Is fóta-iriseoir í Smita Sharma. Nuair a bhí gáinneáil ar leanaí á fiosrú aici, bhuail sí le Meena, cailín scoile óg as an mBeangáil Thiar san India. D’inis Meena
di gur ag siúl abhaile ón scoil a bhí sí lá amháin nuair a bhuail fear bleid uirthi. Gheall sé na hoirc is na hairc di, mheall sé le féiríní í agus gheall sé go bpósfadh sé í.
Seachtain ina dhiaidh sin, i ndrúthlann a bhí sí, míle míle ón mbaile.
Mór-roinn na hAfraice agus an diaspóra Afracach trí shúile grianghrafadóirí atá sa leabhar seo, agus an coilíneachas mar lárphointe ann. Tá portráidí anseo, cartes de visite, cártaí poist agus go leor eile a iniúchann cúrsaí inscne agus gnéis, ciníochas, stádas sóisialta, cúrsaí polaitíochta, imirce agus cogaíochta, chomh maith leis an tírdhreach nádúrtha agus an timpeallacht thógtha.
Grianghraif le Smita Sharma
Foilsithe ag FotoEvidence, 2023
Teanga: Béarla, Hiondúis agus Beangáilis
Toisí: 6×8¼”
An Afraic agus a Diaspóra
Foilsithe ag Steidl
In eagar agus téacs scríofa ag Elvira Dyangani Ose
Dearadh: Gabrielle Guy
200 lch, 232 íomhá
Toisí: 6.75 x 9 ”
Clúdach bog
ISBN 978-3-96999-087-2
Luach € 30.00
We Cry in Silence
Events of the Social: Portraiture and Collective Agency African Photography from The Walther Collection
Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Scéal agus íomhánna a bhrisfeadh do chroí'