MO ROGHA BIA… Veronica Ní Ghríofa

Don tsraith seo ceistíonn Tuairisc.ie daoine aitheanta faoin mbéile speisialta atá acu. An tseachtain seo Veronica Ní Ghríofa, láithreoir Ó Cuisine Ó Cuisine, gach Céadaoin ar TG4 ag 8.30 i.n.

Veronica Ní Ghríofa- Ó Cuisine

B’fhéidir gurb é a réitíonn tú nuair a bhíonn ócáid speisialta agat nó dá mbeadh lá fada agat agus bia suaimhneach uait ina dhiaidh. Fiú mura bhfuil ann ach ceapaire cáise, an bhfuil bealach ar leith agatsa lena réiteach; cén t-arán a theastaíonn, nó an gcaithfidh tú im Kerrygold a bheith agat nó an amhlaidh nach bhfuil aon mhaith ann?

B’fhéidir gur maith leat a bheith ag cócaireacht agus go bhfuil mias ar leith a thaitníonn leat a réiteach, stobhach mairteola mealltach, seans. Pé béile nó mias é, más uasal nó íseal é, tá Tuairisc.ie ag iarraidh do scéal faoin mbéile is deise leat.

An tseachtain seo roinneann Veronica Ní Ghríofa, láithreoir Ó Cuisine  a scéal linn.

Bridget Bhreathnach: Cén béile speisialta atá agat?

Veronica Ní Ghríofa: Toirtín cáise Baileys, ní féidir é a bhualadh

BB: Cén scéal atá agat leis an mbéile, cén fáth go dtaitníonn sé leat?

Veronica: Is breá liom milseoga agus an chosúlacht sin orm tá’s agam (ha ha) …ach nuair a bhíonn ceiliúradh speisialta ar bun níl aon duine le bheith ag smaoineamh ar na diabhail ‘calories’ agus ag na hamanna sin níl aon mhilseog níos deise ná níos blasta ná an toirtín cáise Baileys.

BB: Cén deoch a chuirfeá leis?

Veronica:  Is uisce a ólaim féin i gconaí le mo bhéile, ach é sin ráite bheadh gloine fuar Prosecco go hálainn leis seo.

BB: Céard iad na comhábhair?

Veronica:

Don bhonn brioscaí

300g brioscaí Digestive

150g ime

Don líonadh

200ml uachtar dubailte buailte

600g cáis Philadelphia

100g siúcra reoáin (icing)

200ml Baileys (bí flaithiúil leis!)

Paicéad amháin gelatine

50g seacláid (don mhaisiú)

BB: Cén modh déantacháin atá leis? – le gur féidir le léitheoirí Tuairisc.ie é a thriáil sa mbaile!

Veronica:

Cuir na brioscaí isteach i mála agus bris suas iad leis an gcrann fuinte.  Leáigh an t-im agus measc na brioscaí le chéile.  Déan stán a chuimilt le beagán ime agus cuir an meascán isteach anseo.  Brúigh síos go maith é ag déanamh cinnte go bhfuil sé cothrom, ansin cuir isteach sa gcuisneoir é le fuarú ar feadh uair a chloig.

Anois tosaigh ar an líonadh.  Leag babhla beag pyrex os cionn uisce atá ag suanbhruith, isteach anseo measc an gelatine agus an Baileys go dtí go mbeidh sé leáite.  Tóg den uisce agus leag i leataobh é.  I mbabhla eile buail an t-uachtar go mbeidh sé ag déanamh pící righin, measc isteach an Philadelphia agus an siúcra reoáin.  Measc go maith é.  Doirt isteach an meascán Baileys anois agus arís tug meascadh maith dó.  Cuir an meascán seo anuas ar an mbonn brioscaí agus slíoc amach é go mbeidh sé mín.

An maisiú. Mionghearr nó grátál an seacláid agus scaip thart ar a bharr.  Sin é!  Fág sa gcuisneoir thar oíche agus bí réidh le bheith sna glóire nuair a bhlaisfidh tú dó!  

Veronica Ní Ghríofa, Láithreoir Ó Cuisine atá le feiceáil gach Céadaoin ar TG4 ag 8.30pm.

Fág freagra ar 'MO ROGHA BIA… Veronica Ní Ghríofa'