Más bearna fhada a bhí sna hocht mbliana a chaith foireann peile na bhfear i gCiarraí gan Craobh Shinsir na hÉireann a bhuachan, gorta ceart atá i gceist do na mná agus iad beagnach scór go leith bliain anois ag fanacht ar Chorn Bhreandáin Uí Mháirtín a thabhairt ar ais chun na Ríochta.
Níl níos mó buaite ag aon chontae ná an t-aon chraobh déag atá tugtha leo ag mná Chiarraí leis na blianta ach caithfidh tú dul siar go dtí 1993 don uair dheireanach a ndearnadar an beart, tráth nach raibh formhór mór na n-imreoirí a bheidh ag imirt don fhoireann inniu tagtha ar an saol.
Caithfidh siad an ceann is fearr a fháil ar churaidh na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh inniu más le Ciarraí an ceiliúradh sa chontae a choinneáil ag imeacht tamall eile tar éis bua na bhfear an deireadh seachtaine seo caite.
Bhuaigh An Mhí Craobh na hÉireann anuraidh le taispeántas iontach sa chluiche ceannais in aghaidh Átha Cliath agus chuir siad corn Roinn 1 na sraithe leis sin san earrach ach, mar sin féin, ní haon chuma dhochloíte a bhí orthu sa chraobh.
Bhuaigh Áth Cliath ar chontae na Mí i gcluiche ceannais Laighean ag tús an tsamhraidh, chríochnaigh siad ar comhscór le hArd Mhacha i mbabhta na ngrúpaí agus pointe ón sárthosach Emma Duggan agus gan ach 20 soicind fágtha a chloígh Gaillimh sna babhtaí ceathrú ceannais. Deireanach sa chluiche chomh maith a fuair siad an ceann is fearr ar Dhún na nGall le trí phointe eile ó Duggan sa chluiche leathcheannais.
Is iad mná na Mí rogha na coitiantachta do chluiche an lae inniu mar sin féin agus cúis leis. Tá Duggan agus Vikki Wall ar bheirt de na tosaithe is fearr sa tír ach imreoir den scoth í Niamh O’Sullivan chomh maith agus tá Stacey Grimes an-chumasach ó na ciceanna saora.
Taispeántas foirne ba chúis le bua na Mí i gcraobh 2021, áfach, agus cloíonn na himreoirí uile leis an gcóras atá curtha i bhfeidhm ag an mbainisteoir Éamonn Murray. Titeann an-chuid imreoirí siar ag cosaint agus tapaítear an luas agus an neart atá ag leithéidí Wall, Aoibhín Cleary agus Orlagh Lally.
Beidh ar Chiarraí a bheith foighneach más leo an lá a bheith leosan. Ní bheidh an Mhí ag iarraidh spás ar bith a thabhairt do Louise Ní Mhuircheartaigh, gaiscíoch na Ríochta. Tá 3-22 scóráilte ag an tosach ó Ard na Caithne go dtí seo sa chraobh – níos mó ná aon imreoir eile – ach beidh cúnamh ag teastáil ó bhean na Gaeltachta inniu.
Tá Síofra O’Shea breá ábalta an cúnamh sin a thabhairt. Tá trí chúl aimsithe aici le dhá chluiche anuas agus dá n-éireodh léi ceann eile a fháil inniu, ba mhór an spreagadh a bheadh ann. Tá an sprioc aimsithe go minic freisin ag Anna Galvin agus beidh taispeántas mór eile de dhíth ón gcaptaen.
Chas na foirne seo ar a chéile i gcluiche ceannais Roinn 2 na sraithe nuair a bhí bua deich bpointe ag mná na Mí. Tá Ciarraí feabhsaithe go mór ó shin agus tabharfaidh a dtaispeántais le cúpla cluiche anuas an-mhuinín dóibh. Feicfear inniu an bhfuil an bhearna sin laghdaithe a ndóthain acu.
Fág freagra ar 'Mná na Ríochta ag iarraidh an ceiliúradh a choinneáil ag imeacht ó dheas'