Seolfar ar líne anocht leabhar nua leis an údar Brian Ó Baoill faoin seal a chaith sé i bpríosún i 1985 mar gheall ar agóid a rinne sé in aghaidh a laghad Gaeilge a bhí á chraoladh ar sheirbhísí teilifíse RTÉ.
Chuaigh cúigear déag ar fad go príosún idir na blianta 1977 agus 1992 toisc gur dhiúltaigh siad ceadúnais teilifíse a cheannach mar agóid in aghaidh RTÉ.
Ba é Brian Ó Baoill, a bhí ina fheidhmeannach de chuid Údarás na Gaeltachta ag an am, an chéad duine ón nGaeltacht a daoradh.
Príosún is ainm den leabhar nua agus tá Uachtarán na hÉireann Micheál D Ó hUigínn agus an t-iarfheisire Eorpach Máire Geoghegan Quinn i measc na ndaoine a bhfuil teachtaireachtaí curtha ar fáil acu do sheoladh na hoíche anocht.
Tá Micheál D Ó hUigínn agus Máire Geoghegan Quinn ar na polaiteoirí is mó a luaitear le bunú Theilifís na Gaeilge i 1996.
Beidh seisiún plé faoi scéal na Gaeilge agus na teilifíse mar chuid d’ócáid na hoíche anocht chomh maith. Gormfhlaith Ní Thuairisg, Raidió na Gaeltachta, a bheidh mar chathaoirleach ar an plé.
Beidh beirt eile díobh siúd a chuaigh chun príosúin mar chuid d’fheachtas náisiúnta na gceadúnas teilifíse páirteach sa phlé – Íte Ní Chionnaith, iar-uachtarán ar Chonradh na Gaeilge, agus Ciarán Ó Feinneadha, an gníomhaí teanga.
Is iad na cainteoirí eile, Peadar Mac Fhlannachadha, a bhí ag plé le cúrsaí poiblíochta do lucht an fheachtais in éineacht le Beti Bean Uí Bhaoill; Osgur Ó Ciardha, mac le Cairbre Ó Ciardha a chuaigh chun príosúin mar chuid den fheachtas; Sorcha Ní Mhonacháin, iriseoir le Nuacht TG4; agus Andrea Ní Chuinn, mac léinn cumarsáide agus Gaeilge, OÉ, Gaillimh.
Tosóidh an seoladh anocht ar 7pm agus craolfar beo é ar leathanaigh Facebook Molscéal TG4, Glór na nGael, Foras na Gaeilge agus RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Cuireadh Brian Ó Baoill chun príosúin nuair a dhiúltaigh sé fíneáil £50 a gearradh air a íoc mar agóid in aghaidh a laghad Gaeilge a bhí á chraoladh ar sheirbhísí teilifíse RTÉ. Go Muinseo i mBaile Átha Cliath a cuireadh i dtosach é agus aistríodh go Teach Locháin é ina dhiaidh sin.
Scaoileadh amach ón bpríosún é nuair a chuaigh duine anaithnid i mbannaí air.
Dúirt sé le Tuairisc.ie in 2015 gur i dtús na bliana sin a fuair sé amach cé na daoine a d’íoc.
“Chuala mé ó dhuine den chéad ghlúin eile, a gclann féin, gurbh iad Nóirín Bheartla Shéamuis agus Paddy Staff, nach maireann, a chuaigh i mbannaí orm. Ní bhfuair mé é sin amach go dtí go raibh siad beirt básaithe. Cé nach raibh mé ag iarraidh go scaoilfí amach mé, tá mé an-bhuíoch díobh gur íoc siad agus ba le croí mór maith a rinne siad é,” a dúirt sé.
Dúirt sé le Tuairisc.ie nach raibh “aon súil ná dóchas” aige i 1985 go mbeadh stáisiún lán-Ghaeilge ann.
“An fhadhb a bhí agamsa leis ná nach raibh fiú 1% d’ábhar RTÉ á chraoladh i nGaeilge ag an am agus b’in é m’agóid. Ní raibh aon súil ag duine ar bith an tráth sin le stáisiún lán-Ghaeilge. Níor thosaigh an chaint air sin go dtí cúpla bliain ina dhiaidh sin nuair a bunaíodh an stáisiún bradach.
“B’fhiú go mór an seal a chaith mé sa phríosún, agus na rudaí eile ar fad a tharla thart ar an am sin. Murach é sin agus na hagóidí ar fad, ní bheadh TG4 anois againn. Bhí tacaíocht agam ón taobh amuigh agus an taobh istigh – dúirt an bardóir liom i Muinseo go raibh ‘go leor de mo chuid cairde’ ag na geataí, bhí agóidí i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh agus ag RTÉ féin. Bhí Gaeilge ag roinnt mhaith príosúnach agus bhí a gcuid tacaíochta siúd agam freisin,” a dúirt Brian Ó Baoill le Tuairisc.ie agus é ag caint linn in 2015.
An gearán a bhí ag an lucht agóide le linn na tréimhse sin ná go raibh teipthe ar RTÉ a ndualgas i dtaobh cláracha Gaeilge faoin Acht Craolacháin 1960 a chomhlíonadh. Bhí RTÉ beagán le cois fiche bliain ar an bhfód sa bhliain 1985 agus níos lú ná dhá uair an chloig Gaeilge in aghaidh na seachtaine a bhíodh á craoladh as 100 uair an chloig ar fad. Ní raibh ceadúnas ag Ó Baoill le cúig bliana nuair a cuireadh chun príosúin é.
Pádraig Ó Baoill
Comhghairdeas leat a Bhriain …leabhar uimhir 33. Sonas ort ar do bhreithlá
S. Mac Muirí
Treise leat a Bhriain.
Ar éigean a chreidfeadh daoine inniu a ghallda is a bhí an saol in Éirinn an t-am sin, 1977. Ní bhíodh ach uair go leith ag RnaG le craoladh gach tráthnóna, 17.30-19.00. Bhíodh leathuair an chloig de cheol roimhe sin. Molann an saothar so agus a ndeachaigh roimhe ar fad thú.