Mná Chorcaí chun cinn arís le haghaidh ainmniúcháin All-Stars peile na mban

Tá 11 ainmniúchán faighte ag curaidh na hÉireann, ceann níos mó ná an fhoireann a bhuail siad sa chluiche ceannais, Baile Átha Cliath

2014 TG4 All Ireland Ladies Senior Football Championship Final, Croke Park, Dublin 27/9/2015 Cork vs Dublin Cork's Valerie Mulcahy and Mairead Corkery celebrate at the end of the game Mandatory Credit ©INPHO/Ryan Byrne
Imreoirí Chorcaí, Valerie Mulcahy agus Mairead Corkery ag ceiliúradh Craobh na hÉireann a bhuachan. INPHO/Ryan Byrne

Agus a ndeichiú Craobh Uile-Éirinn buaite acu ó 2005, ní haon iontas é gurb iad peileadóirí Chorcaí atá ag ceann an tslua agus na h-ainmniúcháin do ghradaim All-Star TG4 do pheil na mban fógartha inniu.

Aon dhuine dhéag ó Chorcaigh atá ainmnithe san iomlán, an seisear imreoirí a bhfuil an deich gcraobh buaite acu, Geraldine O’Flynn, Deirdre O’Reilly, Bríd Stack, Briege Corkery, Rena Buckley agus Valerie Mulcahy, ina measc.

Ba ar Bhaile Átha Cliath a bhuaigh siad sa chluiche ceannais an mhí seo caite agus tá deichniúr ó fhoireann na hardchathrach ar ghearrliosta na bliana seo. Ar dhuine acu sin tá Sinead Goldrick atá ag lorg a ceathrú gradam as a chéile. Bhuaigh Port Láirge an chraobh idirmheánach agus tá triúr dá n-imreoirí, Maria Delahunty, Linda Wall agus a dheirfiúr Aileen, i measc na n-imreoirí a bhfuil ainmniúchán faighte acu.

ainmniúchán faighte chomh maith ag laoch Mhaigh Eo, Cora Staunton, atá sa tóir ar a deichiú gradam. Dá mbuafadh sí é, bheadh sí ar comhchéim le Mary Jo Curran, iarimreoir le Ciarraí, agus mar dhuine den bheirt imreoirí is rathúla ó tháinig ann do na gradaim.

Chomh maith leo siúd, tá ainmniúcháin faighte ag imreoirí ó Ghaillimh (5), ó Chiarraí (5), ó Mhuineachán (3), ó Dhún na nGall (3), ó Ard Mhacha (2) agus ó Liatroim (1).

Ainmneofar na buaiteoirí uile ag an searmanas bronnta an mhí seo chugainn, 21 Samhain.

Cúl Báirí

Martina O’Brien (Corcaigh), Ciara Trant (Baile Átha Cliath), Linda Martin (Muineachán)

Cosantóirí

Marie Ambrose (Corcaigh), Vera Foley (Corcaigh), Geraldine O’Flynn (Corcaigh), Bríd Stack (Corcaigh), Deirdre O’Reilly (Corcaigh), Treasa Doherty (Dún na nGall), Ciara Hegarty (Dún na nGall), Olwen Carey (Baile Átha Cliath), Sinead Goldrick (Baile Átha Cliath), Sinead Finnegan (Baile Átha Cliath), Sorcha Furlong (Baile Átha Cliath), Muireann Ní Scanaill (Baile Átha Cliath), Sinead Burke (Gaillimh), Áine Seoighe (Gaillimh), Aislinn Desmond (CiarraÍ), Caroline Kelly (CiarraÍ), Cáit Lynch (CiarraÍ), Linda Wall (Port Láirge)

Imreoirí Lár Páirce

Caroline O’Hanlon (Ard Mhacha), Rena Buckley (Corcaigh), Briege Corkery (Corcaigh), Geraldine Conneally (Gaillimh), Bernie Breen (Ciarraí), Fiona McHale (Maigh Eo)

Tosaithe

Aimee Mackin (Ard Mhacha), Valerie Mulcahy (Corcaigh), Ciara O’Sullivan (Corcaigh), Annie Walsh (Corcaigh), Geraldine McLaughlin (Dún na nGall), Lyndsey Davey (Baile Átha Cliath), Noelle Healy (Baile Átha Cliath), Niamh McEvoy (Baile Átha Cliath), Carla Rowe (Baile Átha Cliath), Tracey Leonard (Gaillimh), Patricia Gleeson (Gaillimh), Louise Ní Muircheartaigh (CiarraÍ), Áine Tighe (Liatroim), Cora Staunton (Maigh Eo), Cora Courtney (Muineachán), Caitriona McConnell (Muineachán), Maria Delahunty (Port Láirge), Aileen Wall (Port Láirge).

Fág freagra ar 'Mná Chorcaí chun cinn arís le haghaidh ainmniúcháin All-Stars peile na mban'