Míshásamh faoi aistriú campaí samhraidh chuig Muintearas – Seanadóir

Tá míniú á lorg ag Seanadóir Shinn Féin, Trevor Ó Clochartaigh, ar an gcúis a bhfuil cúram champaí samhraidh na Gaeltachta tugtha ar láimh ag Roinn na Gaeltachta do Mhuintearas

Trevor McHugh

Tá míniú iarrtha ar Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh, T.D., faoin gcinneadh riaradh Scéim na gCampaí Samhraidh sa Ghaeltacht a aistriú ó Roinn na Gaeltachta chuig Muintearas.

Tá an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh tar éis sraith de 12 de cheisteanna a chur chuig an Aire i scríbhinn ina n-iarrann sé bunús an chinnidh agus eolas breise faoin bpróiseas faoinar roghnaíodh Muintearas don chúram seo.

Dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh leis an Aire ina litir go bhfuil “míshásamh go leor” ann maidir leis an gcaoi a bhfuil an t-aistriú seo tarlaithe agus leis “na himpleachtaí a bhaineann leis an gcinneadh”.

Dúirt Ó Clochartaigh freisin go bhfuil cuid mhaith daoine tar éis teagmháil a dhéanamh leis, lucht na gcampaí féin ina measc, d’fhonn a n-imní faoin gcinneadh a chur in iúl dó. Dúirt sé go raibh lucht na gCampaí “drogallach na ceisteanna seo a ardú go poiblí” ar eagla go mbeadh “tionchar diúltach” aige sin ar aon iarratas a dhéanfaidís ar mhaoiniú amach anseo.

Teastaíonn ón Seanadóir Ó Clochartaigh go míneodh an tAire dó cé a rinne an cinneadh faoin ábhar agus agus má rinneadh athbhreithniú ar riaradh na scéime, an bhfuil aon tuairisc ar a thorthaí sin le fáil.

D’fhiafraigh sé den Aire an raibh aon imní air faoi choimhlint leasa a bheith ann de bharr go mbíonn Muintearas féin ag plé le campaí samhraidh. Cheistigh sé freisin an buntáiste a bheidh le fáil ag pobal na Gaeltachta as an gcinneadh chomh maith le ceisteanna faoi chúrsaí buiséid.

Fág freagra ar 'Míshásamh faoi aistriú campaí samhraidh chuig Muintearas – Seanadóir'