Moladh déanta nach mbeadh cead ag comhairleoirí contae suí ar Bhord Údarás na Gaeltachta

Deir Cumann Forbartha Chois Fharraige go gcabhródh a leithéid de bheart fáil réidh le coimhlintí a bhíonn ann bunaithe ar pholaitíocht na bpáirtithe polaitiúla

Moladh déanta nach mbeadh cead ag comhairleoirí contae suí ar Bhord Údarás na Gaeltachta

Má tá toghchán Bhord Údarás na Gaeltachta le tabhairt ar ais níor cheart go mbeadh cead ag comhairleoirí contae a bheith tofa ar an mbord, a deir cumann forbartha Gaeltachta amháin.

Deir Cumann Forbartha Chois Fharraige go gcabhródh a leithéid de bheart fáil réidh le coimhlintí a bhíonn bunaithe ar pholaitíocht na bpáirtithe polaitiúla.

In aighneacht a chuir an cumann forbartha faoi bhráid Roinn na Gaeltachta mar chuid den phróiseas comhairliúcháin phoiblí i dtaobh thoghchán Údarás na Gaeltachta, deirtear gur “monaplacht” geall leis atá ag na páirtithe polaitíochta ar an bpróiseas toghchánaíochta, “gan mórán spáis ann do ghníomhairí pobail sa Ghaeltacht”.

Má tá toghchán an Údaráis le tabhairt ar ais, molann an cumann forbartha nach mbeadh cead ag duine a bheith ina bhall tofa ar Bhord an Údaráis agus ina bhall chomh maith den Dáil, den Seanad ná d’aon Údarás Áitiúil.

Deirtear go bhféadfadh duine atá tofa cheana féin mar chomhairleoir contae seasamh i dtoghchán an Údaráis ach go gcaithfeadh an duine sin éirí as an gcomhairle contae chun dul ar bhord an Údaráis.

Maidir le baill a cheapadh, deir Cumann Forbartha Chois Fharraige go bhféadfaí cead a thabhairt d’Aire na Gaeltachta daoine a mbeadh inniúlachtaí éagsúla acu a cheapadh ach go gcaithfeadh tromlach na mball a bheith tofa go daonlathach.

Molann an cumann forbartha freisin go mbeadh ar aon duine atá le seasamh sa toghchán ainmniúchán a fháil ó choistí pobail, comharchumainn agus eagraíochtaí cuí eile 

“Mar shampla le go mbeadh cead ag duine seasamh, d’fhéadfaí a leagan síos go dteastódh ainmniúchán ó ar a laghad 3 choiste [ó liosta oifigiúil a chuirfí le chéile] as trí Limistéar Pleanála Teanga éagsúla. Ba cheart ansin na coistí atá ag ainmniú na n-iarrthóirí a bheith ar an bpáipéar ballóide.”

Tá ráite ag an gcumann forbartha freisin nár cheart go mbeadh cead ag daoine i gceantair Ghaeltachta i gcathair na Gaillimhe vóta a chaitheamh i dtoghchán an Údaráis. Deirtear nach mbíonn an tÚdarás ag feidhmiú i gcathair na Gaillimhe agus go bhféadfadh níos mó vótaí a bheith ag muintir chathair na Gaillimhe ná mar a bheadh ag muintir Chonamara. Chun freastal ar dhaoine ón nGaeltacht atá ina gcónaí sa chathair, deirtear go bhféadfaí vóta a thabhairt dá leithéidí ach iad a bheith cláraithe mar vótálaithe seachtracha.

Dé hAoine seo caite a tháinig deireadh leis an bpróiseas comhairliúcháin phoiblí faoi thoghchán an Údaráis a thabhairt ar ais agus faoin tslí a roghnaítear comhaltaí an Bhoird.

Tá leid tugtha cheana ag Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers gur meascán de thoghchán agus próiseas ceapacháin ab ansa leis féin i gcás an Bhoird. 

Bhí ceist sa suirbhé ar líne mar chuid den chomharliúchán a bhain le toghcháin ar leith a reáchtáil do réimsí áirithe de shaol na Gaeltachta. D’fhéadfaí mar shampla toghchán ar leith a reáchtáil chun teacht ar dhaoine don Bhord a dhéanfadh ionadaíocht ar lucht pleanála teanga, ar na comharchumainn Ghaeltachta nó ar earnáil ghnó na Gaeltachta.

Agus iad ag labhairt le Tuairisc cheana, dúirt beirt d’iarchathaoirligh an Údaráis, Seán Ó Neachtain agus Liam Ó Cuinneagáin, gurbh fhearr go dtoghfaí gach duine ar an mBord.

Cuireadh deireadh le toghchán an Údaráis in 2012 agus laghdaíodh líon na gcomhaltaí ar an mbord ó 20 go 12 comhalta. Is é Aire na Gaeltachta a cheapann seachtar comhaltaí, an cathaoirleach san áireamh, agus ainmníonn na comhairlí contae a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndlínse cúigear comhaltaí eile.

Gheall ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin go dtabharfadh sé ar ais toghchán an Údaráis dá mbeadh sé ina Thaoiseach, ach níor tháinig an gealltanas sin slán sna comhráite maidir le bunú an chomhrialtais.

Gealladh sa Chlár Rialtais a d’aontaigh Fianna Fáil le Fine Gael agus an Comhaontas Glas go ndéanfaí athbhreithniú ar struchtúr rialachais an Údaráis agus ar an gcinneadh deireadh a chur leis an toghchán.

Fág freagra ar 'Moladh déanta nach mbeadh cead ag comhairleoirí contae suí ar Bhord Údarás na Gaeltachta'

  • Bean

    Fir.

  • An Teanga Bheo

    Cuairimí is cumhacht níos mó ag an chomhairle condae ná Údarás ??????