‘Místuama’ is ‘contúirteach’ a bheith ag brath chomh mór ar an margadh réadmhaoine – Ahern

D’admhaigh an tIar-Thaoiseach inniu go ndein sé botúin ach dúirt sé nár cuireadh ó mhaith an dul chun cinn ar fad

Screen Shot 2015-07-16 at 17.33.19

Dúirt an tIar-Thaoiseach Bertie Ahern inniu go raibh sé ‘místuama’ agus ‘contúirteach’ ligean don gheilleagar a bheith ag brath chomh mór sin ar an margadh réadmhaoine sna blianta roimh an gcliseadh eacnamaíochta.

Dúirt sé nach raibh inmharthana go mbeadh suas le 15% den gheilleagar ‘in aon chiseán amháin’, agus gabh sé leithscéal leis na daoine a bhí thíos leis.

Agus é á cheistiú ag an bhfiosrú baincéireachta inniu d’admhaigh an tIar-Thaoiseach go ndein sé botúin maidir le stiúradh an gheilleagair.

“Is fíor go ndearna mé botúin, admhaím an méid sin, ach déanann gach duine a bhíonn i mbun rialtais amhlaidh.

“Tuigim nach raibh an ceart i gcónaí agam le linn mo thréimhse mar Thaoiseach, ach is féidir liom a rá gan aon bhréag agus tá a fhios agam i mo chroí istigh go ndearna mé mo sheacht ndícheall chun leas mhuintir na hÉireann a dhéanamh. Cinnte, gabhaim pardún as na dearmaid a rinne mé, ach táim sásta freisin go ndearna mé go leor a bhí ceart.”

Cé gur ghéill sé go ndeachaigh sé amú, dúirt an tIar-Thaoiseach nach raibh aon smacht ag éinne ar an tubaiste a bhain den gheilleagar agus rinne sé cosaint láidir ar an méid, dar leis, a bhain na rialtais a raibh sé ina bhfeighil amach.

Dúirt sé go ndearna an “cúlú eacnamaíochta domhanda is measa ó 1929” ‘batráil’ ar gheilleagar na hÉireann sa tréimhse i ndiaidh dó éirí as mar Thaoiseach.

“Ach anois agus an stoirm sin ag dul in éag, éireoidh sé níos soiléire de réir a chéile go seasann fós go leor den mhéid a bhain muintir na hÉireann amach sna chéad deich mbliana den aonú haois is fiche.”

Thagair sé don athnuachan a rinneadh ar an infreastruchtúr, an infheistíocht a rinneadh i mbóithre, i scoileanna agus in ospidéil na tíre le linn na mblianta sin.

Níor cuireadh ó mhaith an dul chun cinn sin ar fad, a dúirt sé.

Dúirt sé nach raibh aon amhras ann ach gur fhág an margadh boilscithe réadmhaoine go raibh laige bunúsach ann sa gheilleagar agus gur chinntigh an cúlú domhanda nach ‘bogthuirlingt’ ach a mhalairt ba dheireadh leis an scéal.

“Ba gheal liom é mura dtarlódh sé riamh agus dá mbeadh breith ar m’aiféala agam is cinnte nach ndéanfainn gach rud mar a rinne.

Dúirt sé, áfach, nach raibh inchreidteacht ar bith ag baint leis an áiteamh go bhféadfadh geilleagar oscailte ar nós gheilleagar na hÉireann teacht slán ón gcúlú domhanda agus teip chóras baincéireachta an domhain.

Dúirt sé gur údar bróin aige an díobháil a rinne an ghéarchéim do dhaoine gur bhris sé a chroí go raibh teaghlaigh ag fulaingt dá dheasca.

Dúirt an tIar-Thaoiseach, áfach, go raibh sé ‘mí-ionraic’ a mhaíomh go raibh gach a bhí bainte amach ag an dtír curtha ó mhaith.

Fág freagra ar '‘Místuama’ is ‘contúirteach’ a bheith ag brath chomh mór ar an margadh réadmhaoine – Ahern'

  • cormac

    Sleamhain sanntach neamhscrupallach, ach is iad muintir na hEireann a thug moramh ollmhor do aris is aris eile. Cuimhnigh ar an ‘moladh’ a dhein Haughey air ‘an neach is glice orthu uile’. Da dtiocfadh an Tiogar ar ais meas tu nach votalfai ar a shon aris? Taimid indiolta agus incheannaithe mar chine, is furasta sinn a reic agus tuigeann gach aon pholaiteoir an meid sin.

  • Séamas Mac Coitir

    Níl sa bhfianaise a thug Bertie Ahearn, ó thús go deireadh ach galamaisíocht agus briolla bhreaille. Ní haon ionadh gur díbríodh as a pháirtí féin é, mar gurbh ábhar náire dóibh é a choinneáil mar bhall den bpáirtí é feasta. Bhí sé soiléir óna iompar le linn dó a bheith ag tabhairt fianaise nach raibh puinn aiféala air faoin bpraiseach a d’fhág sé ar fud na mias ina dhiaidh!! A chonách sin air, agus an drochbhail a d’fhág sé ar an eacnamaíocht a tharla le linn dó a bheith ina cheann feadhain ar an rialtas!!l