‘Mo shiopa LIDL’ – cluiche Gaeilge curtha ar fáil ag an ollchomhlacht ollmhargaí as an nGearmáin

Deir LIDL gur deis atá i gcluiche nua atá curtha ar fáil acu beagáinín siamsaíochta a bhaint as foghlaim na Gaeilge

‘Mo shiopa LIDL’ – cluiche Gaeilge curtha ar fáil ag an ollchomhlacht ollmhargaí as an nGearmáin

Tá cluiche Gaeilge ar líne curtha amach ag an gcomhlacht Lidl a deir gur deis atá ann beagáinín siamsaíochta a bhaint as a bheith ag foghlaim na Gaeilge.

Tá leagan Gaeilge agus Béarla den chluiche nua ‘Mo Shiopa Lidl’ curtha ar fáil ag lucht na sreang ollmhargaí as an nGearmáin ar an App Store agus an Play Store.

Tá an t-eolas ar fad faoin gcluiche nua foilsithe i mBéarla agus i nGaeilge ar shuíomh idirlín an chomhlachta.

Gealltar go rachaidh an té a imríonn ‘Mo shiopa LIDL’ ar “aistear ó stalla beag bídeach go hollmhargadh mór millteach” ach a chuid custaiméirí a choinneáil “sásta”. Dá shásta a bheidh a chuid custaiméirí agus dá mhéad acmhainní a thuillfidh an t-imreoir is ea is mó agus is fearr a bheidh a shiopa, a deirtear.