‘Moill’ an Uachtaráin maidir le fógra faoin dara téarma ‘mífhéaráilte’ – Ó Céidigh

Deir Pádraig Ó Céidigh, an Seanadóir as an Spidéal i gConamara atá ag smaoineamh faoi sheasamh don uachtaránacht, nach bhfuil cothrom na Féinne á thabhairt ag an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn do dhaoine atá ag cuimhneamh ar ainmniúchán a lorg

‘Moill’ an Uachtaráin maidir le fógra faoin dara téarma ‘mífhéaráilte’ – Ó Céidigh

Tá ráite ag an Seanadóir Gaeltachta Pádraig Ó Céidigh nach bhfuil cothrom na Féinne á thabhairt ag an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn do dhaoine atá ag cuimhneamh ar sheasamh don uachtaránacht.

Dúirt Ó Céidigh, an fiontraí agus Seanadóir as an Spidéal i gConamara atá ag smaoineamh faoi sheasamh don uachtaránacht, gur chóir go mbeadh sé ráite “i bhfad roimhe seo” ag an Uachtarán cé acu an mbeidh nó nach mbeidh an dara téarma á lorg aige.

“Ní dóigh liom go bhfuil sé féaráilte go bhfuil sé á fhágáil chomh déanach seo agus tá sé á dhéanamh níos deacra do dhaoine atá ag smaoineamh faoi nó ag iarraidh tacaíochta,” a dúirt Ó Céidigh leis an Irish Independent.

Dúirt urlabhraí de chuid an Uachtaráin go ndéanfadh sé cinneadh faoin scéal an mhí seo chugainn agus nach raibh an cinneadh sin ina bhac ar aon saoránach ainmniúchán a lorg chun seasamh don uachtaránacht.

Tá Pádraig Ó Céidigh muiníneach go bhféadfadh sé dóthain tacaíochta a fháil, ón Oireachtas nó ó na húdaráis áitiúla, chun ainmniúchán a fháil.  Níl a intinn déanta suas aige go fóill faoi cé acu an seasfaidh nó nach seasfaidh sé agus déanfaidh sé a chinneadh, a deir sé, ag brath ar mhianta a mhuintire agus ar cé acu an mbeadh nó nach mbeadh seans “réalaíoch” aige toghchán a bhuachan.

Fág freagra ar '‘Moill’ an Uachtaráin maidir le fógra faoin dara téarma ‘mífhéaráilte’ – Ó Céidigh'