Moill ar fhoilsiú athbhreithniú ar mhí-iompar Gardaí de bharr líonmhaire na gcásanna

319 cás atá anois ann a bhaineann le gach rud, idir 'bhás tragóideach agus achrann sealúchais', a deir an tAire Dlí agus Cirt

00158641

Tá 319 gearán déanta leis an bpainéal a bhunaigh an tAire Dlí agus Cirt, Frances Fitzgerald, anuraidh chun athbhreithniú neamhspleách a dhéanamh ar mhí-iompar Gardaí. Dúirt an tAire gur iomaí cineál cáis atá i gceist, “from tragic deaths to property disputes”, ach ní fhéadfadh sí a rá cé mhéad de na cásanna a ndeachthas i ngleic leo go dtí seo.

Bunaíodh an painéal de bharr thuarascáil Guerin, a dhéileáil, i measc nithe eile, le líomhaintí a rinne an sceithire, an Sáirsint Maurice McCabe, i leith mí-iompar Gardaí.

Beirt abhcóidí sinsearacha agus cúigear abhcóidí sóisearacha atá ar an bpainéal, a roghnaíodh de bharr a dtaithí ar an gcóras ceartas coiriúil. Iarradh orthu scrúdú a dhéanamh ar chásanna mí-iompair Gardaí, féachaint ar phraiticiúil nó ar ghá tuilleadh gnímh a dhéanamh faoina gcomhair.

Ag freagairt ceiste inné di ón Teachta Dála, Mick Wallace, faoin méid cásanna atá curtha faoi bhráid an phainéil faoi láthair agus an méid díobh ar déileáladh leo, dúirt an tAire Dlí agus Cirt gur fhág líon agus castacht na gcásanna gur thóg sé níos faide ar an bpainéal an t-athbhreithniú a dhéanamh ná mar a ceapadh ar dtús. Níor fhreagair sí an tarna cuid de cheist Wallace, áfach, faoi cé mhéad cás a rabhthas tar éis déileáil leo.

Is iad na habhcóidí atá ar an bpainéal ná Connor Devally, Aileen Donnelly, Paul Carroll, John Fitzgerald, Tony McGuillicuddy, Siobhán Ní Chúlacháin, agus Karen O’Connor.

I measc na gcásanna a mb’éigean dóibh a iniúchadh, bhí cás Shane Tuohey, a bhfuarthas a chorp in abhainn na Brosnaí i gcontae Uíbh Fhailí sa bhliain 2002. Ba í breith na nGardaí ar an gcás sin gur chuir an tUasal Tuohey lámh ina bhás féin. Creideann a ghaolta beo, áfach, go raibh baint ag gníomh fealltach lena bhás agus go bhfuil fianaise air sin, ach nár cuireadh san áireamh in am í. Chuir Gardaí ráiteas finné ar fáil, áit ar mhaígh bean go raibh fonn ar an Uasal Tuohey socrú a dhéanamh leis féin. Shéan an bhean chéanna an méid sin níos déanaí.