Mo ghrá iad, na Francaigh! Nuair a théann siad ar stailc, téann siad ar stailc. Seasann gach éinne leo agus labhraíonn siad d’aon ghuth amháin.
Mar agóid in aghaidh pholasaithe Macron i dtaobh na bpinsean a tháinig na mílte amach is a chuir stop le gnó na Fraince le déanaí. Agus é seo go léir i ndiaidh breis is bliain d’agóid na gilets jaunes a léirigh míshástacht na bhFrancach le polasaithe an nualiobrálachais.
Tá impleachtaí móra aige seo don Aontas Eorpach ar fad, mar ar ndóigh tá an tAontas féin i ndiaidh tús áite san eacnamaíocht a thabhairt don nualiobrálachas – is cuma cén costas a ghearrfaí ar ghnáthshaoránaigh.
Sea, tá sé scríofa i gConradh Maastricht. De réir alt 119 tá dualgas ar gach aon bhallstát glacadh le polasaí eacnamaíochta a chuirfear i bhfeidhm de réir phrionsabail eacnamaíochta an tsaoriomaíochta.
Tá dúshlán na bprionsabal sin á dtabhairt ag aicme oibre na Fraince.
Luaigh mé costas na hagóide. Cé nach bhfaigheann agóidí na gilets jaunes aon phoiblíocht sna meáin s’againne i gcomparáid leis an gclúdach cuimsitheach a dhéantar ar na heachtraí in Hong Cong, tá beirt maraithe sa bhFrainc i mbun agóide, tá súil caillte ag cúigear, is tá na céadta gortaithe is na mílte gafa.
Ach fós, níl aon stop leis an agóid.
Is iad na ceardchumainn, is go háirithe an ceardchumann cumannach an CGT, a d’eagraigh an stailc mhór. Ach go hiondúil is ar éigean go mbíonn an eite chlé le feiceáil aon áit san Eoraip.
Tá na páirtithe cumannacha ar fud na hEorpa buailte ag titim an Aontais Shóivéadaigh, is tá na páirtithe sóisialta -daonlathacha imithe i dtreo na heite deise – ach amháin i Sasana agus sa bPortaingéil, b’fhéidir.
Tá a leithéid le feiceáil arís sa nGearmáin le déanaí. Tá an páirtí sóisialta-daonlathach, an SPD, i gcomhrialtas le páirtí an rachmais sa tír sin agus tá na vótóirí i ndiaidh an SPD a thréigean go tiubh. Tá roinnt bheag acu sin ag dul leis an bpáirtí ar an eite chlé, Die Linke, ach tá cuid mhaith ag taobhú leis na Glasaigh is leis an bpáirtí frith-inimirceach an AfD.
Tá míshástacht ann go forleathan, ní hamháin i measc vótóirí ach i measc bhaill an SPD freisin. Agus tá ceannairí nua ón eite chlé tofa acu le dul i gceannas ar an bpáirtí.
Ach, in ionad briseadh le rialtas an rachmais ar an toirt, dúirt an cheannaireacht úr go mbeidís ‘réalaíoch’ maidir leis an gcomhrialtas.
Tá tacaíocht an pháirtí imithe síos arís mar gheall ar an gcinneadh sin agus ag timpeall 11% atá sí faoi láthair. Sin 11% ag páirtí a bhí i gceannas ar an rialtas cúig bliana dhéag ó shin, páirtí Willy Brandt is Gerhard Schroeder.
Agus cén fáth ar shocraigh siad a bheith ‘réalaíoch’? Toisc go bhfuil siad ag iarraidh cloí leis an Aontas Eorpach agus nach dteastaíonn uathu an Ghearmáin a lagú nuair atá Macron ag iarraidh brú ar aghaidh lena phlean féin i leith thodhchaí na hEorpa. Nach amhlaidh a bhí Páirtí an Lucht Oibre s’againne anseo in Éirinn réalaíoch agus stuama?
Idir an dá linn, toisc nach bhfuil an eite chlé sheanbhunaithe ag freastal ar mhianta na n-oibrithe – sa bhFrainc, sa Ghearmáin, sa mBreatain ó thaobh an Bhreatimeachta, agus abhus in Éirinn chomh fada is a bhaineann sé le chuile rud – tá oibrithe ag dul i muinín fórsaí eile, cuid acu atá ar an eite dheis.
Is léir an baol go dtiocfadh borradh faoin bhfaisisteachais is an ghráin ar mhionlaigh eachtrannacha amach anseo, ach fós ní féidir glacadh leis an míniú simplí. Tá an eite atá ar an bhfíordheis ag dul i dtreise toisc go bhfuil an eite chlé shóisialta-dhaonlathach i ndiaidh a lucht tacaíochta a thréigean.
Níl de leigheas air seo ach stop a chur leis an tréigean sin.
Ag an am céanna is léir go bhfuil an díospóireacht faoi thodhchaí na hEorpa, agus faoin sórt Eoraip ba chóir a bheith ann ag dul i ngéire, cé nach bhfuil rian ar bith den díospóireacht sin le feiceáil i meáin na hÉireann.
Tá bunaíocht na tíre seo, mar is dual do sclábhaithe, ag fanacht ina dtost go dtí go socróidh na máistrí an freagra ar na ceisteanna seo.
Comhcheannas i dtoll a chéile, a thugtar air seo.
Ach bímis ar an airdeall. Níor éirigh le páirtí frith-eachtrannach aon ghreim a fháil ar chúrsaí polaitíochta na tíre seo fós, ach má ligeann muid don scoilt seo idir na páirtithe agus na vótóirí dul ar aghaidh, tiocfaidh a leithéid de pháirtí i gceist anseo luath nó mall.
Nach bhfuil sé in am againn tosú ag smaoineamh, ag machnamh, agus ag díospóireacht faoinár dtodhchaí féin?
Fág freagra ar 'Mo ghrá go deo stailceoirí na Fraince!'