Míshuaimhneas ar dhá thaobh na teorann agus eolas gann faoin mBreatimeacht-gan-comhréiteach

An bhfuil an Bhreatain fós ag iarraidh brú a chur ar Éirinn margadh eisiach a dhéanamh leo?

Míshuaimhneas ar dhá thaobh na teorann agus eolas gann faoin mBreatimeacht-gan-comhréiteach

Blas beag den réalachas le braistint ar rialtas na Breataine i dtaca leis an mBreatimeacht?

Má tá!

Páipéir ‘theicniúla’ atá foilsithe acu chun a dhul i ngleic le cuid de na fadhbanna a bheadh ag 24 earnáil san Ríocht Aontaithe sa gcás go bhfágfadh sí an tAontas Eorpach gan margadh imeachta. Aitheantas éigin é seo go bhfuil gá le socruithe éigeandála ar fhaitíos nach mbeifí in ann réiteach a aimsiú ach má tá mionsonraí ullmhaithe, níor scaoileadh iad.

Tá ceist na teorann agus ‘an cúlstad’ ar cheann de na príomhchonstaicí atá sa mbealach ar réiteach faoin mBreatimeacht. Tá Michel Barnier agus lucht Bhaile Átha Cliath ag caint ar an ngá leis an ‘drámatúlacht’ a bhaint as an bplé faoin gcúlstad, cibé ní atá i gceist leis sin. Níl tada sna páipéir úra chun an fhadhb a fhuascailt.

Tá sraith cáipéisí eile le heisiúint sna seachtainí amach romhainn ach go dtí seo níl ráite faoin teorainn ach an mianliosta seanchaite: nach dteastaíonn teorainn chrua ón mBreatain, go seasfaidh sí go docht le Comhaontú Aoine an Chéasta agus nach ndéanfar neamhaird de chúinsí speisialta Thuaisceart Éireann sna pleananna don imeacht gan aon chomhréiteach as an AE. Níl tada feicthe fós faoi conas a bhainfí an cuspóir sin amach.

Ba chosúil gur mheas rialtas Theresa May go gcothódh foilsiú na bpáipéar teicniúil faoi ábhair amhail leigheas, airgead agus talmhaíocht muinín go mbeidh lucht Whitehall ullamh fiú mura ndéanfar margadh leis an mBruiséil. Ina ionad sin bhí an t-aer beo le ráflaí faoi na socruithe don ghuais ba mheasa.  Níor séanadh tuairiscí gur ordaíodh d’fheidhmeannaigh pleananna áirithe a choinneáil faoi rún mar gheall ar chomh scanrúil is a bhí siad.

Ina measc sin bhí luaidreáin faoin ngá a bheadh le gineadóirí éigeandála chun soláthar aibhléise do Thuaisceart Éireann a chinntiú. Más fíor, níl dóthain gineadóirí iniompartha don riachtanas le fáil. Tá seirbhís leictreachais uile-oileánda i réim le breis is deich mbliana faoi réir dhlíthe an Aontais Eorpaigh. Ó tá an tuaisceart ag brath ar aibhléis ón deisceart bheadh ceisteanna faoi sheasmhacht an tsoláthair sin dá bhfágfadh an Bhreatain an tAE gan margadh a bheith déanta. Sheachain na cáipéisí úra an fhadhb sin.

Theastaigh ó Státrúnaí an Bhreatimeachta, Dominic Raab a tháinig i gcomharbacht ar David Davis, stop a chur leis na ráflaí scanrúla nuair a d’fhógair sé an chéad bhaicle de shocruithe teicniúla Déardaoin. Ní bheifí ag brath ar shaighdiúirí chun bia a sheachadadh, a dúirt sé, agus ní chaithfí cógais leighis a stoc-charnadh cé go gcoinneofaí soláthar sé seachtaine sa bhreis.

