Moill ar straitéis náisiúnta do naíonraí Gaeilge de bharr post atá gan líonadh le trí bliana

Deir an Roinn Leanaí go bhfuil siad ‘ag cur tacaíochtaí i nGaeilge ar fáil chomh fada agus is féidir’

Moill ar straitéis náisiúnta do naíonraí Gaeilge de bharr post atá gan líonadh le trí bliana

Níor fostaíodh go fóill ach duine amháin den bheirt a bhí le ceapadh in 2019 chun tabhairt faoi straitéis náisiúnta a fhorbairt don luathoideachas Gaeilge.

Gealladh i bplean cúig bliana an Rialtais don Ghaeilge in 2018 go gcruthófaí dhá phost sa Roinn Leanaí chun forbairt a dhéanamh ar an soláthar luathoideachais trí Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus chun plean cuimsitheach a ullmhú don earnáil.

Dhá ‘Speisialtóir Luathbhlianta’ a bhí le ceapadh ag an Roinn Leanaí “le tacú le forbairt an oideachais trí mheán na Gaeilge i naíonraí taobh

amuigh den Ghaeltacht”. Ceapadh an chéad speisialtóir faoi dheireadh i mbliana ach níl an dara duine ceaptha fós.

Níl tús curtha go fóill le forbairt an phlean chuimsithigh d’fhorbairt an luathoideachais Ghaeilge i naíonraí an stáit.

Tá cruthú na bpostanna nua sa Roinn Leanaí ar cheann de na seacht ngníomh sa Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022 a ghéilltear a raibh moill leo ag deireadh na bliana seo caite.

Tá sé deimhnithe ag an Roinn Leanaí nach bhfuil an dara post líonta go fóill.

TUAIRISC: Bliain bhreise curtha ag an Rialtas lena bplean cúig bliana don Ghaeilge

Dúirt an tAire Leanaí Roderic O’Gorman gurb é an duine a ceapadh i mbliana i gceann den dá ról a bheadh freagrach as “stiúir” a dhéanamh ar cheapadh an dara duine “sna míosa amach romhainn”.

Gealltar chomh maith i bplean an rialtais go mbunófar “bonnlíne” nua ó thaobh acmhainní do naíonraí le cabhrú leo seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil. Is nuair a bheidh sin déanta a chuirfear tús le forbairt an phlean chuimsithigh.

San athbhreithniú bliantúil ar an bPlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022 a seoladh ag an Oireachtas inné, dúradh go raibh obair eile i dtaobh na Gaeilge ar siúl ag an Roinn Leanaí fad is a bhíothas ag fanacht leis an dara speisialtóir a earcú agus le tús a chur leis an bplean náisiúnta don oideachas luathbhlianta lasmuigh den Ghaeltacht.

“Idir an dá linn, tá an Roinn ag leanúint ar aghaidh ag cur tacaíochtaí i nGaeilge ar fáil chomh fada agus is féidir. San áireamh leis seo, in 2021 cuireadh dhá mhála leabhar ar fáil do gach seirbhís luathfhoghlama agus cúraim leanaí faoin tionscnamh ‘An Leabharlann Bheag’.

“Bhí ábhar i nGaeilge ar fáil i ngach mála agus bhí gach rud i nGaeilge sa mhála leabhar a cuireadh ar fáil do naíonraí.”

Tá an coiste comhairleach atá ag plé le polasaí náisiúnta don ghaeloideachas a fhorbairt ag obair faoi láthair ar thuarascáil a léireodh cá bhfuil na bearnaí ó thaobh an tsoláthair oideachais lán-Ghaeilge, naíonraí san áireamh.

Beidh an t-eolas sin mar chuid den pholasaí cuimsitheach atá le forbairt don luathoideachas Gaeilge, a deir an Roinn Leanaí.

Fág freagra ar 'Moill ar straitéis náisiúnta do naíonraí Gaeilge de bharr post atá gan líonadh le trí bliana'