‘Míshástacht’ agus ‘teannas’ fós ar oileán Thoraí faoi sheirbhísí farantóireachta

Tharraing Roinn na Gaeltachta siar fógra do chonradh do sheirbhís ghasta farantóireachta i ndiaidh dóibh gearán a fháil ó Chomharchumann Oileán Thoraí

‘Míshástacht’ agus ‘teannas’ fós ar oileán Thoraí faoi sheirbhísí farantóireachta

Tá “míshástacht” agus “teannas” i gcónaí i measc phobal Thoraí faoi chúrsaí seirbhísí farantóireachta an oileáin Ghaeltachta.

Dúirt Marjorie Uí Chearúil, bainisteoir Chomharchumann Oileán Thoraí, le Tuairisc.ie go bhfuil pobal an oileáin míshásta faoi fhógra tairisceana a chuir Roinn na Gaeltachta amach le gairid maidir le seirbhís farantóireachta ghasta don oileán, fógra ar tarraingíodh siar é i ndiaidh don chomharchumann gearán a dhéanamh faoi.

Cé gur tarraingíodh siar an fógra, dúirt Uí Chearúil gur cúis mhíshástachta don phobal é nach ndearna an Roinn aon teagmháil leo faoin tairiscint nua sular foilsíodh é ar shuíomh na hOifige um Sholáthar Rialtais, eTenders.

Dúirt bainisteoir an chomharchumainn gur chuir “gnéithe éagsúla” den tairiscint olc ar an phobal, ach gurb é an scéala nár ghá go mbeadh an bád gasta lonnaithe ar an oileán is mó a bhí ina údar imní.

Dúirt sí go ndeachaigh an comharchumann i dteagmháil le Roinn na Gaeltachta lena míshástacht faoin fhógra a chur in iúl agus gur baineadh anuas an fógra ina dhiaidh sin.

Bhí conspóid mhór ann níos luaithe i mbliana faoi sheirbhís farantóireachta Thoraí.

I mí an Mhárta, vótáil muintir an oileáin ar son glacadh leis an Queen of Aran mar bhád farantóireachta don oileán ach coinníollacha éagsúla a bheith curtha i bhfeidhm agus seirbhísí éagsúla eile a bheith curtha ar fáil.

Bhí  scoilt mhór i measc phobal Thoraí faoin vótá mar gheall ar thuairisc a réitigh Pól Ó Gallchóir, iarcheannasaí TG4 agus Cathaoirleach Bhord Fhoras na Gaeilge, a ceapadh chun réiteach a fháil ar an aighneas idir muintir an oileáin agus Roinn na Gaeltachta faoin tseirbhís farantóireachta.

112 duine a vótáil ar son glacadh leis na moltaí sa tuarascáil a réitigh Pól Ó Gallchóir faoin aighneas agus 103 duine a vótáil in aghaidh na moltaí.

Is iad na príomh-mholtaí i dtuairisc Uí Ghallchóir, ar chaith muintir an oileáin vóta fúthu ná go mbeadh dhá bhád farantóireachta ag an oileán– an ‘Queen of Aran’ agus bád beag eile a chuirfeadh seirbhís ‘ghasta’ ar fáil do 12 paisinéir – fad is a bheifí ag fanacht ar an mbád nua atá geallta do mhuintir Thoraí.

Cé gur ceapadh Pól Ó Gallchóir mar idirghabhálaí idir Roinn na Gaeltachta agus Comharchumann Thoraí i mí an Mhárta, agus mí fágtha aige sa ról sin go fóill, dúirt sí nach raibh aon teagmháil idir Roinn na Gaeltachta agus an comharchumann faoin tairiscint nua. Moladh i dtuarascáil Uí Ghallchóir chomh maith go mbunófaí Coiste Thoraí 2018 chun monatóireacht a dhéanamh ar an dá sheirbhís nua.

Dúirt Marjorie Uí Chearúil, bainisteoir Chomharchumann Oileán Thoraí nach raibh aon teagmháil ag Roinn na Gaeltachta leo faoi fhógairt an chonartha nua don bhád gasta.

Bhí Pól Ó Gallchóir, atá fós ag feidhmiú mar idirghabhálaí idir an Roinn agus pobal Thoraí, i láthair ag cruinniú poiblí ar an oileáin aréir ag ar pléadh na moltaí a foilsíodh i dtuairisc Uí Ghallchóir i mí an Mhárta seo caite.

Dúirt Uí Chearúil gur cruinniú “fiúntach” a bhí ann inar tugadh eolas don phobal maidir leis an dul chun cinn atá déanta i leith na moltaí sin.

Dúirt sí áfach, gur léir nach mbeidh na moltaí ar fad curtha i bhfeidhm roimh dheireadh na míosa seo chugainn, tráth a mbeidh tréimhse Uí Ghallchóir istigh, agus go raibh an comharchumann ag súil go bhfanfadh sé sa ról go mbeidh na moltaí ar fad curtha i gcrích.

Dúirt Uí Chearúil go bhfuil “teannas” ar an oileán i gcónaí mar gheall ar cheist na seirbhíse farantóireachta.

I ráiteas a chuir Roinn na Gaeltachta ar fáil do Tuairisc.ie tráthnóna, deimhníodh gur tarraingíodh an fógra don chonradh do sheirbhís ghasta farantóireachta i ndiaidh dóibh gearán a fháil ó Chomharchumann Oileán Thoraí.

“Foilsíodh Iarratas ar Thairiscintí ar eTenders le déanaí i dtaca le seirbhís ghasta farantóireachta chuig Toraigh.  Tar éis aighneachtaí a fháil ó phobal Thoraí, glacadh cinneadh an tIarratas ar Thairiscintí a tharraingt siar chun deis a thabhairt don Roinn ábhar na n-aighneachtaí a bhreithniú.

“Foilseofar leagan athbhreithnithe den doiciméad ar eTenders in am trátha nuair a bheidh an próiseas seo críochnaithe,” a dúradh i ráiteas ó Roinn na Gaeltachta.

Thug urlabhraí ón Roinn le fios chomh maith tráthnóna go mbeidh deireadh le tréimhse Phóil Úí Ghallchóir mar eadránaí i mí Dheireadh Fómhair.

 

Fág freagra ar '‘Míshástacht’ agus ‘teannas’ fós ar oileán Thoraí faoi sheirbhísí farantóireachta'