MISE AGUS AN GHAELTACHT: ‘Labhair mé le duine ar bith i Rann na Feirste a bhí éigiallta go leor éisteacht liom’

Sa tsraith nua seo, tráchtann Gaeil aitheanta éagsúla ar an gceangal atá acu leis an nGaeltacht agus ar a tábhacht dóibh. An tseachtain seo Rann na Feirste rogha ár n-údair…

MISE AGUS AN GHAELTACHT: ‘Labhair mé le duine ar bith i Rann na Feirste a bhí éigiallta go leor éisteacht liom’

Pictiúr: rannafast.tumblr.com

I Rann na Feirste sna 1980idí a thosaigh an t-aistear mar ba cheart. Bhí mé ag foghlaim Gaeilge i gCumann Chluain Ard i mBéal Feirste agus ní raibh deireadh leis an chaint ar thábhacht na Gaeltachta agus ar thábhacht Rann na Feirste go háirithe. B’éigean duit dul siar chun na Gaeltachta. B’éigean duit snas a chur ar do chuid Gaeilge.

Thug duine de shaoistí an chumainn, thug sé cóip de leabhar Sheosaimh Mhic Grianna dom, Pádraic Ó Conaire agus Aistí Eile. Saor in aisce. Ba mhaith an bronntanas é. Tá an leabhar agam le dhá scór bliain, beagnach. I Rann na Feirste a tháinig Mac Grianna ar an tsaol. Go Rann na Feirste a chuaigh mise, mar chinnire i gColáiste Bhríde, coláiste samhraidh. Sé nó seacht de bhlianta a chaith mé sa cheantar, gach aon samhradh, Iúil agus Lúnasa, agus tréimhsí fada faoin Cháisc fosta.

Chuala tú an nath sin: Éist do bhéal. Is maith liomsa sin. Bí i do thost. Bí ciúin. Éisteann tú do bhéal. D’éist mé mo bhéal. Léigh mé. Shiúil mé. D’éist mé. Labhair mé le duine ar bith a bhí éigiallta go leor éisteacht liom. Bhí gean ag na mná tí orm nó bhí mé múinte. Bhuailinn cnag ar an doras agus d’fhanainn go ligfeadh siad isteach mé agus mé ar patról na hoíche. Thaitin an dea-mhúineadh leo, creidim.

Shiúil mé na háiteacha a shiúlann turasóirí i Rann na Feirste, mála ar mo dhroim, ag déanamh m’anama. Shiúil mé an bealach ar fad go Gaoth Dobhair lá, achar fada. Tá daoine muinteartha do mo chuid ina luí i reilig Mhachaire Gathláin agus bhí fonn orm bláthanna a fhágáil ar an uaigh agus paidir a chur lena n-anam. Shiúil mé mar a shiúladh na glúnta Conallacha; shiúil mé mar a bheadh carachtar as Caisleáin Óir ann.

Chonaic mé Seosamh Mac Grianna i Rann na Feirste. Bhí sé i láthair féile a reáchtáil an pobal. Tháinig sé ar an stáitse sa choláiste samhraidh. Labhair sé. Focal níor chuala mé. Róchúthail a bhí mé le forrán a chur air. Dúirt duine de bhunadh na háite liom gur dhúirt sé nach raibh “an mhuintir óga réabhlóideach go leor”.

Ba den mhuintir óga mise an t-am sin. Níl a fhios agam an raibh mé réabhlóideach go leor ach tá fad saoil caite agam ag scríobh i nGaeilge ó shin: “Bhí sé tuigthe agam an t-am sin gur dhual dom féin leabhair a scríobh. Bhí a lán píosaí beaga scríofa agam ó bhí mé ceithre bliana déag; ach má bhí, ní fá choinne a gcur gos ard.” (Pádraic Ó Conaire agus Aistí eile, le Seosamh Mac Grianna)

Fág freagra ar 'MISE AGUS AN GHAELTACHT: ‘Labhair mé le duine ar bith i Rann na Feirste a bhí éigiallta go leor éisteacht liom’'

  • Eoghan Ó Néill

    Píosa an-suimiúil dea-scríofa. Dearfainn nár fhoghlaim tú í ar chor ar bith ach go raibh do chroí oscailte do ghaoth na teanga nuair a chuala tú í agus gur rug sí greim ort amhail bairnigh ar charraig ar an chladach. Chuala muinteoir ag rá gur chur sé ionadh uirthí go mbeadh beirt nó triúir sa rang a phioc suas an ghaelig amhail dá mbeadh siad prógramáilte fána coinne.