Móin Chonamara á húsáid agus fuisce á dhéanamh i nGaillimh den chéad uair le 100 bliain

Tá sé fógartha ag Drioglann Mhicil go bhfuil siad ag réiteach le fuisce a chur ar fáil chomh maith leis an bpoitín agus an jin atá á dtáirgeadh acu

Móin Chonamara á húsáid agus fuisce á dhéanamh i nGaillimh den chéad uair le 100 bliain

Tá obair ar bun ag driogaire Gaeltachta chun fuisce a dhéanamh i nGaillimh den chéad uair le breis is 100 bliain.

Tá sé fógartha ag Drioglann Mhicil go bhfuil siad ag réiteach le haghaidh fuisce a chur ar fáil chomh maith leis an bpoitín agus an jin a bhíonn á dtáirgeadh acu.

Deir bunaitheoir na drioglainne Pádraic Ó Griallais, arb as Indreabhán i nGaeltacht na Gaillimhe dó, go raibh sé mar aidhm aige i gcónaí fuisce a dhéanamh.

Cuireadh an chéad bhaisc den fhuisce i mbairillí ag tús na bliana agus beidh trí bliana ann sula mbeidh sé réidh le díol.

Is ag tús an chéid seo caite a dhún drioglann Persse i gcathair na Gaillimhe, ceann de na cinn ba mhó sa tír ag an am.

Deir Pádraic Ó Griallais, atá i mbun i mbun na drioglainne lena dheartháir Jimín, gur fuisce aon bhraiche a bheidh acu ar dtús agus gur úsáid siad móin a bhí acu sa mbaile le blas breá a chur ar an bhfuisce.

Bunaíodh Drioglann Mhicil in 2016 agus tá ionad acu i dteach tábhairne Oslo i mBóthar na Trá.

Poitín a bhí á tháirgeadh ar dtús acu agus thosaigh siad ag déanamh jin in 2018. Fógraíodh an mhí seo caite go raibh Bonn Airgid buaite ag Jin Mhicil ag Gradaim Jin an Domhain don dara bliain as a chéile.

Fág freagra ar 'Móin Chonamara á húsáid agus fuisce á dhéanamh i nGaillimh den chéad uair le 100 bliain'

  • An Teanga Bheo

    Uisce beatha is móin sin go maith