Bhí sé soiléir áfach go mbeadh an t-uafás maorlathais i gceist agus gurb í an éiginnteacht an t-aon rud atá cinnte. I measc na moltaí, dúradh gurbh fhearr do lucht gnó bróicéirí custaim a fhostú chun foirmeacha a líonadh amach dóibh. É sin d’ainneoin na ngeallúintí ón lucht imeachta go mbeadh deireadh le ‘téip dhearg’ i dtír na haislinge tar éis an Bhreatimeachta. Deir an cháipéis go mb’fhéidir go mbeadh gá le bogearraí nua, bróicéir, seoltóir lastais agus ceadúnas ón HMRC, an tseirbhís chustaim agus chánach. Ar ndóigh bhainfeadh costas breise leis na céimeanna sin do na gnólachtaí.

I gcás Thuaisceart Éireann, agus an trádáil thrasteorann go sonrach, bhí lucht gnó ar buile mar gur chosúil go raibh Raab ag rá leo aire a thabhairt dóibh féin. Dochreidte, ar siad. Mhol sé dóibh teagmháil a dhéanamh le rialtas na hÉireann féachaint cé na socruithe a bheadh riachtanach. Admhaíodh gurb é seasamh Rialtas na hÉireann nach ndéanfaí socrú leithleach ar bith – gur i gcomhar le Coimisiún na hEorpa agus ballstáit eile an Aontais a dhéanfaí aon réiteach. ‘Tá Raab ag rá linn iarraidh ar Bhaile Átha Cliath ceist a chur ar an mBruiséil,’ a deir lucht gnó, ‘ach céard atá seisean a dhéanamh dúinn?’

Thug Raab leide go mbeadh an Bhreatain fós ag iarraidh socruithe leataobhacha le hÉirinn. Bhí sé sin ag teacht le dearcadh na ndaoine is díograisí atá sa tóir ar an mBreatimeacht crua agus an DUP a mhaíonn go seasta gur cheart d’Éirinn, d’ainneoin a ballraíocht san AE, a bheith ag feidhmiú i gcomhar leis an mBreatain. Go deimhin, tá roinnt sa pháirtí Caomhach, chomh maith le leithéidí Nigel Farage, den bharúil gur cheart d’Éirinn sampla na Breataine a leanúint –fiú nuair is é tuairim an mhóraimh gur ghníomh féindochair gan chiall a bheadh ann sinn a dhealú ón AE.

Maireann meon an choilínigh i bhfad.

Dúirt Dominic Raab Déardaoin go raibh dul chun cinn déanta ina chuid cainte le Michel Barnier faoi cheist na teorann. Níor thug sé sonraí faoi céard a bhí i gceist aige. Dúirt sé go raibh sé dóchasach go ndéanfaí comhréiteach le haghaidh imeacht na Breataine as an AE roimh Shamhain ach go raibh sé stuama treoracha áirithe a thabhairt don phobal chun a bheith faoi réir sa gcás go dteipfeadh ar an margáil.

N’fheadar an mó den suaimhneas a chothaigh an chaint sin sa Bhreatain Mhór.

Tá míshuaimhneas forleathan sa tír seo ar dhá thaobh na teorann, gan tada fógartha fós i Londain, Baile Átha Cliath ná sa Bhruiséil a mhaolódh ar an imní atá ar dhaoine faoin dochar a dhéanfaidh an Breatimeacht d’Éirinn.

Fág freagra ar 'Míshuaimhneas ar dhá thaobh na teorann agus eolas gann faoin mBreatimeacht-gan-comhréiteach'

  • Eoin Ó Murchú

    Ceapaim nach bhfuil comhairle Raab faoi dul i gcomhairle le rialtas Bhaile Átha Cliath chómh hamaideach sin. Má sheasann an Bhreatain lena ráiteas nach gcuirfidh siadsan bacanna ar an teórainn tá ceist fós ann: an gcuirfidh an tAontas Eorpach iad, agus an nglacfaidh rialtas na hÉireann leis sin. Ceapaim go gcuirfidh is go nglacfaidh. Mar sin níl freagra na ceiste ag Raab ach ag an AE is an rialtas ó dheas atá dílis dó.