Mol an óige? Scrios ar an óige, a deirim…

AN SAIGHDIÚIR SAMHRAIDH: Rómáns Comáin, Maigh Woe agus rothaithe óga atá ag déanamh tinnis dár striapach de Shaighdiúir an tseachtain seo

Mol an óige? Scrios ar an óige, a deirim…

INPHO/Morgan Treacy

Scrios ar an óige

Spreagann an Tour de France – agus an dea-aimsir – an Saighdiúir Samhraidh le tabhairt faoi na bóithre. Tá an saighdiúir seo ag treabhadh leis le cúpla seachtain anuas i gcuideachta Froome, Martin et al. Bhuel, ní go díreach. Ní bheadh sé de dhánacht ionam líon beag bocht na mílte a chaithim ar an rothar a admháil go poiblí. Is mise an rothaí is fadálaí a chonaic tú riamh. Caithim idir uair agus dhá uair an chloig ar an Trek agus mé ag troid in éadan na feola ar an bholg a charnann de thairbhe na gcriospaí ar an tolg. Ní lúthchleasaí mé – ach déanaim mo dhícheall.

Mar sin féin, tagann an t-am go n-aithníonn tú nach leor do dhícheall. Mé amuigh ar an rothar, ag sceanadh na mbóithre – nó sin a shíl mé – nuair a tháinig rothaí eile a fhad liom, fear óg sna 20í. D’aithin mé ar a gheansaí gur bhain sé le cumann áitiúil rothaíochta. Chuaigh muid chun cainte píosa den bhealach. Labhair muid faoi rothair – bhí rothar galánta airgid aige – labhair muid faoi CLG; labhair muid faoi staitisticí an rothaí amaitéaraigh.

Sea, bhí comrádaí nua óg bóthair agam; bhí mé in ann cos agus roth a choinneáil le fear a bhí leath m’aoise. Bhí an saol go réidh agam. Rothaí den scoth a bhí ionam; Oisín i measc na bhFiann. Aisling bhréige a bhí ann. “So,” ar seisean, “are you retired?”

Tá mé bliain is caoga d’aois. Mol an óige? Scrios ar an óige, a deirim.

INPHO/Cathal Noonan

Rómáns Comáin v Maigh Woe

Cé chomh holc agus atá peileadóirí Corgi? Tá peileadóirí Corgi chomh holc sin gur chloígh Maigh Woe iad. Sin chomh holc agus atá siad. 27 cúilín a scóráil Maigh Woe. 27 cúilín! I gCraobh na hÉireann! Ní bheifeá ag súil go ligfeadh foireann faoi sé déag 27 cúilín thar an trasnán – gan a bheith ag caint ar fhoireann shinsearach chontae. Slán le Corgi agus ar aghaidh le Maigh Woe.

Seans, ámh, gur ar Corgi a bhí an t-ádh. Is ag tabhairt aghaidh ar Ros Comáin a bheidh Maigh Woe sa chluiche ceathrú ceannais ar ball agus nach bocht an dúshlán atá rompu? An bhfuil duine ar bith ann nach bhfuil ar son Ros Comáin? An bhfuil duine ar bith ann nach gcuirfeadh fáilte roimh Ros Comáin i gcluiche leathcheannais peile na hÉireann?

Tá rómáns de dhíth ar an pheil agus is é Ros Comáin a thabharfaidh an grá sin dúinn, póg na peile, paisean na n-oilithreach i gcríocha aineoil, paidreacha paiseanta na bhfíréan.

Sea, seo chugainn Rómáns Comáin – contae beag a bheas le feiceáil ar an stáitse mhór mura gcuireann Maigh Woe cos i bpoll leis an aistear chun na haislinge.

Maigh Woe! Maigh Woe! Maigh Woe! Má bhaineann siad, cuirfidh siad olc ar mhórán daoine agus má chailleann siad, cuirfidh sé leis an dímheas atá orthu cheana féin.

Cé a d’imreodh peil do Mhaigh Woe?

INPHO/Presseye/Lorcan Doherty

Striapach de shaighdiúir

Tá Arrgh Mhacha le haghaidh a thabhairt ar Chill Dara Dé Sathairn. Tá mórán cainte ar siúl faoi láthair ar an tseal a chaith bainisteoir Arrgh Mhacha, Kieran McGeeney, mar bhainisteoir ag Cill Dara. Ach ní ag Geezer amháin atá caidreamh casta leis an chontae áirithe seo. Tá an saighdiúir ina Thadhg an Dá Thaobh chomh fada agus a bhaineann sé leis an chluiche seo de. Tá mé pósta ar bhean as Ard Mhacha – mholfainn go mór bean as Ard Mhacha a phósadh má bhíonn deis agat – ach is de bhunadh Chill Dara mo shin-seanathair. Cibé, rud a tharlaíonn Dé Sathairn, beidh an striapach seo de shaighdiúir le fáil i gcathlán na mbuaiteoirí. Is fada an samhradh é gan chuideachta chaide!

INPHO/Tommy Dickson

Is olc an ghaoth…

Dála an scéil, nach ar na Conallaigh a bhí an t-ádh agus an mí-ádh sa pheil? Chloígh na Gaillimhigh gan stró iad – toradh nach raibh súil agam leis ach sin an fáth gur saighdiúir mé agus ní ginearál. Bhí sin olc go leor nó as Dún na nGall athair m’athar agus sin contae eile de mo chuid ar shlí na fírinne i mbliana. Ach, ar a laghad, is ar SKY a bhí an cluiche agus ní dócha go bhfaca oiread céanna daoine an ghreasáil agus a d’fheicfeadh sa chás go raibh an cluiche le fáil saor in aisce ar RTÉ.

Is olc an ghaoth shantach nach séideann maith ar bith!

Fág freagra ar 'Mol an óige? Scrios ar an óige, a deirim…'