I mBéarla a bhí seisiún oiliúna do bhaill nua ar bhord Fhoras na Gaeilge

Deir Foras na Gaeilge gur go dátheangach a reáchtáladh seisiún oiliúna do chomhaltaí boird nua, ach deir duine de na baill nua gur i mBéarla amháin a bhí an cur i láthair seachas cúpla focal 

I mBéarla a bhí seisiún oiliúna do bhaill nua ar bhord Fhoras na Gaeilge

Is i mBéarla atá oiliúint á cur ar na baill nua ar bhord Fhoras na Gaeilge, rud atá “thar a bheith míshásúil” dar le duine de na comhaltaí nua.

Nuair a cheistigh Tuairisc.ie Foras na Gaeilge inné faoi theanga na seisiún oiliúna, dheimhnigh an eagraíocht trasteorann gur labhair an té a rinne an cur i láthair do na baill nua i mBéarla.

Dúirt urlabhraí an Fhorais, áfach, go raibh na cáipéisí a bhain leis na seisiúin ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla agus go raibh seirbhís aistriúcháin chomhuaineach i bhfearas.

Nuair a rinne Tuairisc.ie teagmháil leis ina dhiaidh sin, dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, duine de na baill nua ar an mbord a bhí i láthair ag seisiún oiliúna, nach raibh sé sásta in aon chor leis na socruithe teanga a bhí i bhfeidhm.

“Sílim go bhfuil sé thar a bheith míshásúil,” a dúirt Mac Cárthaigh, iaruachtarán ar Chonradh na Gaeilge.

Dúirt Mac Cárthaigh gur i mBéarla amháin a bhí an cur i láthair, seachas cúpla focal ag tús an tseisiúin. Dúirt sé go raibh córas aistriúcháin ar fáil ach go raibh sé sin “ag cur as do chúrsaí níos mó ná aon rud”.

Nuair a fuair sé amach go mbeadh an seisiún oiliúna a d’fhreastail sé air i mBéarla, dúirt an t-abhcóide aitheanta gur cheistigh sé Foras na Gaeilge faoi cén fáth nach i nGaeilge a bheadh sé, ach mhaígh Mac Cárthaigh nach bhfuair sé freagra “sásúil”.

“Tá sé go dona agus ba cheart go mbeadh malairt socruithe déanta. Ní hé go bhfuil sé deacair teacht ar dhlíodóir le Gaeilge.”

Dúirt Foras na Gaeilge go raibh an oiliúint curtha ar fáil go dátheangach agus gur meascán Gaeilge agus Béarla a bhí i gceist.

Dúradh gur cuireadh an oiliúint ar fáil do chomhaltaí boird sa réimse a bhaineann le rialachas corparáideach ar mhaithe “le dea-chleachtais” agus le go mbeadh “gach eolas ábhartha acu [na comhaltaí] ar an réimse ríthábhachtach seo agus iad ag tabhairt faoina ndualgas nua”.

Dúirt urlabhraí de chuid an Fhorais gur ceapadh an comhlacht a chuir an oiliúint ar fáil trí phróiseas poiblí tairisceana agus go raibh cáil orthu maidir lena saineolais sa réimse. 

Dúradh go raibh tacaíocht curtha ar fáil ag an gcomhlacht céanna don Roinn Cultúir, Ealaíon, Meán, Turasóireachta, Spóirt agus Gaeltachta roimhe seo.

Is iad na baill nua a ceapadh ar Bhord an Fhorais ag deireadh na bliana seo caite; Dáithí Mac Cárthaigh, abhcóide; an Dr Neasa Ní Chiaráin, teangeolaí i gColáiste na Tríonóide; Ola Majekodunmi, craoltóir le Raidió na Life; Liam Rushe, an réalta iománaíochta de chuid Bhaile Átha Cliath; Liadh Ní Riada, iarpholaiteoir de chuid Shinn Féin agus oifigeach pleanála teanga; Kevin O’Hara, gníomhaí de chuid Shinn Féin i gConamara; Caoimhín Mac Giolla Mhín, gníomhaí de chuid Shinn Féin as Béal Feirste agus stiúrthóir Chiste Infheistíochta na Gaeilge; agus Doiminic Ó Brolcháin, iarpholaiteoir de chuid an SDLP.

Fág freagra ar 'I mBéarla a bhí seisiún oiliúna do bhaill nua ar bhord Fhoras na Gaeilge'

  • Glór na Farraige

    Cloisim go bhfuil an Foras ag eagrú “Seachtain an Bhéarla” le haghaidh 2022!

  • S. Mac Muirí

    Caithfidh FnaG a léiriú go fóill
    I) cén fáth ar caitheadh cnap airgid chomh fánach ar an mbéarla;
    II) cén fáth nár caitheadh an t- airgead soin ar chomhlacht a dhéanfadh an obair oiliúna i nGaeilg;
    III) cé tá freagrach as an mífheidhmiúlacht so?
    An té nach bhfuil feidhmiúil is fearrde an foras nach mbí sé ann.

  • Bríd

    Cad a dhéanann Foras na Gaeilge ná go deimhin na heagrais Ghaeilge eile atá bainteach leo? An iad an Foras amháin atá ciontach as a leithéide de dhroch chleachtas seo? B’fhiú a fhiosrú…..airgead an Stáit caite ar an mBéarla….

  • An Teanga Bheo

    naire ceart e seo teanga na tire ar an meir fhada

  • Antóin

    “Faoi réir Chomhaontú Aoine an Chéasta bunaíodh An Foras Teanga, Comhlacht Forfheidhmithe Thuaidh/Theas, chun an Ghaeilge agus an Ultais a chur chun cinn” Sin atá scríofa acu ar an suíomh gréasáin atá acu.

    Nach gceapfá go gceapfaidís gur den dea-chleachtas é cúrsa oiliúna a eagrú as Gaeilge. Ná cloisimis leithscéalta faoi dhátheangachas nuair nach bhfuil ann ach cupla focalachas.

  • Seosamh Ó Beirgin

    Cén dochair? Táim ag glacadh leis go raibh an seisiún oilúna tugtha ag comhlacht uaidh taobh amuigh den Fhoras. Tá súil agam gur fhoghlaim siad rud éicint as.