‘Míorúilt é nár maraíodh aon duine’ – círéibeacha cáinte ag Airí i gcomhráiteas

D’éiligh Feidhmeannas agus Tionól Stormont ar dhaoine deireadh a chur láithreach leis an bhforéigean ‘do-ghlactha’ a bhí ann le seachtain

‘Míorúilt é nár maraíodh aon duine’ – círéibeacha cáinte ag Airí i gcomhráiteas

Tá rún rite d’aon ghuth ag Tionól an Tuaiscirt ag impí ar dhaoine deireadh a chur láithreach leis an bhforéigean a bhí ann le seachtain.

Iarradh ar bhaill Thionól Stormont filleadh ó shos na Cásca i bhfianaise na gcíréibeacha is déanaí a tharla thart ar bhalla síochána in iarthar Bhéal Feirste.

Le linn an fhoréigin aréir, fuadaíodh bus agus cuireadh trí thine é agus deineadh ionsaí ar ghrianghrafadóir preasa.

Gortaíodh ochtar póilíní. Dúirt an PSNI go raibh lámh ag paraimíleataigh sa scliúchas a raibh thart ar 600 duine páirteach ann. 

Dúirt LeasChéad-Aire an Tuaiscirt Michelle O’Neill gur “míorúilt” ba ea é nár maraíodh aon duine sna círéibeacha le roinnt laethanta anuas.

Dúirt an Chéad-Aire Arlene Foster nach bhféadfaí glacadh leis an bhforéigean.

Chuir Príomh-Chonstábla an PSNI, Simon Byrne, airí Stormont ar an eolas faoi na caismirtí is déanaí ag cruinniú speisialta ar maidin agus eisíodh comhráiteas ón bhFeidhmeannas ina dhiaidh sin. 

“Is údar mór imní dúinn an méid atá feicthe againn go léir ar ár sráideanna le seachtain anuas, na heachtraí ag interface Lanark Way aréir san áireamh. Údar náire na hionsaithe ar phóilíní, ar sheirbhísí poiblí agus ar an bpobal agus caithfear stop a chur leo.

“Ní féidir glacadh le scrios, foréigean agus bagairt an fhoréigin agus tá a leithéid do-chosanta is cuma cad iad na cúiseanna imní atá sna pobail.”

Dúradh sa chomhráiteas nach raibh “slí ar bith sa tsochaí” do dhaoine a bhain “mí-úsáid” as páistí chun na hionsaithe seo a dhéanamh.

“Bíodh is go bhfuil meon an-difriúil ó thaobh na polaitíochta againn i dtaca le ceisteanna go leor, táimid ar fad aon intinn gur gá tacú leis an riail agus an reacht agus dearbhaímid le chéile ár dtacaíocht don phóilíneacht agus do na póilíní atá á gcur féin sa bhearna baoil ar mhaithe le daoine eile a chosaint.” 

Tá an milleán as an bhforéigean á chur ar an bhfearg atá ar dhaoine i gceantair dhílseacha faoin bPrótacal iarBhreatimeachta agus faoin tslí ar láimhseáil an PSNI líomhaintí gur sháraigh polaiteoirí de chuid Shinn Féin srianta Covid-19 ag sochraid an Phoblachtánaigh Bobby Storey.

Dúirt an tAire Dlí Naomi Long gur “mí-ionracas” mar gheall ar an mBreatimeacht a chothaigh an teannas. 

Tá sé curtha i leith páirtithe aontachtacha gur chabhraigh siad le cothú an teannais sin a spreag na círéibeacha is measa ó agóidí na mbrat in 2013.

Deirtear gur cuireadh leis an teannas nuair a éilíodh go n-éireodh Príomh-Chonstábala an PSNI as a phost as “fabhar” a thabhairt do Shinn Féin.

Maítear chomh maith gur chothaigh an DUP trioblóid agus teannas chun an nimh a bhaint as an bhfearg atá  i measc dílseoirí leis an bpáirtí mar gheall ar an ról a bhí acu i gcruthú teorann i Muir Éireann. 

Fág freagra ar '‘Míorúilt é nár maraíodh aon duine’ – círéibeacha cáinte ag Airí i gcomhráiteas'