Liú an Uaignis
Mol an óige? Níor moladh Dave Heath (1931-2016) agus é ina gharsún. Scar a thuismitheoirí agus é ina thachrán agus tógadh i ndílleachtlanna éagsúla é.
Ní haon ionadh mar sin agus é ina ghrianghrafadóir sráide féinoilte go n-aimseodh sé an t-uaigneas i ndaoine eile, mar is léir ó chlúdach agus teideal an tsárleabhair aige A Dialogue with Solitude
(Lumiere Press a d’fhoilsigh)
Deirtear gur saothar dírbheathaisnéise é gach saothar ealaíne. Níl a fhios agam cé a dúirt i dtosach é, an scannánóir Fellini seans.
Sháraigh Dave na deacrachtaí móra ina shaol agus thuill cáil dó féin ar deireadh mar ghrianghrafadóir. D’fhorbair sé teicnící priontála chomh maith, mar shampla tuaradh – conas cuid de chúlra grianghraif a dhó, nó aghaidh a dhéanamh níos báine.
Bhí sé sásta glacadh le jabanna suaracha, gréithe a ní, chun an dé a choimeád ann féin. Ní dhíolfadh sé é féin ná a shaothar go rialta le hirisí – bhí gairm aige, aisling, agus bhí sé tiomanta don aisling sin.
Bhí an t-uaigneas mar chompánach aige fiú agus é ina shaighdiúir sa Chóiré, mar is léir ón bportráid álainn a ghlac sé de shaighdiúir – ní ar pháirc an áir mar a léirigh fóta-iriseoirí de ghnáth, ach é ina champa istoíche:
Geimhreadh nach dtagann deireadh leis go deo
Bright Black World an teideal atá ar mhonagraf le Todd Hido (clúdach crua, $75 a luach, 104 leathanach, 48 grianghraf daite, foilsithe ag Nazraeli Press).
Is dócha go bhfuil Scandi noir mar sheánra againn ó aimsir scannáin Ingmar Bergman agus tá an-rogha de shraitheanna bleachtaireachta agus eile curtha ar fáil ag Netflix le blianta beaga anuas; tá leabhair ó Chríoch Lochlann ar sheilfeanna na siopaí leabhar i gcónaí.
Tá na Lochlannaigh ar ais – b’fhéidir nár fhágadar riamh. Tiocfaidh rud eile ina n-áit ar ball, is dócha, ach idir an dá linn tá curtha acu go mór le cultúr na scannánaíochta, na litríochta agus na siamsaíochta, i measc rudaí eile.
Tá tionchar Chríoch Lochlann le brath ar shaothar grianghrafadóirí chomh maith. Ceann de na coincheapa atá laistiar de shaothar éachtach an Mheiriceánaigh Todd Hido ná Fimbulwinter, geimhreadh síoraí. Is caitheamh aimsire laethúil agamsa haiku a chur le grianghraf ealaíne, mar shampla an haiku seo atá ag freagairt do ghrianghraf de chuid Hido:
geimhreadh . . .
ní thuirlingíonn préachán ar bith
ar an gcrann lom seo
Aistriúchán eile ar Fimbulwinter (nó Fimbulvetr) is ea ‘geimhreadh mór’. Is téama é i miotaseolaíocht na Lochlannach agus meastar gur athrú aeráide sa séú haois a bhí laistiar de. Níl aon ní úr faoin spéir!
====================
Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEASANNA: Liú an uaignis agus an geimhreadh nach dtagann deireadh leis go deo…'