Thug an Feisire Angus Mac Neil, ó Pháirtí Náisiúnach na hAlban (an SNP), mionn Westminster i nGáidhlig, Gaeilge agus Béarla de réir teachtaireacht a scríobh sé ar Twitter aréir.
Tugadh le fios ar an gcuntas @AngusMacNeilSNP tráthnóna inné gur gheall sé a dhílseacht do Bhanríon Shasana, a hoidhrí, agus iadsan a thógfaidh a háit i “péire de na teangacha is sine sna hoileáin amach ón mBreatain agus i mBéarla freisin”.
So just swore my oath in 2 of the older languages of the islands off Britain amd also in English #ScottishG#IrishG#Beurla
— Angus B MacNeil MP (@AngusMacNeilSNP) May 19, 2015
Mar seo a dúírt an Feisire i nGáidhlig: “Tha mi a mionnachadh air Dia Uilechumhachdach gum bi mi díleas agus daingeann d’a Mórachd, a’ Bhan-Rígh Ealasaid, a h-Oighrean agus Iadsan a thig na h-Áite, a’réir an Lagha. Dia gam chuideachadh” – mionn Westminster
Tuairiscíodh an tseachtain seo caite go raibh roinnt mhaith ball de Pháirtí Náisiúnach na hAlban míshásta go raibh orthu a bhfocal dílis a thabhairt don Bhanríon. Is do mhuintir na hAlban a thugtar an mionn i bParlaimint na hAlban agus is mionn den chineál sin a theastaigh ó chuid de na baill tofa.
Ní bheadh cead ag feisirí Westminster labhairt le linn díospóireachtaí parlaiminte ná a vóta a chaitheamh gan an mionn a thabhairt agus gearrtar pionós £500 ar bhaill nach dtugann. Bíonn an cead acu mionn nach luann Dia a thabhairt más mian leo.
Is é Angus Mac Neil an feisire Westminster do Na h-Eileanan an Iar, i nGaeltacht na hAlban. Toghadh ina fheisire arís é chomh maith le 55 ball eile den SNP in olltoghchán na Breataine níos luaithe an mhí seo. Tá sé ina fheisire Westminster ón mbliain 2005.
Rg
Tapaidh leibh a Mhàghistir MhicNèil. Míle buíochas leat. Thank you.
Seosamh Ó Cearúlláin
An bhfuil físeán ar fáil an Fheisire ag cur an mionn i Gaeilge na hAlban? Go raibh maith agat.