Míshástacht faoi threoir maidir le mí-úsáid leanaí scoile a bheith ar fáil i mBéarla amháin

Níl aon leagan Gaeilge ar fáil de 'Nósanna Imeachta maidir le Cosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus d'Iarbhunscoileanna', in ainneoin go bhfuil dualgas ar gach scoil sa tír ‘Ráiteas um Chosaint Leanaí’ a ullmhú roimh an 11 Márta

Míshástacht faoi threoir maidir le mí-úsáid leanaí scoile a bheith ar fáil i mBéarla amháin

Bláthnaid Ní Greacháin. Príomhfheidhmeannach ar Gaelscoileanna Teo

Tá an scéal nach bhfuil aon leagan Gaeilge curtha ar fáil ag an Roinn Oideachais de cháipéis thábhachtach a bhaineann le cosaint leanaí á fhiosrú ag an gCoimisinéir Teanga.

Thug Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas le fios go raibh gearán déanta ag an eagraíocht le hOifig an Choimisinéara Teanga faoi theip na Roinne Oideachais leagan Gaeilge den cháipéis ‘Nósanna Imeachta maidir le Cosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus d’Iarbhunscoileanna’.

Tá leagan Béarla den cháipéis seo ar fáil ó dheireadh na bliana seo caite agus tá dualgas ar gach scoil sa tír ‘Ráiteas um Chosaint Leanaí’ a bheadh de réir na nósanna imeachta nua a ullmhú roimh an 11 Márta.

Ag cruinniú a d’eagraigh Gaeloideachas i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine, léirigh príomhoidí scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna a míshástacht faoi easpa leagan Gaeilge de na nósanna imeachta nua maidir le cosaint leanaí i scoileanna.

De réir scéim teanga na Roinne Oideachais, tá dualgas orthu cáipéisí áirithe a fhoilsiú i mBéarla agus i nGaeilge.

Tá ráiteas iarrtha ar an Roinn faoin scéal ag Tuairisc.ie.

Tugann an cháipéis nua maidir le cosaint leanaí treoir do scoileanna maidir lena bhfreagrachtaí i leith na gcineálacha mí-úsáide a d’fhéadfaí a bhaint as leanaí agus conas mí-úsáid a aithint agus déileáil léi go cuí.

Leagtar amach chomh maith na nósanna imeachta maidir le tuairisciú a dhéanamh ar líomhaintí faoi mhí-úsáid agus ar ról Tusla agus an Gharda Síochána sa chás.

Tá teimpléid faoi leith curtha ar fáil chomh maith ag an Roinn Oideachais atá le húsáid ag scoileanna chun cuidiú leo a ráitis chosanta leanaí a ullmhú agus a chur i bhfeidhm agus chun tuairisciú a dhéanamh ar aon líomhaintí mí-úsáide. I mBéarla amháin atá na teimpléid seo curtha ar fáil chomh maith.

D’fhreastail os cionn 40 príomhoide ó scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna ar Chomhdháil na bPríomhoidí a d’eagraigh Gaeloideachas i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine.

Le linn an chruinnithe, dúirt Uachtarán Ghaeloideachais Anna Ní Chartúir go bhfuil 30 múinteoir tacaíochta teanga geallta do bhunscoileanna Gaeltachta agus  10 múinteoir geallta d’iarbhunscoileanna Gaeltachta don scoilbhliain 2018/2019, ach go gcaithfí éileamh a dhéanamh ar na huaireanta tacaíochta teanga agus plean gníomhaíochta á chur faoi bhráid na Roinne acu. Is é an Déardaoin, an 31 Eanáir, an spriocdháta do scoileanna Gaeltachta atá ag glacadh páirt sa Pholasaí Oideachais Gaeltachta a bpleananna gníomhaíochta a chur faoi bhráid an Aonaid um Oideachas Gaeltachta sa Roinn.

Pléadh freisin le linn an chruinnithe an ganntanas múinteoirí ionadaíochta i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Mar chuid den phlé sin, rinne na príomhoidí moltaí éagsúla chun dul i ngleic leis an bhfadhb. Moladh go mbunófaí painéal ar leith múinteoirí le hardchumas sa Ghaeilge agus go mbunófaí chomh maith painéil áitiúla múinteoirí ionadaíochta do scoileanna.

Dúradh chomh maith go gcaithfí liúntas agus cúiteamh cuí a thabhairt do mhúinteoirí i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta chun múinteoirí breise a mhealladh agus chun an obair bhreise a bhaineann leis an ngaeloideachas a aithint.

Fág freagra ar 'Míshástacht faoi threoir maidir le mí-úsáid leanaí scoile a bheith ar fáil i mBéarla amháin'

  • Steve Ryan

    It is sad – and ironic – to see a people intentionally kill their own language. There can be no doubt, though that the Irish themselves have decided to kill it.