeilge a d’fhógair ceannaire an pháirtí, Arlene Foster, an mhí seo caite.

Chas ionadaithe ó Fhóram na nÓg agus ó Chroí Éanna le Foster agus le Christopher Stalford, ar toghadh é i mBéal Feirste Theas dtoghchán an Mhárta, ag Stormont inné le mianta lucht labhartha na Gaeilge ó thuaidh a phlé.

Bhuail Foster leis an dá eagraíocht mhóra ó thuaidh, Conradh na Gaeilge agus Pobal, an tseachtain seo caite agus thug sí cuairt roimhe sin ar scoil Chaitliceach do chailíní, Our Lady’s Grammar ar an Iúr,.

Dúirt Chris Quinn, ó Chroí Éanna, leis an nuachtán The Irish News gur “cruinniú iontach” a bhí ann inné agus go raibh an chosúlacht ar an scéal gur “iarracht mhacánta” a bhí ar bun Foster aithne níos fearr a chur ar phobal na Gaeilge.

“Labhair muid faoi dhaoine óga agus na constaicí a bhíonn rompu, faoin dóigh ar mhaith leo Acht Gaeilge agus go mbeadh siad ábalta teacht ar níos mó seirbhísí ina dteanga féin.

“Cheap mé gur thug Arlene agus Chris cluas mhaith éisteachta dúinn agus gur thuig siad a raibh le rá againn,” a dúirt sé.

Dúirt an DUP go bhfuair siad go leor leor cuirí ó eagraíochtaí ó grúpaí agus ó chainteoirí aonair Gaeilge casadh leo agus go raibh sé i gceist ag an bpáirtí leanacht ar aghaidh leis na cruinnithe.

Dúirt Conradh na Gaeilge gur “údar dóchais” a bhí sa chruinniú “dearfach” a bhí acu an tseachtain seo caite le Foster, agus dúirt Janet Muller ón eagraíocht Pobal gur “cruinniú úsáideach” a bhí sa chruinniú a bhí ag an eagraíocht sin leis an DUP, ach gurb é “tástáil na putóige a hithe”.

Thug Arlene Foster le fios an mhí seo caite go bhfuil sí sásta casadh le cainteoirí Gaeilge in iarracht teacht ar “thuiscint níos fearr” ar an teanga agus an “cultúr” a bhaineann léi.

Ní mó ná sásta atá Aontachtaithe eile, áfach, le cur chuige nua an DUP i leith na Gaeilge. Dúirt Jim Allister, ceannaire an TUV, an tseachtain seo caite go bhfuil “an ghlúin á feacadh” ag an DUP roimh lucht na Gaeilge agus gur comhartha é go mbeidh an DUP “sásta praghas Shinn Féin a íoc” le greim a choinneáil ar an gcumhacht i Stormont.

Fág freagra ar 'Moladh do ‘iarracht mhacánta’ Foster agus tuilleadh cruinnithe ag an DUP le grúpaí Gaeilge'