MIONLÉIRMHEAS: Tá Rí an racanróil marbh, go maire an Rí!

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, leabhar faoi lucht leanúna Elvis agus leabhar faoi striapach

MIONLÉIRMHEAS: Tá Rí an racanróil marbh, go maire an Rí!

Cultas Elvis! Tá sé gach áit. Níl aon dabht ná gurb é Elvis an Rí. Agus cé atá ina Banríon? Éilís II. Sea, tá na mílte scéilíní grinn ann mar gheall ar Elvis, an chuid is mó acu go hainnis.

Imíonn na blianta ach fanann lucht leanúna Elvis. Breis is dhá scór bliain i ndiaidh a bháis. Tá ábhar leabhair ansin, cinnte, agus sin atá againn le Thank God for Elvis leis an ngrianghrafadóir Gavan Goulder, Black Dog Photobooks na foilsitheoirí.

Níl Goulder féin róthógtha le hElvis ach tá an-spéis aige sna daoine a cheapann gur dia beag é rí racanróil (nó racánról mura dtaitníonn an saghas sin ceoil leat).

Bhuel, níl a fhios agam an dia é Elvis ach an raibh a fhios agat gur leagan gallda d’ainm Gaelach é Elvis? Sea, go deimhin, ó Naomh Ailbhe a thagann an t-ainm Elvis!

 

Níl aon rud úr faoin spéir! Ó, nach bhfuil anois?

Nach mion minic a deirtear é, ‘Níl aon rud úr faoin spéir.’ Ach ansin, ó am go chéile, baintear preab asainn agus ní mór dúinn a rá linn féin, ‘Ní fhaca mé – nó níor léigh mé – aon rud mar seo cheana.’

Agus is mar sin a bhraithim faoin leabhar diamhair seo, Shinobu le Daido Moriyama, foilsithe ag Akio Nagasawa Publishing.

Leabhar as sraith leabhar faoi striapach is ea é seo – nó oibrí gnéis mar a thugtar inniu ar a leithéid – bean darbh ainm Shinobu as ceantar Shinjuku na príomhchathrach, Tóiceo.

Bean ab ea í a bhí an-tógtha le bláthanna. Ní fhaca Moriyama le deich mbliana anuas í. Smaoiníonn sé uirthi anois is arís. Is é atá sa leabhar seo ná portráid di mar is léir dá chuimhne í.

Seapánach amháin, measaim, a smaoineodh ar ábhar leabhair a dhéanamh as a leithéid. Ní dóigh liom go rithfeadh sé le héinne againne, dá mba ghrianghrafadóirí sinn, athchruthú den sórt sin a dhéanamh.

Is duine de mhórealaíontóirí ár linne é agus más spéis leat grianghrafadóireacht neamhghnách, caith tamall anseo.

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Tá Rí an racanróil marbh, go maire an Rí!'