Misneach is oscailteacht Shíle Seoige agus a cuid aíonna le moladh go mór

Sa chlár ‘Síle Seoige: Deireadh Tochta’ ardaíodh an brat rúndachta faoi bhreitheanna anabaí agus rinne Enda Kenny a début mar láithreoir ar ‘Iarnród Enda’

Misneach is oscailteacht Shíle Seoige agus a cuid aíonna le moladh go mór

Gach bliain bíonn breith anabaí ag na mílte ban. Mar gheall ar an náire agus an stiogma a bhaineann leis na tragóidí bíonn ar mhná ualach an uaignis a iompar laistiar de bhrat rúndachta. ’Séard a chuireann Síle Seoige roimpi sa chlár faisnéise dátheangach Síle Seoige: Deireadh Tochta (TG4, Dé Céadaoin) ná an brat seo a ardach agus spreagadh a thabhairt do mhná labhairt go hoscailte faoin mbreith anabaí.

Is ábhar pearsanta é seo do Shíle óir go raibh dhá bhreith anabaí aici féin le cúpla bliain anuas. Labhraíonn sí go hionraic faoin eispéireas seo agus na mothúcháin dhifriúla a d’airigh sí i rith na dtréimhsí corraitheacha sin. Cuireann sí caint ar mhná éagsúla a d’fhulaing breith anabaí. Tagann téamaí an tosta agus na náire chun cinn arís agus arís eile. An meitéareolaí Joanna Donnelly ag tabhairt chun cuimhne an uair go ndúirt duine éigin go neamh-mhothálach léi nach leanbh a bhí ann i ndáiríre agus amhrán álainn, lánmhothúcháin ó Bernadette Morris faoina breitheanna anabaí féin.

Í féin agus an t-amhrán ag trácht ar an gcneasú a bhaineann le hainm a bhronnadh ar a páiste. Rosanna Davison ag trácht ar an 14 breith anabaí a bhí aici féin. Ag tráth amháin dúirt sé lena céile Wes go raibh sí sásta é “a shaoradh” le go bhféadfadh clann a bheith aige.

Bhíos an-tógtha le hionchur Angela Bourke chomh maith agus í ag trácht go hionraic ar a heispéiris féin. D’airigh sí go raibh sí “dúnta amach as saol na mban” nuair ná féadfadh páiste a bheith aici. Teacht aniar le sonrú ina cuid cainte chomh maith agus í ag trácht ar an saol sona a bhain sí amach di féin.

Téann Síle chun cainte le lucht leighis is taighde sa réimse seo. Arís eile tá an scéal fite fuaite lena scéal pearsanta féin mar go bhfuil sí féin agus a leathbhádóir Damien ag smaoineamh ar iarracht a dhéanamh páiste eile a bheith acu.

Tá misneach is oscailteacht Shíle agus a cuid aíonna le moladh go mór. Tá a chion féin déanta ag an gclár seo leis an mbrat rúndachta a ardach.

Ar an Luan bhuail an t-iarThaoiseach Enda Kenny an bóthar ar a rothar agus é mar aidhm aige ré órga na n-iarnród a thabhairt chun cuimhne (Iarnród Enda, RTÉ 1). Sa tsraith dhátheangach sé chlár seo beidh sé ag spaisteoireacht ó Phort Rois go Clochán an Aifir, ó Chathair na Mart go hOileán Acla, ó Dhún Dealgan go hIúr Chinn Trá, ó Doire Cholmcille go hAilt a’ Chorráin agus ó Inis go hiarthar an Chláir. Ní fearr áit le tosnú ná dul ó Phort Láirge go Dún Garbhán mar a bhfuil bealach glas curtha in áit na ráillí. Is cinnte go gcuirfidh an tsraith seo idir mhaoithneachas agus fonn bóthair ort agus é ag gabháil trí tholláin agus ar tharbhealaigh.

Dhein sé dreasanna cainte le daoine éagsúla fan na slí fé ábhair éagsúla ó chúrsaí staire go cúrsaí turasóireachta. Ceann de na téamaí a tháinig chun cinn sa chéad ghála seo ná go bhfuil an bealach glas tar éis borradh a chur fé chúrsaí turasóireachta agus gur iontach an ní é le daoine a chur ag siúl is ag rothaíocht.

Ní haon Michael Portillo é an Enda seo againne agus bhí a theacht i láthair thar a bheith ciotach agus róshaothraithe in áiteanna. Bhí sé mealltach ina shlí féin agus nuair a chuas i dtaithí ar a stíl bhaineas taitneamh as an maoithneachas agus an tsiamsaíocht éadrom.

Fág freagra ar 'Misneach is oscailteacht Shíle Seoige agus a cuid aíonna le moladh go mór'

  • Pàdraig O Muircheartaigh

    Ní haon Enda Kenny Michael Portillo.Rinne Kenny clàr àgus Portillo clàr ar an àbhar céanna.Bhí clàr Kenny taitneamhach tarraingteach.Thaitin sé go mór liom go raibh an Ghaelainn làrnach sa chlàr àgus gur úsàid Enda rothar ar mhaithe leis an gcomhshaol.Éacht déanta aige.Maith thú a Enda