MIONLÉIRMHEAS: Stop na tancanna le leabhair – íomhánna ón Úcráin

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, grianghraif ón Úcráin

MIONLÉIRMHEAS: Stop na tancanna le leabhair – íomhánna ón Úcráin

Ní fhaighimse sásamh ar bith as íomhánna teilifíse ón Úcráin: ní fheictear ach an scrios is an ainnise. Ach i leabhar Mark Neville tá seans againn breathnú ar Úcránaigh agus comhbhá éigin a dhéanamh leo:

Canann na daoine óga seo i gcór eaglasta i gCív. Sa bhliain 2017 a tógadh an grianghraf breá seo. Cathain a bheidh siad ag canadh arís? Stop Tanks with Books an teideal atá ar leabhar Neville.

Is féidir síntiús a chur chuig Crois Dhearg na hÉireann chun cabhrú le muintir na hÚcráine.

Bleá Cliathach a Chuaigh Siar

Is beag cur amach a bhí ag an ngrianghrafadóir Baile Átha Cliathach Thomas Fitzgerald ar Iarthar na hÉireann. Le linn na paindéime, shíl sé go raibh sé in am aige dul siar agus eolas a chur ar chuid de Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Tá toradh an aistir sin ar a bhlag.

Chuir Boireann an Chláir faoi dhraíocht é:

Táimid féin dall ar chuid mhaith de thírdhreacha na hÉireann toisc go bhfuil na híomhánna céanna feicthe rómhinic againn. Tasc an ghrianghrafadóra ná radharc úr a thabhairt dúinn ar sheanradharc, ar nós Aillte an Mhothair:

Is féidir cuairt a thabhairt ar chartlann an ghrianghrafadóra anseo.

Ní bheinn róthógtha leis an gcur síos scríofa a dhéanann an Gearaltach ina bhlag ach ní féidir locht a fháil ar an gcuid is fearr de na grianghraif ann:

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Stop na tancanna le leabhair – íomhánna ón Úcráin'