Mo rogha imeachtaí Gaeltachta don tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta…

Seo sciuird sciobtha trí roinnt de na himeachtaí sa Ghaeltacht (agus lasmuigh di) don tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta

Mo rogha imeachtaí Gaeltachta don tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta…

Tá ócáidí á n-eagrú ar fud na Gaeltachta do Sheachtain Oidhreachta 2019.

Seo sciuird an-sciobtha trí roinnt de na himeachtaí ar mhaith liom féin freastal orthu.

Anocht ar an gCeathrú Rua ní theastaíonn ach bróga compordacha don tsiúlóid oidhreachta ceithre chiliméadar ó Halla Éinne i lár an bhaile ag a 7.00pm.

I nDún na nGall anocht beidh ócáid dhátheangach, ‘I dTraidisiún na Farraige’, ar siúl in Oideas Gael, i nGeann Cholm Cille ag a gcíorfar tionchar na farraige ar amhráin, scéalta agus Gaeilge na háite.

Anocht sa Rinn i gcontae Phort Láirge, déanfar comóradh ar an Dámh Dhéiseach i gColáiste na Rinne ag a 8.00.

San oíche amárach tabharfaidh Seoirse Ó Dochartaigh caint i gCarn Domhnach ar Shloinnte agus Ainmneacha Inis Eoghain agus beidh neart d’amhráin Thír Chonaill á gceol aige chomh maith.

San oíche amárach in Oileán Éadaí i Maigh Eo beidh ceol agus seanchas i dteach airneáin Jack óna 7.30 pm.

Má tá buairt ná imní ort tabhair faoi cheann de na siúlóidí ar bhruach abhainn na Gleoire a bheidh ar siúl gach lá an tseachtain seo. Óna trí go dtí a cúig a bheidh sí amárach.

I mBéal Deirg ar an Satharn seo chugainn ag a 6.00pm, tabharfaidh fear na haeráide, Padraig McAvock caint faoin aimsir in iarthar na tíre le daichead bliain.

Beidh lá mór i Leitir Fraic ar an Domhnach ó mhaidin go tráthnóna don té ar spéis leis nó léi adhmadóireacht, siúinéireacht, agus athchóiriú troscán. Má bhuaileann fonn siúil thú, is fiú dul go mullach Bhinn Ghuaire agus breathnú thart ort.  Nuair a bheidh tú thiar sna bólaí sin is fiú breathnú ar an taispeántas atá sa bPáirc Náisiúnta ansin de shaothar cloiche na Gaillimhe.

Sa gCreagán ar an Eachréidh ag caitheamh crúite (cruife) a bheidh siad san iarnóin ag an Demesne ansin. I mBaile Locha Riach ag an am céanna beidh ceardlann spéisiúil ar obair chnáibe. Cá bhfios nach mbeadh róipín cnáibe ag teacht abhaile agat?

In Uachtar Ard san oíche Dé hAoine tabharfaidh Kathleen Villiers-Tuthill as an gClochán caint faoin obair a rinne an t-innealtóir Alex Nimmo i gConamara sa 19ú céad, fear a d’fhág a lorg go láidir ar chéibheanna an cheantair.

In Árainn na Naomh beidh Féile na bhFlaitheartach ar siúl agus saothar na scríbhneoirí cumasacha as Gort na gCapall á phlé agus an cairdeas a bhí idir Liam agus údar Ros Muc, Pádraic Ó Conaire.

Ag meán lae ar an Domhnach beidh siúlóid ag Dúchas na Gaillimhe faoi Mhná Iomráiteacha na Gaillimhe agus 14 bean as Gaillimh á gcomóradh le linn na siúlóide.

I gCorca Dhuibhne tá saorchead isteach go dtí an Músaem i mBaile an Fheirtéaraigh i rith na seachtaine seo agus neart ceardaíochta is seandálaíochta ar siúl ansin. Beidh siúlóid threoraithe go dtí Cuan an Chaoil Déardaoin ag 2.30 pm.

Más míolta móra atá uait bí ag Ceann Sratha ar Cheann Sléibhe idir a 2.00 pm agus a 5.00 pm ar an Satharn mar a dtabharfaidh an Grúpa Éireannach maidir le Míolta Móra agus Deilfeanna deis duit dul ag faire ar mhíolta na mara. Deirtear leat gléasadh go cóiriúil, d’acmhainn grinn agus na cianradharcáin a thabhairt leat.

Beidh long suirbhéireachta na mara le cé sa Mhuiríne sa Daingean ar an Satharn agus fáilte romhat ar bord.

I leabharlann Bhaile Bhuirne, tabharfaidh Enda Walsh caint ar Sheanscoileanna tréigthe na hÉireann – foinse agus tobar cuimhní.

Más san ardchathair duit ní call duit an baile a thaobhú chor ar bith an tseachtain seo, tá an oiread sin imeachtaí spéisiúla ar siúl, go leor acu saor in aisce. Déardaoin ag 6.00 pm i Sráid an Phiarsaigh beidh léacht i gcuimhne ar an Dr Shane Kenna ag an staraí agus foilsitheoir Micheál Ó Doibhlin faoi mharú Cavendish agus Burke i bPáirc an Fhionnuisce. Foilsíodh leabhar Shane Kenna faoin marú sin tar éis a bháis anabaí.

Aon duine ar suim leo duine de laochra na mbocht agus na n-easlán in Éirinn, an Dr Kathleen Lynn, tá taispeántas faoina saol ar siúl i gColáiste na Lianna ar Shráid Chill Dara.

Buail isteach go Coláiste na Tríonóide ag a 4.00 pm Déardaoin mar a mbeidh Seanchas Cois Tine ar siúl in Amharclann Maxwell agus Roinn na Gaeilge ag tabhairt blaiseadh den seanchas as litríocht na Gaeilge.

Dé hAoine féadfaidh tú turas treoraithe as Gaeilge a thabhairt ar Theach Farmleigh i bPáirc an Fhionnuisce ag 12.30 ach é sin a chur in áirithe.

Tá gach eolas faoi na himeachtaí seo agus go leor leor eile le fáil ag www.heritageweek.ie

Fág freagra ar 'Mo rogha imeachtaí Gaeltachta don tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta…'